Na cearta caillte ag TG4 do chluichí móra idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean

Beidh cluiche leathcheannais an PRO14 idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan le feiceáil beo ar TG4 Dé Sathairn, ach beidh tamall ann sula bhfeicfear a leithéid arís ar an stáisiún Gaeilge

Na cearta caillte ag TG4 do chluichí móra idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean

Is é an cluiche leathcheannais sa PRO14 idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan Dé Sathairn an cluiche deireanach idir na cúigí a bheidh le feiceáil beo ar TG4 go ceann roinnt blianta.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil na cearta faighte ag eir Sport chun gach cluiche ón PRO14 a chraoladh ó thús an tséasúir 2018/2019 go dtí 2021.

Beidh cluichí PRO14 fós le feiceáil ar TG4 an séasúr seo chugainn agus socrú déanta acu le eir Sport líon áirithe cluichí a chraoladh beo. Bhí a mhacasamhail de shocrú ag TG4 le Sky Sports roimhe seo, ach is go heisiach ar chainéil eir Sport in Éirinn a chraolfar beo na cluichí móra idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan as seo go ceann trí bliana.

Faoin seanmhargadh le Sky, tuigtear go raibh an chéad rogha ag Sky Sports maidir le craoladh beo na gcluichí idir na foirne, ach bhí socrú ann go mbeadh deis ag TG4 an dara cluiche eatarthu a chraoladh. Is é sin le rá, dá mbeadh an cluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan i mBaile Átha Cliath le feiceáil ar Sky Sports, is ar TG4 a bheadh an cluiche eatarthu i bPáirc Thuamhan. Níl socrú den chineál sin sa mhargadh nua agus beidh na cluichí sin, arb iad na cluichí PRO14 is mó a gcuirtear spéis iontu, le feiceáil beo ar eir Sport amháin.

Is buille é seo don chraoltóir Gaeilge, go háirithe agus cluichí idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i measc na gclár is mó lucht féachana i stair TG4.

Ba í an choimhlint idir na foirne sin i mí an Mhárta 2014 an ceathrú clár is mó a mheall lucht féachana ó thosaigh TG4 ag craoladh breis agus 20 bliain ó shin. 310,000 duine ar an meán a d’fhéach ar an gcluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan i Márta na bliana sin.

Cé gur buille é don stáisiún na cluichí seo a chailleadh, deir Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil siad an-sásta leis an gconradh nua atá acu i dtaobh na gceart do na cluichí PRO14.

“Ag am nuair atá iomaíocht chomh géar ann do chearta spóirt, tá muid thar a bheith sásta gur éirigh le TG4 líon chomh suntasach de chluichí a fháil arís le craoladh.

“Tá cleachtadh ag lucht féachana TG4 ar spórt den uile chineál ar ardchaighdeán a bheith ar fáil uainn, ar an teilifís agus ar na hardáin ar-líne eile atá againn. Cinntíonn an socrú nua seo go mbeidh muid ag leanúint den nós sin agus ag feabhsú chaighdeán an tsoláthair an t-am ar fad”.

Fág freagra ar 'Na cearta caillte ag TG4 do chluichí móra idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean'