Na ceanneagraíochtaí le tarraingt siar ó athbhreithniú mura gcuireann Foras na Gaeilge cóip de thuarascáil ar fáil

Tá na sé cheanneagraíocht teanga ag iarraidh ar Fhoras na Gaeilge cóip a chur ar fáil dóibh d’athbhreithniú ar an gcóras faoina bhfuil na heagraíochtaí ag saothrú

Na ceanneagraíochtaí le tarraingt siar ó athbhreithniú mura gcuireann Foras na Gaeilge cóip de thuarascáil ar fáil

Tá na sé cheanneagraíochtaí Gaeilge chun eirí as an bpróiseas athbhreithnithe atá ar siúl maidir leis an gcóras faoina bhfeidhmíonn siad, mura gcuireann Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip de thuarascáil a rinneadh mar chuid den phróiseas sin.

Tá achainí déanta tráthnóna ag na sé cheanneagraíocht teanga ar Fhoras na Gaeilge go gcuirfí ar fáil láithreach dóibh cóip den tuarascáil athbhreithnithe a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh deireadh curtha leis an gconradh a bhí ag Foras na Gaeilge le Seirbhísí Pleanála Teanga chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ‘gcur chuige comhpháirtíochta’, mar a thugtar ar an gcóras nua a thug an eagraíocht trasteorann isteach d’earnáil dheonach na Gaeilge in 2014.

‘Brú ama agus ualach oibre’ ar an gcomhairleoir an t-údar a thug Foras na Gaeilge le deireadh a bheith curtha leis an gconradh le Seirbhísí Pleanála Teanga agus le comhlacht nua a bheith á lorg chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích.

Ach i gcomhráiteas atá curtha amach ag na sé cheanneagraíocht tráthnóna, deirtear gurb é a dtuiscint siúd ar an scéal ná gur chuir Seirbhísí Pleanála Teanga tuairisc ar fáil don Fhoras “faoi mar a bhí dlite faoi na téarmaí tagartha”.

Tugtar le fios sa ráiteas nach bhfuil na ceanneagraíochtaí sásta leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas athbhreithnithe mura gcuirtear cóip den tuarascáil ar fáil.

“Má tá aon chuid den tuairisc le bheith in úsáid chun críche an mheasúnaithe reatha, is mian linn radharc a fháil ar an tuairisc sin ina hiomláine. Ní hionann agus an méid a deir an Foras, tá na Ceanneagraíochtaí diongbháilte nach féidir leanúint den phróiseas muna roinntear an tuairisc linne, na páirtithe leasmhara is mó lena mbaineann an scéal,” a dúradh i ráiteas na gceanneagraíochtaí, Gael Linn, Gaeloideachas, Cumann na bhFiann, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Glór na nGael.

Má dhiúltaíonn an Foras don éileamh go gcuirfí cóip den tuarascáil ar fáil dóibh, deir na ceanneagraíochtaí go mbeidh siad “sásta plé go dearfach” leo faoi phróiseas athbhreithnithe nua a chur ar bun ar mhaithe le feabhas a chur ar an gcur chuige comhpháirtíochta, ag áireamh “ról Fhoras na Gaeilge sna struchtúir chéanna”.

Chuir an comhairleoir pleanála teanga, Colm Ó Cinnseala, tús anuraidh le hathbhreithniú ar an gcóras faoina saothraíonn na sé cheanneagraíocht atá ag fáil bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

De réir ráiteas na gceanneagraíochta, d’aontaigh siad le Foras na Gaeilge go mbeadh an tuairisc críochnaithe agus pléite ag an bhFóram Comhpháirtíochta i mí na Nollag 2018. Deirtear gur cuireadh an sprioc sin siar agus go rabhthas ag súil le cóip den tuairisc a fháil go luath nuair a fuarthas litir ón bhForas ar an 18 Feabhra go raibh socrú déanta deireadh a chur leis an gconradh le Seirbhísí Pleanála Teanga.

Tháinig sé chun solais chomh maith an tseachtain seo caite gur iarr Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar bhaill bhord na heagraíochta eolas faoin athbhreithniú ar chóras na gceanneagraíochtaí teanga a choimeád faoi rún ar fhaitíos go mbainfeadh na meáin Ghaeilge ‘casadh diúltach’ as an scéal.

Chuir Príomhfheidhmeannach an Fhorais Seán Ó Coinn an fhainic sin ar bhaill an bhoird i litir a chuir sé chucu níos túisce an mhí seo inar chuir sé in iúl go raibh an dara comhlacht le fostú chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích.

Dúradh leis na comhaltaí boird gur aontaigh an dá dhream nach chun a leasa féin ná chun leas an phróisis athbhreithnithe a bheadh sé dá mbeadh na meáin ar an eolas faoin scéal.

D’iarr Tuairisc.ie ar Fhoras na Gaeilge ráiteas a chur ar fáil faoi cén fáth go raibh imní orthu go mbainfeadh na meáin ‘casadh diúltach’ as an scéal agus faoi cad a bhí i gceist le ‘casadh diúltach’ sa chás seo. Iarradh orthu chomh maith ráiteas a dhéanamh faoi cén fáth go gceapfaí nár chóir eolas a chur ar fáil faoi phróisis athbhreithnithe atá ar siúl ag foras poiblí.

Mar fhreagra ar an iarratas sin, dúirt Foras na Gaeilge:

“Bíonn teagmháil rialta ann idir baill éagsúla Fhoras na Gaeilge, go hinmheánach, idir feidhmeannas agus comhaltaí Boird agus le páirtithe leasmhara eile. In amanna, agus nuair a bhíonn idirbheartaíocht fós ar siúl ní scaipeann muid an t-eolas go forleathan. 

“Nuair a bheidh próiseas an athbhreithnithe thart cuirfidh Foras na Gaeilge eolas ábhartha ar fáil do na páirtithe leasmhara cuí.”

Fág freagra ar 'Na ceanneagraíochtaí le tarraingt siar ó athbhreithniú mura gcuireann Foras na Gaeilge cóip de thuarascáil ar fáil'