Na cúigí go léir ag súil le bua don tríú deireadh seachtaine as a chéile

Is ag Cúige Mumhan agus ag Cúige Chonnacht is mó atá dúshlán le sárú i mBabhta 4 de chomórtais na hEorpa

Na cúigí go léir ag súil le bua don tríú deireadh seachtaine as a chéile

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Don dara deireadh seachtaine as a chéile d’éirigh le cúigí na tíre seo an lámh in uachtar a fháil ar an bhfreasúra. Ní hamháin sin, d’éirigh leo an bua sin a chinntiú agus iad ag imirt i gcoinne freasúra a bhí sách láidir, cé is moite de chás na gConnachtach b’fhéidir.

Bhí an t-ádh ar na hUltaigh agus iadsan as baile i gcoinne na Scarlets. Níor scar ach pointe amháin na foirne ag deireadh an ochtó nóiméad ach ba leor sin d’fhir Bhéal Feirste. Chuir an bua sin ar ais san iomaíocht iad i nGrúpa 4, áit ina bhfuil siad cúig phointe taobh thiar de Racing 92, foireann atá ar bharr an tábla sin. Tá na Scarlets as an rása anois. Ní dóigh go mbeidh mórán suime acu i gcluiche an lae inniu i gcoinne na nUltach. Ó tharla gur i mBéal Feirste a bheas an cluiche sin, is deacair toradh ar bith seachas bua d’fhir an bhaile a thuar.

Is ar an Satharn a bheas an dá chúige eile atá san iomaíocht i gCorn na gCuradh ag dul chun páirce. San Aviva a bheas Cúige Laighean ag cur fáilte roimh Bath in athimirt ar chluiche an deireadh seachtaine seo caite. Bhain Bath croitheadh as Cúige Laighean agus iadsan sa mbaile i mBabhta 3. Go deimhin bhí a ndóthain le déanamh ag na curaidh bua le seacht bpointe a chinntiú, le go gcuirfidís ceithre phointe eile ar an tábla. Ach an oiread leis na hUltaigh is éacht ann féin é bua de chineál ar bith a fháil agus tú as baile sa gcomórtas seo. Fágann sin go bhfuil seans iontach eile ag fir Átha Cliath an Satharn seo. Tá mise ag tuar bua do na Laighnigh agus tá mé ag tuar ceithre úd agus na pointí iomlána dóibh freisin.

hionann an cás do na Muimhnigh é. Ar dheisceart na Fraince atá a dtriall an deireadh seachtaine seo. Bhí bua éasca acu an deireadh seachtaine seo caite ach mar sin féin níor éirigh leo an ceathrú úd a shlánú ainneoin go raibh an chuid is mó de sheilbh na liathróide acu. Ní hamháin sin ach bhí neart nimhe agus teannais sa gcluiche sin. Cuirfidh sin leis an mbrú a bheas orthu an Satharn seo agus iad sa tóir ar bhua eile. Níor imir na Muimhnigh chomh maith sin an deireadh seachtaine seo caite, caithfidh siad é sin a cheartú más leo aon phointe a thabhairt abhaile ón bhFrainc leo.

Tá fir na Gaillimhe sa mbád céanna. Ar an Aoine seo beidh siadsan ag imirt sa bhFrainc freisin i gcoinne Perpignan. Cinnte, bhí bua le bearna réasúnta (22- 10) ag na Connachtaigh ar na Francaigh an Satharn seo caite nuair a chas siad ar a chéile i mBabhta 3 ar an mBóthar Beag. Mar sin féin is fiú a mheabhrú gur foireann dara nó tríú rogha a thug Perpignan leo don chluiche sin.

Mar sin féin, níl ach dhá pointe aimsithe ag na Francaigh sna trí chluiche a d’imir siad go dtí seo. Níl seans na ngrást acu cáiliú as na réamhbhabhtaí seo.  Ba cheart go mbeadh na Connachtaigh in ann teacht i dtír ar an easpa suime sin. Ach má imríonn siad mar a rinne siad i mBabhta 3, ní dóigh gur leor sin.

Fág freagra ar 'Na cúigí go léir ag súil le bua don tríú deireadh seachtaine as a chéile'