Na cumainn Ghaeltachta a bhí ina máistrí ar an gcontae

Is i nDún na nGall is mó a gheobhaidh tú clubanna Gaeltachta a bhfuil sé le rá acu gur thugadar craobh shinsir peile an chontae abhaile

Na cumainn Ghaeltachta a bhí ina máistrí ar an gcontae

Is beag contae nach bhfuil tús curtha le Craobhacha Sinsearacha Peile a gClubanna ann faoi seo. Is ar bhonn sraithe a imrítear a mbunáite sa lá atá inniu ann rud a fhágann seans fós ag formhór na n-iomaitheoirí ar an gcorn a thabhairt abhaile leo.

Ó chaill Rinn Ó gCuanach a stádas sinsearach iomána in 2018, is ar na craobhacha peile atá na clubanna sinsearacha ar fad atá sna seacht gcontae Gaeltachta ag díriú na laethanta seo.

Tráthúil go leor is í Craobh Shinsir Peile Phort Láirge an ceann is ársa díobh sin ar fad. Ní raibh Cumann Lúthchleas Gael ar an bhfód ach bliain nuair a bhuaigh Baile na Sagart ar Chionn tSáile Beag i gcluiche ceannais 1885.

Sna blianta a lean a tosaíodh ar na craobhacha sinsir peile i gCorcaigh agus i gcontae na Mí (1887), i Maigh Eo (1888) i gCiarraí agus i nGaillimh (1889). Cé go raibh Coiste Contae bunaithe i nDún na nGall ón mbliain 1905 ba ar bhonn réigiúnach a reáchtáladh na comórtais i dtús aimsire agus níor imríodh an chraobh contae ba thúisce ansin go dtáinig 1920 nuair a bhuaigh Bun Dobhráin ar Chúil na gCuirridín.

Ba é Cluain Droichid an chéad pharóiste Gaeltachta in Éirinn ar tugadh craobh shinsir peile dó nuair a bhuaigh siad i gCorcaigh sa mbliain 1891. Ní hamháin sin ach ina dhiaidh sin bhuaigh siad ar Bhaile Mhic Ealagóid agus ar Dhún Garbhán gur chuir Craobh na Mumhan leis sin agus áit i gCluiche Ceannais na hÉireann.

2-9 a bhí scóráilte ag Cluain Droichid agus 2-1 ag na hÉireannaigh Óga (BÁC) nuair a chríochnaigh sin. Bhí uaireanta an chloig caite nuair a d’fhógair an réiteoir go raibh ceann de na cúil a fuair na Corcaígh le cealú. De réir rialacha na linne, d’fhág sin go mba ag foireann na príomhchathrach a bhí an bua – croitheadh a bhaint as an eangach an príomhrud ag an am agus ní thagadh na cúilíní i gceist ach i gcásanna gurbh ionann líon na gcúl.

Rud suimiúil eile atá le feiceáil as imeachtaí na linne is ea go mba ar an lá céanna a imríodh an babhta leathcheannais agus an babhta ceannais – Feabhra 1892.

Go dtáinig 1970 ba chumainn as cathair agus as iarthar Chorcaí ba mhinice a bhuaigh an chraobh shinsir sa gcontae sin. An bhliain sin rinne Múscraí agus cúigear as Cumann Naomh Abán ar an liosta acu an gaisce – Micheál Ó Scanaill, Diarmuid Ó Luasa, Diarmuid Ó Loingsigh, Colmán Ó Tuama agus Seán Ó Maoláin.

Is i nDún na nGall is mó a gheobhaidh tú clubanna Gaeltachta a bhfuil sé le rá acu gur thugadar craobh shinsir peile an chontae abhaile. Ní raibh ach dhá imirt déanta ar an gcomórtas nuair a rinne Ard an Rátha sin i 1923. Seacht n-uaire eile atá an gaisce déanta ó shin acu, cé go bhfuileadar ag troscadh ó 2004.

Folamh freisin a bhí Gaoth Dobhair ar feadh tréimhse is faide ná sin (1962-2001), ach fágann trí chraobh ó thús na mílaoise go bhfuil sin buaite acu 15 uair ar fad, ar comhchéim le Naomh Adhamhnán.

Ba iad na cumainn chéanna sin a d’imir a chéile i chuile chluiche ceannais idir 1944 agus 1949. Maireann eachtraí na mblianta sin beo fós i mbailte fearainn idir an Tor agus Cnoc Fola, Mín na gCopóg agus Gabhla. Iontu siúd déarfar leat go mba ag fir na ngeansaithe uaine a bheadh an bua i chuile cheann acu murach tubaiste a bhuail iad i 1948 – liathróid a shleamhnaigh trí lámha cosantóra as a bhfuair Naomh Adhamhnán an cúl cinniúnach.

Ar na cumainn Ghaeltachta eile a bhfuil Craobh Shinsearach Peile Dhún na nGall buaite acu tá an Clochán Liath (7), Cill Chárthaigh (6), Naomh Conall (5) agus Naomh Columba (2).

Ar bhruach an Atlantaigh agus ar cholbha na Gaeltachta i dTuaisceart Mhaigh Eo atá paróiste Bhaile an Chaisil – tá Béal Deirg ag an gceann thiar thuaidh de sa nGaeltacht. I 1936 bhuaigh Baile an Caisil Craobh Shinsir Peile an chontae den chéad uair riamh. Faoi dhó sna trí bliana a lean rinne siad an gaisce arís. Ar fhoireann 1939 bhí ógánach 18 bliain, Tom Langan, a roghnaíodh ar fhoireann peile na Mílaoise. 

Ar bhruach Loch Coirib tá paróiste eile a bhfuil stráice de sa nGaeltacht. Eanach Cuain a tugadh san amhrán air nó Eanach Dhúin go hoifigiúil. Ag Réalta Thuama, Naomh Greallán, Béal Átha na Sluaighe agus ag Cumann Mhic Éil as an Dún Mór a bhí forlámhas ar Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe gur bhuaigh Eanach Cuain é i 1931. Faoin am sin bhí 31 craobh buaite eatarthu ó cuireadh tús leis an gcomórtas in 1889.

Bhí os cionn trí scór bliain eile caite sular thug an Cheathrú Rua Corn Phroinsiais Mhic an tSionnaigh go ceartlár Chonamara agus dhá bhliain ó shin bhuaigh Maigh Cuilinn é. Tá Carna-An Caiseal agus Naomh Pádraig an Fhairche ar chumainn ón nGaeltacht a chlis ag an léim dheireanach.

Ar leithinis Chorca Dhuibhne atá fáil ar an gcumann peile nach bhfuil aon ghá lena ainm a mhíniú. Rud a fhágann ag tochas mo mhullaigh mé mar sin féin is ea go bhfuil sé os cionn scór bliain ó bhuaigh siadsan an chéad cheann den dá chraobh atá acu (2000 agus 2002).

Ábhar iontais níos mó ná sin is ea nár éirigh le Daingean Uí Chúis craobh an chontae a bhuachan ó 1948. Ba iadsan ba thúisce a thug sin chun na Gaeltachta i 1938 agus as sin go ceann deich mbliana rinne siad an gaisce cúig uaire eile.

Bhí triúr peileadóirí a chaith geansaí an Daingin i lár na páirce nuair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1942 – ní iontas sin a deir tú. Ach féach nach raibh Ciarraí san iomaíocht beag ná mór – Joe Mac Gearailt agus Mick Falvey ag saothrú d’Áth Cliath, Dan Learaí Ó Cíobháin do Ghaillimh.

Tá Baile Ghib i bparóiste Bhaile Órthaí/Chill Bhearaigh, leath bealaigh idir an Uaimh agus Ceannanas Mór. Nasc na trí chumann le chéile i 1975 faoin ainm Wolfe Tone [Bhulf Tón] agus bhuaigh Craobh na Mí in 2006 agus arís an bhliain seo caite, rud a fhágann gurb iadsan faoi láthair an t-aon chumann sa nGaeltacht atá i seilbh craobh shinsir peile a gcontae.

Níor éirigh le ceachtar d’fhoirne Gaeltachta Phort Láirge craobh shinsir peile an chontae sin a bhreith leo. An Seanphobal ba ghaire a chuaigh dó nuair a bhuaigh Cill Rosana orthu i 1950.

Fág freagra ar 'Na cumainn Ghaeltachta a bhí ina máistrí ar an gcontae'