Beidh sos cúig seachtaine san URC ach a mbeidh cluichí Bhabhtaí 6 den chomórtas a imreofar an deireadh seachtaine seo thart. Mar sin féin, ní mórán de scíth a bheas ag imreoirí phainéal idirnáisiúnta an fhómhair a d’fhógair Andy Farrell i rith na seachtaine. Beidh orthu sin ceithre chluiche a imirt, ag tosú leis an gceann i gcoinne na nAll Blacks ar an 8ú lá Samhain.
Na Muimhnigh is túisce de na cúigí a bheas ag dul chun páirce inniu agus iad i gcoinne na Sharks i Durban. Ní dóigh go mbeidh Cúige Mumhan pioc sásta lena gcuid iarrachtaí i mBabhta 5 nuair a lig siad do phointe bónais cailliúna sciorradh uathu de bharr fíorlag-iarracht sna nóiméid dheireanacha. Is deacair a rá an mbeidh siad in ann é sin a cheartú. Cinnte, tá Cúige Mumhan trí áit níos airde ar an tábla ná na Sharks, foireann a bhuaigh dhá chluiche as ceithre iarracht, i gcomparáid leis na trí bhua atá ag Cúige Mumhan as cúig iarracht. Caithfidh Cúige Mumhan dul ar thóir sheanspiorad sin na troda arís, rud a bhí le feiceáil ar feadh seachtó nóiméad an Satharn seo caite, sular lig siad na maidí le sruth sna deich nóiméad deiridh.
Beidh cluiche barr tábla againn i Staid Aviva idir Cúige Laighean, atá ar bharr an URC agus na Lions, atá sa dara háit. Níor theip ar cheachtar den dá fhoireann seo in aon chluiche go dtí seo. Mar sin féin is fiú a mheabhrú go raibh an t-ádh dearg ar na Lions an lá a thabhairt leo agus iad i gcoinne Zebre i mBabhta 5 (10-9) agus cuimhnigh go bhfuil Zebre ar íochtar an tábla. Tá mise sásta bua maith eile a thuar arís inniu d’fhoireann Átha Cliath.
Beidh na Connachtaigh ar an mBóthar Beag arís inniu agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh cosa a chur faoin stól arís. Caithfidh siad díomá an dá chluiche dheiridh a chur as a gcloigeann agus díriú ar bhua i gcoinne na nDragons. Má thagann pointe bónais leis sin, brabach breise a bheas ann. Níl cúis ar bith nach féidir leo sin a dhéanamh. Tá siad ag imirt go maith faoi láthair in ainneoin gur chaill siad trí chluiche as cúig iarracht agus níl ach cluiche amháin buaite ag na Dragons.
Ba cheart go mbeadh sár-iomaíocht againn idir Caerdydd agus Cúige Uladh sa mBreatain Bheag anocht. Ceithre áit agus trí phointe atá idir na foirne seo. Cúige Uladh atá in uachtar sa gcúigiú háit agus cúig phointe dhéag acu. Ach is ag Caerdydd atá buntáiste an bhaile agus beidh siad ag iarraidh chuile leas a bhaint as sin. Mar sin féin, tá mise ag tabhairt seans do na cuairteoirí. Cuimhnigh gur san Afraic Theas a d’imir Cúige Uladh an dá chluiche a chaill siad go dtí seo.
Fág freagra ar 'Na Connachtaigh ag iarraidh na cosa a chur faoin stól arís i gcoinne na Dragons'