Na céadta ag Teach Laighean ag éileamh go dtabharfaí aghaidh ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais

Bhailigh slua mór daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht feachtais lasmuigh de Theach Laighean tráthnóna d’agóid faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais

Na céadta ag Teach Laighean ag éileamh go dtabharfaí aghaidh ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais

Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Tá éileamh déanta ar an Aire Norma Foley coiste oibre, ar a mbeadh ionadaíocht ó shaineolaithe ar chúrsaí Gaeilge, a bhunú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais.

Bhailigh slua mór daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht feachtais lasmuigh de Theach Laighean tráthnóna inné mar chuid d’agóid faoi chás na Gaeilge.

Léiríodh míshástacht maidir le roinnt gnéithe den chóras oideachais mar atá sé faoi láthair agus maidir le roinnt de na hathruithe atá déanta ag na húdaráis oideachais le roinnt blianta anuas.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil an córas oideachais “briste ó thaobh na Gaeilge de” agus gur gá polasaí cuimsitheach a fhorbairt don Ghaeilge sa chóras oideachais ‘ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal’.

Mar chuid de sin, tá an feachtas Gaeilge4All ag iarraidh go mbunófaí coiste oibre faoi leith láithreach, “le baill a thuigeann an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a bhfuil taithí acu uirthi”.

Bhí conspóid ag baint le roinnt moltaí a rinneadh i dtaobh na Gaeilge sa chóras oideachais le blianta beaga anuas agus cáineadh déanta ag múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus eagraíochtaí teanga ar chuid mhaith de na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm nó a bhí le cur i bhfeidhm.

Dúirt de Spáinn, mar shampla, go raibh na sonraíochtaí agus na siollabais don tSraith Shóisearach agus don tSraith Shinsearach “gan chiall” agus go raibh breis is 90% de na múinteoirí míshásta leo ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí. Cháin sé freisin cinneadh an Aire Foley Páipéar 1 den scrúdú Gaeilge Ardteiste a bhogadh go dtí an cúigiú bliain, cé go bhfuil síneadh ama curtha le cur i bhfeidhm an athraithe sin anois.

Bhí lucht an fheachtais do Ghaelcholáiste i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8 páirteach sa léirsiú taobh amuigh de Theach Laighean inniu chomh maith.

Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Dúirt de Spáinn go raibh easpa Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ann ar fud na tíre. Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley le déanaí nár mheas sí gur theastaigh iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, áfach.

Dúirt de Spáinn chomh maith go raibh córas na ndíolúintí Gaeilge imithe “as smacht” agus nach raibh freastal le déanamh ar dhaltaí le riachtanais faoi leith lena chinntiú go mbeadh siad in ann an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil.

“Deisímis an córas ina iomlán,” arsa de Spáinn.

Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach, An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, go raibh an chluas bhodhar tugtha ag an Roinn Oideachais agus dreamanna eile do thuairimí múinteoirí agus daltaí.

“Níl aon amhras ar na múinteoirí Gaeilge ach nach bhfuil ag éirí leis an gcóras reatha agus ceann de na heasnaimh is mó a bhí ann le tamall de bhlianta ná go bhfuil guth an mhúinteora agus an dalta fágtha ar lár i roinnt mhaith de na cinntí atá glactha maidir leis an nGaeilge sa chóras. Tá lagú tagtha ar an nGaeilge sa chóras dá thoradh,” a dúirt sé.

“Is léir ón taighde atá déanta le déanaí ag SEALBHÚ ar thuairimí na múinteoirí agus na ndaltaí faoin tSraith Shóisearach, cuir i gcás, go bhfuil géarghá le scrúdú béil sa tríú bliain, scrúdú arbh fhiú 40% de mharc deiridh an scoláire é.

“Ar an drochuair rinneadh neamhaird ar an moladh seo agus ar mholtaí fiúntacha eile a chuir múinteoirí chun tosaigh go láidir sa taighde céanna, agus ní dhearnadh ach roinnt mionleasuithe nuair a fógraíodh leasuithe le déanaí.”

Dúirt Gráinne Ní Ailín, Oifigeach na Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, nach bhfuil cur chuige comhtháite ag na húdaráis oideachais agus go bhfuil moltaí ó dhream amháin ag teacht salach ar mholtaí ón dream eile.

“Ar lámh amháin tá an tAire Oideachais ag bogadh Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste go deireadh Bhliain a 5 ach ar an lámh eile tá an áisíneacht Stáit, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, i mbun oibre chun na sonraíochtaí/siollabais Ardteiste ar fad a athrú. Ní féidir an dá rud a dhéanamh ag an am céanna,” a dúirt Ní Ailín agus í ag moladh go dtógfaí céim siar agus plean cuimsitheach a réiteach.

Fág freagra ar 'Na céadta ag Teach Laighean ag éileamh go dtabharfaí aghaidh ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais'