‘Mura dtuigeann do mháthair go bhfuil tú ann, ní thabharfaidh sí faoi deara má imíonn tú leat’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. De réir mar a ghluaiseann an galar Alzheimer ar aghaidh, is ea is minice a thagann an dímhothú ar an othar

‘Mura dtuigeann do mháthair go bhfuil tú ann, ní thabharfaidh sí faoi deara má imíonn tú leat’

Bhí mo mháthair ag stánadh amach roimpi ag an mbord, féachaint fholamh ina cuid súl.

Shuigh mé in aice léi, labhair léi, rug ar a lámh, chroith mo lámh féin os comhair a haghaidhe.

Gíog ná míog ní raibh aisti.

Agus anois? a shíl mé liom féin.

D’fhéadfainn coinneáil orm le mo chuid iarrachtaí teagmháil a dhéanamh léi, mar a rinne an lá roimhe agus an lá roimhe sin arís – ach bheinn traochta tuirseach tar éis na cuairte agus bheadh orm tráthnóna eile a chaitheamh i mo luí ar an tolg.

Nó d’fhéadfainn iompú ar mo shála, dul abhaile, agus mo shláinte mheabhrach féin a chosaint.

Rinne mé coinne le síceolaí an ionaid chúraim ina bhfuil cónaí ar mo mháthair.

De réir mar a ghluaiseann galar Alzheimer ar aghaidh, a mhínigh sí sin dom, dúnann an t-othar isteach ann nó inti féin. Próiseas leanúnach atá ansin a chreimeann féiniúlacht an duine de réir a chéile agus a ídíonn, go deimhin, a chumas rudaí a mhothú.

An dímhothú a thugann an lucht leighis ar an siomptóm sin, apatheia na Gréigise, rud nach ionann agus an neamhshuim, an fhuarchúis nó an phatuaire: ní d’aon ghnó nó le teann dímheasa nach léiríonn an t-othar spéis sa saol ina thimpeall, ach toisc nach bhfuil ar a chumas é sin a dhéanamh ag an nóiméad áirithe sin.

Tá an ‘ag an nóiméad áirithe sin’ tábhachtach, a mhínigh an síceolaí. Ina thonnta a thagann an dímhothú ar an othar, i dtosach pé scéal é; tagann sé agus imíonn sé.

‘Má bhíonn do mháthair mar sin nuair a thagann tú isteach, d’fhéadfá cúpla nóiméad a thabhairt di, féachaint an imíonn an dímhothú,’ a dúirt an síceolaí. ‘D’fhéadfá suí in aice léi agus a lámh a chuimilt, b’fhéidir, nó fiú amháin cupán tae a dhéanamh, uisce a thabhairt do na plandaí nó rud éigin mar sin agus teacht ar ais tar éis tamaillín. Uaireanta, oibríonn sé sin.’

‘Ach,’ a dúirt sí, ‘tá sé tábhachtach seo a thuiscint: mura n-imíonn an dímhothú, ní chuirfidh sé pioc as di-se má théann tú abhaile. Mura dtugann sí faoi deara go bhfuil tú ann, ní thabharfaidh sí faoi deara ach oiread má imíonn tú leat. Ag an bpointe sin, caithfidh tusa cinneadh a dhéanamh duit féin: an fiú duitse fanacht?’

‘Agus rud eile de,’ a chuir sí leis, ‘ní gá uair an chloig iomlán a chaitheamh léi. Tuigim duit, tá tú tar éis leathuair an chloig a chur díot ar do rothar chun í a fheiceáil agus beidh an turas céanna romhat ar do bhealach ar ais. Tá tú ag iarraidh tairbhe a bhaint as do chuairt agus tá tú ag iarraidh go mbainfidh do mháthair tairbhe as an gcuairt. Ach ní thuigeann do mháthair céard is uair an chloig ann.

‘Má mhothaíonn tú go bhfuil do chuid fuinnimh ag dul i léig, imigh leat abhaile, tá an chuairt thart.’

Agus sin mar a tharla inné. Tar éis leathuair an chloig sa ghairdín, mo mhéar á díriú agam ar éin, ar eitleáin agus ar rud ar bith eile a spreagfadh leathfhocal uaithi nó sméideadh cinn féin, mhothaigh mé mo chuid fuinnimh ag trá agus thug mé isteach í.

Ar an gcaoi sin, beidh an fuinneamh agam dul ar cuairt chuici arís tráthnóna inniu.

Fág freagra ar '‘Mura dtuigeann do mháthair go bhfuil tú ann, ní thabharfaidh sí faoi deara má imíonn tú leat’'

  • Peter Groarke

    Is coscrach an t-alt seo.
    Bíodh uchtach agat a dhuine.