Muintir Denis Donaldson ag impí ar an nGarda Síochána a dhialann phearsanta a thabhairt ar láimh don Ombudsman

Deich mbliana i ndiaidh a bháis tá muintir Denis Donaldson, sceithire de chuid na Breataine a maraíodh sna Gleannta i nDún na nGall ag iarraidh ar an nGarda Síochána “den uair dheiridh” obair níos dlúithe le hOmbudsman na bPóilíní

Former member of Sinn Fein, Denis Donaldson, making a statement to the media at a Dublin location about the fact that he was working as a British agent. Sinn Fein has expelled its former head of administration at Stormont, Denis Donaldson. In a statement to RTE News this evening, Mr Donaldson confirmed that he has spied for British intelligence since the 1980s and he described the Stormont spying allegations as a sham. Mr Donaldson said he deeply regretted his activities with British Intelligence and RUC/PSNI Special Branch and he apologised to anyone who has suffered as a result of his activities. Photo: RollingNews.ie 16/12/2005
Pictiúr: RollingNews.ie 

Tá ráiteas eisithe ag muintir Denis Donaldson, sceithire de chuid na Breataine a maraíodh sna Gleannta i nDún na nGall deich mbliana ó shin, ina n-iarrtar ar an nGarda Síochána, “den uair dheiridh”, obair níos dlúithe le hOmbudsman na bPóilíní chun a bhfiosrúchán dúnmharaithe a chur i gcrích.

Thángthas ar chorp Donaldson i dteach saoire sna Gleannta ina raibh sé ina chónaí le cúpla mí i ndiaidh dó ráiteas a léamh ar RTÉ inar admhaigh sé gur sceithire a bhí ann.

Iarbhall den IRA a bhí i Donaldson a d’iompaigh ina sceithire don MI5. Chaith sé seal i gCarcair na Ceise Fada sna 1970í agus sheas sé i dtoghchán Westminster do Shinn Féin sa bhliain 1983. D’oibrigh sé mar riarthóir an pháirtí i dTionól Stormont ó lár na 1990í.

Ghabh an PSNI in 2002 é as a bheith ina bhall de bhuíon spiairí poblachtacha ach tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nach raibh sa ruathar a thug na póilíní ar oifigí Shinn Féin ach iarracht lena stádas mar phoblachtach sinsearach a dhaingniú agus a ról mar sceithire a cheilt.

Dúirt Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams i mí na Nollag na bliana 2005 gur sceithire a bhí i Donaldson a bhí ag tabhairt eolais don PSNI agus don MI5. Chuaigh Donaldson i bhfolach i nDún na nGall agus is ann a bhí sé nuair a tháinig iriseoirí air sna seachtainí sular maraíodh é.

Cuireadh an locht ar dtús ar an IRA Sealadach as an dúnmharú ach ghlac an Fíor-IRA freagracht trí bliana i ndiaidh a bháis.

Sa ráiteas a eisíodh inniu, dúirt muintir Donaldson go raibh siad ag iarraidh ar an nGarda Síochána cead a thabhairt d’imscrúdaitheoirí an Ombudsman dialann phríobháideach Donaldson a scagadh.

Bhí an dialann á scríobh aige sa tréimhse sular dúnmharaíodh é.

“The Office of the Police Ombudsman for Northern

Ireland is a fellow Law Enforcement Agency and is following a definite line of enquiry in relation to the Family’s complaint. Despite repeated requests, they have been refused access to this document.

“The Donaldson Family are appealing to all relevant State Agencies, North and South, to finally remove any further obstructions to the truth and sincerely acknowledge the terrible

damage they caused, or continue to cause, to the family by their actions and omissions. The onus is with them to remedy these wrongs,” a dúradh sa ráiteas.

Fág freagra ar 'Muintir Denis Donaldson ag impí ar an nGarda Síochána a dhialann phearsanta a thabhairt ar láimh don Ombudsman'