Muintir Joan Lucey tagtha ar réiteach i gcás Ard-Chúirte

Bhásaigh Joan Lucey as Imleach an Daingin an tseachtain seo caite in aois a 73 bliain díreach sular cuireadh tús le headrán ina cás in aghaidh an HSE

Muintir Joan Lucey tagtha ar réiteach i gcás Ard-Chúirte

Tá teaghlach as Corca Dhuibhne ar bhásaigh a máthair an tseachtain seo caite ón ailse i muineál na broinne tar éis teacht ar réiteach ina gcás Ard-Chúirte.

Bhásaigh Joan Lucey as Imleach an Daingin an tseachtain seo caite in aois a 73 bliain díreach sular cuireadh tús le headrán sa chás.

Ceadaíodh dá mac Seán agus dá hiníon Sinéad leanúint leis an gcás i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus dhá shaotharlann.

Tuigtear gur thángthas ar shocrú gan glacadh le dliteanas.

Beidh an cás os comhair na cúirte arís an 4 Márta leis an socrú a fhaomhadh ach tá sonraí an tsocraithe faoi rún.

Altra a bhí éirithe as a cuid oibre ab ea Joan Lucey, agus chuir sí an dlí ar Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus dhá shaotharlann agus í ag líomhnú  go ndearnadh míléamh nó míthuairisciú nó gur baineadh míchiall as torthaí na tástála smeartha a rinneadh uirthi mí Feabhra 2011 agus Lúnasa 2011.

 

Fág freagra ar 'Muintir Joan Lucey tagtha ar réiteach i gcás Ard-Chúirte'

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Is bocht an scéal é go gcaithfeadh clann mhac is iníon Shiobhán Uasal Ní Bhrosnacháin Lucey a bheith a ghabháil trí thranglam agus strus cúirte agus a máthair chroíúil ghealgháireach a fulaingt galar marfach i laethanta deiridh a saoil. Bhrisfeadh a leithéid d’ualach a croí.
    Mar chailín beag seoigh, lán de chuileachta is de gháirí a mhairfidh sí im’ chuimhne-se agus na laethanta geala a chaitheamair i bhfochair a chéile i seomra staidéir Choláiste Íde i mBaile an Ghóilín.
    Agus iad a’ fágaint slán ag an oileán, sna caogaidí, tháinig muintir an Bhlascaoid i dtír i nDún Chaoin i mbád a hathar, an St Laurence O’Toole.
    Bhí sí ana-mhórtasach as an ngníomh san, dá uaigní é do mhuintir an Bhlascaoid. Thugadar mionsmhail lámhdhéanta de naomhóg dá hathair mar bhuíochas. Bhí agus tá fós is dócha an báidín san ar taispeáint aici ina tigín gleoite suite i gcuan an Daingin.
    Beannacht Dé dílis léi.