Ná bac le Tinder, tabhair leat cac an ghandail bháin go dtí Oireachtas na Samhna…

Níl amhras ar bith nach céasta agus casta an galar an grá, rud ba léir do na filí, do lucht na n-amhrán agus fiú do lucht na n-oideas

Ná bac le Tinder, tabhair leat cac an ghandail bháin go dtí Oireachtas na Samhna…

Níl a fhios agam cé mhéad de na buachaillí óga ná na cailíní óga a bhíonn ag cúirtéireacht sa lá atá inniu ann a chuala trácht riamh ar chac an ghandail bháin. Dá mbeadh an scéal ar eolas acu bheadh sé i bhfad níos éasca acu scóráil, mar a déarfaidís féin.

Tiocfaidh mé ag cac an ghandail bháin ar ball ach níor mhiste dhúinn i dtosach súil a chaitheamh ar an bhfiach nádúrtha seo atá ar bun ó thosaigh an cine daonna ag déanamh comhriachtana. Ba mhór i gceist é ag na filí:

Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga,
Do shíl mé tú a mhealladh le leabhair is le móide,
Is do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heornan,
Ach d’fhág tú dubhach dealbh ar theacht don bhliain nua mé.

Bhíodh fir ann a bhíodh níos fearr na a chéile ag mealladh ban.Bhí Páidín Ó Raifearta ar dhuine acu:

“Tá mé san aois ach níl trí troithe ar fad ionam/ Féach mar sin fhéin go raibh mealladh na mban ionam.”

Mheallfadh sé an t-éan ón gcuach a deirtí. Mheallfadh sé an t-éan den chraobh. Mheallfadh sé an capall ón gcoirce.

Ach bíonn mealladh agus mealladh ann. Cluanaire a thabharfaí ar fhear nach mbeadh i gceist aige le fírinne ach an chluain Mhuimhneach a chur ar na mná.

Céard faoi chleasaíocht na mban agus iad ar an gceird chéanna, nó ag cuimhneamh ar phósadh fiú amháin? ’Sí a mheall é lena pósadh a déarfaí faoi bhean ghránna a mheallfadh fear breá.

Tharlódh gur breithiúnas míchothrom a bheadh ansin. Cá bhfios nár thug sí searc a cléibh dó, go raibh saigheada searca ag dul trína croí? Ba mhinic gur snaidhm seirce a thagadh as sin. Dúradh san amhrán ‘Púcán Mhicil Pháidín’ é:

Is bhí cailín óg in Árainn, a raibh cúpla míle i ndáil léi,
Thug sí grá do Mhicil Pháidín seachas a bhfaca sí d’fhir fós,
Ach anois teacht don Fhéile Pádraig beidh eallach, bó agus bád againn,
Is nach bhfuil a fhios ag an saol Ádhaimh nach dochar dúinn braon a ól.

Níl amhras ar bith nach céasta an galar an grá agus neart leaganacha cainte a léiríonn é:

Bhí sé chomh ceanúil uirthi go lífeadh sé an cosán ina diaidh.

Chaith sé na bróga léi.

Bhí sé splanctha ina diaidh.

Rinne sé cosán dearg go dtína teach.

Bhí sé gan sméaróid ina diaidh.

Tá fir ann atá in ann ortha na seirce a chur – agus mná freisin is dócha.

Bhunaigh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha dráma air uair amháin.

Seo leagan amháin den ortha sin a d’fhoilsigh Tadhg Mac Dhonnagáin i mbailiúchán dar teideal Aniar.

Ortha a chuir Muire in im,
ortha seirce agus síorghrá:
nár stada do cholainn
ach d’aire a bheith orm,
go leana do ghrá mo ghnaoi
mar a leanas an bhó an lao
ón lá seo go huair mo bháis.

Dá fheabhas é mar ortha níl gar ná gaobhar aige ar chac an ghandail bháin. Bhí pisreoga ag baint le cac circe freisin. Maith na circe a thugtaí air. Tá sé luaite sa ngearrscéal An Bhliain 1912 a scríobh Máirtín Ó Cadhain:

Nó go raibh an glas ar an trunc níor chuimhnigh an mháthair nár chuir sí aon cheo de mhaith na circe ann, ná i mbalcaisí na hiníne ach an oiread. Ach ní iarrfadh sí a dhul ag baint an ghlais de anois ar bhás an domhain. Dá dtosaíodh a hiníon ag séideadh fúithi nó ag samhailt pisreog léi an mhaidin sin, ba bheag é a hacmhainn thar is riamh. Chroith sí scaird uisce coisricthe uirthi agus an fhad is a bhí sí ag cur an chleite sa mbuidéal arís bhí an iníon imithe síos go lúcháireach ar lom an urláir lena culaith Mheiriceá a thabhairt le taispeánadh.

Tabhair faoi deara gur úsáid an mháthair an Chríostaíocht agus an Phágántacht in éineacht. Fós féin tá daoine saonta a chreideann go ndearna Naomh Pádraig Críostaithe go míorúilteach de mhuintir na hÉireann d’aon iarraidh amháin.

Anois, a bhuachaillí agus a chailíní óga. tabharfaidh mé oideas chac an ghandail bháin daoibh. De réir mar a dúirt an tAthair Éamon Ó Conghaile as an Aird Thoir, Carna, agus a raibh Lillis Ó Laoire ag cur síos air, is éard atá le déanamh agaibh roinnt caca a fháil ó ghandal bán nach bhfuil aon chleite dubh ná liath ann. Beidh oraibh é a thriomú agus é a chasadh isteach i bpáipéar.

Tugaigí libh anois é go dtí dioscó, damhsa, cóisir nó chuig Oireachtas na Samhna, agus níl baol ar bith nach mbeidh an t-ádh oraibh an oíche sin.

Fág freagra ar 'Ná bac le Tinder, tabhair leat cac an ghandail bháin go dtí Oireachtas na Samhna…'

  • An Ballacs Saillte

    ’Sé an gandala is mó a mheallann románsúlacht i gcathair na Véinéise. Cacgandólás a theastós i dTrá Lí murar crá luí a dheireadh! Beidh sé ina imleacánú idir Raidió na nGaolta, TGForeplé agus Cónra na G’wayailgeh. Na camórtais hard-on is mó a tharraingeos aird, mar a dúirt an té nár dhúirt!

  • An Ballacs Saillte

    Dála an scéil, i gCill Airne a bheas an Tur-rachtas – ar fhaitíos go gcuirfinn faghairt in éinne!

  • wtf

    Is i gCill Airne a bheidh an t-Erectus i mbliana mar a mbeidh guairneán go bundún gach uile chuile oíche agus mura dtabharfair an tseilg abhaile leat, tabharfair do chac (gandail?) abhaile leat!

  • Mairéad

    Seachnaigí an Sean nós rinnce competition nó beidh “Decrementum” oraibh a Bhalaics agus a wtf.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Céard é decrementum, go sábhála Dia sinn ar chuile anachain?

  • An Ballacs Saillte

    Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann, a Mhaighréad!

  • Mairéad

    Salve Ioseph.

    Impotentia et decrementum connectuntur ad festum Erectum.

    Nota Bene. Deus autum non quaero.