Muinín an phobail i bhfiosrúchán bhuama na hÓmaí ‘i mbaol’

Tá rialtas na Breataine ag éileamh go ndéanfaí folú ar ainmneacha státseirbhíseach sóisearach san fhiosrúchán faoi bhuamáil na hÓmaí

Muinín an phobail i bhfiosrúchán bhuama na hÓmaí ‘i mbaol’

Cáineadh cur chuige Rialtas na Breataine agus Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann go láidir agus tús á chur leis an dara cuid d’Fhiosrúchán Bhuama na hÓmaí Dé Céadaoin. Paul Greaney, dlíodóir an Fhiosrúcháin, a rinne an cáineadh. Dar leis go raibh an baol ann go mbainfeadh cur chuige an Rialtais den mhuinín a bheadh ag an phobal san fhiosrúchán.

Maraíodh 29 duine agus cúpla sa bhroinn nuair a phléasc an buama ar an 15 Lúnasa 1998. Tá an fiosrúchán ag fiosrú arbh fhéidir stop a bheith curtha leis an sléacht sin roimh ré.

Bhain an éisteacht is déanaí le nochtadh fianaise. Tá idir Rialtas na Breataine agus an SPTÉ ag iarraidh doiciméid a fholú. Ag tús na héisteachta, dúradh go raibh 80 cáipéis i gceist. Ag deireadh an tseisiúin Déardaoin, dúradh go raibh 700 acu ann, agus 8,000 leathanach iontu. Tá rialtas na Breataine ag éileamh go ndéanfaí folú ar ainmneacha státseirbhíseach sóisearach. Tá SPTÉ ag éileamh go ndéanfaí amhlaidh ar ainmneacha daoine a bhí faoi dhrochamhras ach nár cúisíodh nó nár ainmníodh go poiblí. Tá an Fiosrúchán féin, agus na croí-rannpháirtithe eile, in éadan folaithe.

Ag an phointe seo, ní fhoilseofar na doiciméid atá i gceist. Cuirfidh an Fiosrúchán iad ar fáil do na croí-rannpháirtithe. Gheall siad seo uilig nach ndéanfadh siad na doiciméid seo a roinnt le daoine ar bith eile.

Ag tús na héisteachta, dúirt Paul Greaney gur chuir Oifig Dlíodóirí na Corónach creat-argóint sa ríomhphost chun an fiosrúchán ag a 4.00pm, tráthnóna Dé Máirt, an 20 Bealtaine. Chuir seo “iontas agus frustrachas” ar fhoireann an fhiosrúcháin. Ba é seo “an lá sula raibh an éisteacht le bheith ann”. Ba cheart a bheith ag súil leis go mbeadh foireann an fhiosrúcháin, croí-rannpháirtithe agus a n-ionadaithe ag taisteal chun na héisteachta. Dar le foireann dlí an fhiosrúcháin go raibh seo ar fad “thar a bheith mí-ámharach”.

“Den chuid ba mhó, rinne an chreat-argóint forbairt ar argóintí a bhféadfaí iad a bheith pléite is forbartha cúig seachtaine ó shin, agus, dar linne, gur cúig seachtaine ó shin ba chóra iad a fhorbairt.

Go dtí seo níor tugadh míniú foirmeálta ar bith ar cad chuige nach ndearnadh sin.”

Níor thug an t-éileamh deireanach seo go leor ama do na páirtithe eile le freagra a thabhairt. Ina theannta sin maíodh gur chuir sé “ualach doghlactha” orthu. “Dar le foireann dlí an Fhiosrúcháin go bhfuil an baol ann le cur chuige [an Rialtais] go mbainfí den mhuinín atá ag an phobal i leith iompar [an Rialtais] maidir leis an Fhiosrúchán seo.”

Chuir an Tiarna Turnbull, cathaoirleach an fhiosrúcháin, a mhíshástacht in iúl sular labhair Fiona Fee, dlíodóir an rialtais. Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh achan chroí-rannpháirtí ábalta a bheith ag obair go réidh lena chéile. Dar leis go mbeadh sin deacair dá bhfeicfí “dearcadh drochmheasúil nó mí-eagraithe i leith obair an Fhiosrúcháin.”

Ghabh Fee a leithscéal i dtús a cuid cainte. “Níor beartaíodh aon drochmheas i leith an Fhiosrúcháin nó i leith na gcroí-rannpháirtithe eile,” ar sise.

Agus Greaney ag labhairt ag deireadh na héisteachta, dúirt sé gur minic nach mbíonn tábhacht doiciméid soiléir ag an tús.

Beidh an chéad éisteacht eile ann Dé Luain, an 23 Meitheamh, ar an Ómaigh.

Fág freagra ar 'Muinín an phobail i bhfiosrúchán bhuama na hÓmaí ‘i mbaol’'