‘Ná cuirimis soicind amháin eile amú’ – gníomh práinneach faoin athrú aeráide lorgtha ag Cop27

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfadh ceannairí an lae inniu leithscéal a dhéanamh den aineolas mar go raibh ‘an eolaíocht soiléir’

‘Ná cuirimis soicind amháin eile amú’ – gníomh práinneach faoin athrú aeráide lorgtha ag Cop27

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin le ceannairí domhanda inniu go gcaithfí níos mó ceannaireachta a léiriú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus deireadh a chur leis an scamall imní atá os cionn daoine.

“Mar cheannairí, caithfimid ceannaireacht a léiriú,” a dúirt an Taoiseach agus é ag caint  in Sharm El Sheik na hÉigipte ag an gcuinniú mullaigh faoin athrú aeráide, Cop27.

“Éireoidh ár gcuid saoránach níos ciniciúla, níos tugtha agus níos éadóchasaí mura ndéantar beart de réir briathair, mura ndéantar na geallúintí faoi shaol nua a chomhlíonadh.Feicfimid agus tuigfimid go bhfuil an domhan ag athrú timpeall orainn cheana féin.”. Dúirt Micheál Martin nach maithfeadh an chéad ghlúin eile é don ghlúin seo ceannairí mura ndéanfaí gníomh práinneach.

Gheall an Taoiseach ina chuid cainte san Éigipt go gcuirfeadh an tír seo €225 milliún ar fáil do na tíortha is measa atá buailte as seo go 2025. Cuirfear €10 milliún de sin ar fáil an bhliain seo chugainn le cuidiú le tíortha bochta iad féin a chosaint ar an athrú aeráide. Dúirt an Taoiseach nach bhféadfadh ceannairí an lae inniu leithscéal a dhéanamh den aineolas mar go raibh “an eolaíocht soiléir”.

“Ná cuirimis soicind amháin eile amú,” a dúirt Martin. Feilméaracht nach ndéanann dochar don timpeallacht, bithéagsúlacht agus aisfheistiú tithe cuid de na beartais a chuideoidh leis an tír seo a spriocanna a bhaint amach, a deir an Taoiseach.

Bhí Martin ar dhuine de scata ceannairí a labhair amach ag cruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe faoin bpráinn a bhaineann leis an athrú aeráide.

“Táimid ar an mbóthar go hIfreann agus an chos go hurlár againn ar an luasaire,” a deir Ceannasaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres.

“An ceart atá uainn agus ní déirce ná cuidiú,” a dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Pacastáine, Bilawal Bhutto Zardari.

B’amhlaidh a bhí le rá ag Príomh-Aire Barbados, Mia Mottley.

“Tá an chuid ó dheas den domhan fós faoi thoil an domhain ó thuaidh. Is beag idir an saol anois agus saol na n-impireachtaí. Íocann tíortha an tuaiscirt ús ag ráta 1- 4% agus íocann muide ó dheas ús ag 14%. Nach beag an t-iontas nach n-oibríonn na comhaontuithe fuinnimh?”

Tá airgead is cúiteamh á lorg ag na tíortha bochta is measa atá buailte chun cuidiú leo éirí as breosla iontaise, dul in oiriúint don athrú aeráide agus iad a chúiteamh as an dochar atá déanta dá dtíortha ag an athrú aeráide.

I láthair ag an gcomhdháil chomh maith bhí feachtasóir óg as Úganda, Leah Namugerwa, a d’fhiafraigh de na ceannairí céard a bhí á dhéanamh acu.

“Milliún crann a chur” an sprioc atá ag an mbean óg seo agus ní raibh sí ach 15 bliain d’aois nuair a thosaigh sí ar an obair sin. Tuilte is sciorradh talún a mharaigh daoine a raibh aithne aici uirthi a spreag í agus a léirigh go soiléir di go scriosfaidh an t-athrú aeráide a pobal mura ndéanfaí gníomh láithreach.

Fadhb sláinte é téamh an domhain freisin mar go ndeir an eagraíocht Save the Children go bhfuil imní is buairt aeráide ar 70% de leanaí na Ríochta Aontaithe.

In 2015 i bPáras a chinn tíortha téamh an domhain a choinneáil chomh fada agus ab fhéidir faoi 2 chéim Celsius ach trí bliana ina dhiaidh sin chinn an IPCC, Painéal Idir-Rialtais ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe, nár chóir don teas a ghabháil thar 1.5 céim breise.

Mí Feabhra i mbliana drochscéal eile a bhí ag an bPainéal sin dúinn mar go raibh cuid den dochar a bhí déanta “ó leigheas” agus bail “an-leochaileach” ar 40% de dhaonra an domhain de bharr tuilte, tonnta teasa agus stoirmeacha.

Sa mbliain 2009 gealladh $100 billiún sa mbliain do thíortha atá i mbéal forbartha le tabhairt faoi bheartais ar son na haeráide roimh 2020. Níor íocadh an sprioc sin aon bhliain fós. Mheabhraigh Uachtarán Macron na Fraince do na toscairí ag COP 27 go gcaithfí glacadh leis an “dlúthpháirtíocht airgeadais” sin cé nach n-íocann tíortha na Náisiún Aontaithe faoi láthair ach thart ar leath dár gealladh. Caithfear, a deir Macron “ceartas aeráide” a roinnt.

Tá rún ag an iarUachtarán Máire Mhic Róibín freastal ar an gcomhdháil an tseachtain seo chugainn ach dúirt sí nach raibh an “toil pholaitiúil” ann an rud ceart a dhéanamh agus go raibh muid ar “an ród contráilte” agus an iomarca den “éadóchas agus an scéal fada ar an anró” le cloisteáil seachas díriú ar an obair thábachtach atá ar siúl ag pobail is tíortha éagsúla.

Tá léaró dóchais le fáil ag COP 27 mar go bhfuil an chuma air go bhfuil na ceannairí tiomanta na gealltanais atá á dtabhairt ó Kyoto i 1992 a chomhlíonadh faoi dheireadh. Is geall le caidhp bháis ar bhreosla iontaise an cogadh san Úcráin.

Fág freagra ar '‘Ná cuirimis soicind amháin eile amú’ – gníomh práinneach faoin athrú aeráide lorgtha ag Cop27'

  • Eoghan Ó Néill

    Is é Micheál an fear gur éirigh leis an t-aer a ghlanadh sa láthar oibre agus sna pubanna. Seans go mbeidh sé in ann athruithe meoin a spreagadh chun gearradh siar ar sceitheadh CO2, CH4 (méatain) etc. agus méadú ar insliú tithe, plandáil coillte measctha, na haibhneacha a dhéanamh folláin arís.