Ná bí ródhian ort féin más ag féachaint ar ‘Glee’ atá tú seachas ag scríobh gearrscéil

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá lánchead ag scríbhneoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a oibríonn san earnáil chruthaitheach a bheith chomh scanraithe, chomh brónach agus chomh dubh dóite agus atá chuile dhuine eile

Ná bí ródhian ort féin más ag féachaint ar ‘Glee’ atá tú seachas ag scríobh gearrscéil

Bhuail Curtis Sittenfeld, an scríbhneoir as Meiriceá, an tairne ar an gcloigeann an lá cheana:

Tagairt a bhí sa chéad phointe do chomhairle fhear éigin a mhol do dhaoine ‘bríste ceart’ a chur orthu féin agus iad ag obair sa bhaile le linn ráig an choróinvíris.

An dara pointe a theastaíonn uaim a phlé anseo. Tá an ceart ar fad ag Curtis. Rud ar bith i gcoinne na moltaí scríbhneoireachta, na léamhanna beo ar líne agus na bhfíseán spreagúil ar fad atá á scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta faoi láthair. Ach níor cheart go mothódh scríbhneoirí agus ealaíontóirí eile go bhfuil dualgas breise orthu a bheith cruthaitheach anois agus muid ar fad sáinnithe sa bhaile. 

Tá paindéim amuigh ansin. Tá lánchead ag an aos dána a bheith chomh scanraithe, chomh brónach agus chomh dubh dóite agus atá chuile dhuine eile. 

Lena chois sin, ní hionann a bheith sáinnithe sa bhaile agus níos mó ama a bheith ag duine chun peann a chur le páipéar. Is fíor gur sa bhaile a oibríonn mórchuid scríbhneoirí mórchuid den am, ach ní bhíonn a gcuid páistí sa mhullach orthu ó dhubh go dubh, seacht lá na seachtaine, ná a gcéilí. Níl aon chlann orm féin ná céile agam, ach mar sin féin tugaim faoi deara go bhfuil cairde agus gaolta ag cur isteach ar mo chuid scríbhneoireachta níos minice ná mar a cuireadh sular thuirling scamall seo an choróinvíris orainn: triúr a chuir físghlaoch orm go dtí seo ó thosaigh mé ar an gcolún seo agus mhair na físghlaonna sin i bhfad. Ná freagair na glaonna mar sin, a deir tú, ach ar nós chuile dhuine eile teastaíonn teagmháil shóisialta uaim anois níos mó ná riamh.

Ach ní bhíonn néal gan ghealán. Dlúthchuid de phróiseas na scríbhneoireachta is ea gan a bheith ag scríobh. Tá aigne an duine ar nós ithreach. Fearacht cheapach ar bith eile, is féidir ithir na haigne a spíonadh. Colún agus aistriúchán nó dhó as an áireamh, tá mé féin chun talamh m’aigne a fhágáil gan chur fad is a bheidh scamall seo an choróinvíris os a chionn (tá mé ag glacadh leis go n-imeoidh sé lá éigin.) Bhí an scíth thar am.

Focal scoir. Na laethanta seo, tá scríbhneoirí ag léamh a gcuid scéalta ar líne, tá ceoltóirí ag casadh ceoil ar líne, tá daoine féinfhostaithe ó iliomad réimsí saoil ag tabhairt comhairle ar líne – gach rud saor in aisce. Molaim iad, agus cá bhfios nach léifidh mé féin gearrscéal de mo chuid i bhfoirm físeáin amach anseo, má bhuaileann an fonn sin mé. Ach ag an am céanna, níor cheart go mothódh éinne a oibríonn i réimse na scríbhneoireachta, na n-ealaíon nó atá féinfhostaithe in earnáil chruthaitheach eile go bhfuil dualgas orthu ábhar a chur ar fáil saor in aisce díreach toisc go bhfuil paindéim ar siúl.

Cuimhnímis gur chuir muid an t-ábhar sin ar fáil cheana, ar thuarastal nach mbíodh thar mholadh beirte, sular thosaigh ráig an choróinvíris. 

Fág freagra ar 'Ná bí ródhian ort féin más ag féachaint ar ‘Glee’ atá tú seachas ag scríobh gearrscéil'