Murar féidir an DUP a mhealladh ar ais go dtí Stormont, céard is féidir a dhéanamh?

Tuigtear dár gcolúnaí go bhfógrófar an comhairliúchán faoi conas déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí gan mhoill, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go n-athróidh an DUP a phort

Murar féidir an DUP a mhealladh ar ais go dtí Stormont, céard is féidir a dhéanamh?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie]

Bhí go leor cainte faoi dhóchas agus dea-thoil an tseachtain seo caite nuair a bhíothas ag comóradh 20 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus súil ann go bhféadfaí an tsáinn i Stormont a fhuascailt gan mhoill. Má bhí bunús leis an dóchas sin níor roinneadh leis an bpobal é: ba bheag muinín a cuireadh ann.

Is mó cosúlacht atá ar an scéal nach réiteofar na fadhbanna taobh istigh de bhliain.

Seans go bhfuil glactha ag an dá rialtas leis nach mian leis an DUP a dhul ar ais go Stormont go ceann bliana. Measann roinnt go dteastaíonn ‘sos’ ó Stormont ón DUP.

Níor chuir sé iontas ar an Státrúnaí Karen Bradley ná ar an Tánaiste Simon Coveney nuair a dúirt Simon Hamilton ón DUP le Coiste Parlaiminte Westminster nach bhféadfadh sé réiteach a shamhlú taobh istigh de bhliain.

Céard is féidir a dhéanamh mar sin? Murar féidir iad a mhealladh ar ais ní féidir an DUP a thiomáint ar ais go Stormont – níorbh fhéidir é sin a dhéanamh fiú mura mbeadh Theresa May ag brath orthu chun fanacht i gcumhacht. Is beag rogha atá ann.

Riail dhíreach ó Westminster le méid áirithe ionchuir ag rialtas na hÉireann tríd an gComhairle Idir-rialtasach? Riail dhíreach ó Westminster gan blas tionchair ag Éirinn mar ba mhaith leis an DUP? Folús iomlán? Tá sé sin doghlactha – caithfear bainistíocht, dá laghad í, a dhéanamh chun seirbhísí agus gnóthaí poiblí a choinneáil sa siúl. Leathriail nó meath – riail as Westminster agus ‘próiseas cainteanna’ de shórt éigin?

Is léir ón tarraingt cos atá ar siúl ag an Státrúnaí Bradley – agus ag James Brokenshire roimpi – nach mian leis an mBreatain a dhul i bhfoisceacht scread asail don riail dhíreach. Tá a leordhóthain de chúram ar rialtas na Breataine leis an mBreatimeacht. Ach caithfidh siad a dhul i ngleic leis an gcontúirt a bhaineann le pairilis iomlán.

Tuigim go bhfógróidh Bradley an comhairliúchán faoi conas déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí gan mhoill. Táthar ag súil freisin go gceadóidh sí an maoiniú d’ionchoisní stairiúla ag an am céanna, cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de sin mura n-athraíonn an DUP a phort.

Tá an Tánaiste, Simon Coveney, comhchathaoirleach Bradley ar ghnóthaí an Chomhaontaithe, ar a mhíle dícheall ag iarraidh cinneadh ón Státrúnaí go ngairfear an chomhdháil idir-rialtasach. Nuair a bhí an t-alt seo á scríobh ní raibh freagra faighte aige; mar atá ráite go mion minic cheana aici bhí Karen Bradley i mbun machnaimh. Tá a fhios ag an mBreatain nach féidir le rialtas na hÉireann glacadh le riail dhíreach gan aon ionchur. Fágann sin an Bhreatain idir dhá thine Bhealtaine; ní féidir leo olc a chur ar an DUP agus d’ainneoin an teannais sa chaidreamh Angla-Éireannach faoin mBreatimeacht ní thig leo fearg a chur ar Bhaile Átha Cliath is iad ag iarraidh comhoibriú faoi cheist achrannach na teorann.

Cad eile? A thuilleadh cainte? Próiseas a thabharfadh le fios go raibh rud éigin ar siúl? Seans nach mbeadh i gceist go ceann i bhfad ach na rialtais ag caint leis na páirtithe ina gceann is ina gceann. Níl an moladh faoi chathaoirleach neamhspleách diúltaithe. Mairg don té a ghlacfadh leis an gcúram.

Ag tús na seachtaine seo d’éiligh uachtarán Shinn Féin cruinniú le Príomh-Aire na Breataine faoin tsáinn. Mhaígh Mary Lou McDonald nach raibh plean ar bith ag rialtas na Breataine chun rialtas díláraithe a athbhunú. D’éiligh sise freisin cruinniú de Chomhairle Idir-rialtasach na Breataine/na hÉireann. Tá Sinn Féin cíocrach chun filleadh ar Stormont is cosúil; ba léir sin i mí Feabhra nuair a chuir an DUP stop tobann leis an bplé agus margadh chóir a bheith déanta.

Ach an gcuirfidh an fiosrú poiblí faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite, cor eile sa scéal sin? Beidh ceannaire an DUP, Arlene Foster, a bhunaigh an scéim agus í ina hAire Fiontar agus Trádála, ar ais os comhair an fhiosraithe níos deireanaí an tseachtain seo. Níorbh tour de force a seisiún corrach dhá lá ag tabhairt fianaise an tseachtain seo caite. Tharraing sé sin an cheist ón gCathaoirleach, an Breitheamh Coghlin ‘an raibh do roinn mífheidhmiúil?’. Tá guagacht san DUP cheana féin ach tá baill ag dearbhú nach baol do cheannaireacht Arlene Foster. Thairis sin níl aon oidhre soiléir aici. Ach má théann an ghuagacht in olcas beidh ciallachais aige sin don phróiseas polaitíochta ar fad chomh maith leis an DUP.

Fág freagra ar 'Murar féidir an DUP a mhealladh ar ais go dtí Stormont, céard is féidir a dhéanamh?'

  • An Teanga Bheo

    “Ná santaigh cuid do chomharsa” sin dlí Dé nach forláir do Shasana a chomhlíonadh
    Colscaradh leis an Europe agus greim uafasach ar sé condae ??????????