‘Mr Big’ na pleanála don Bhreatimeacht gan mhargadh éirithe as a phost

Tá cuid de na státseirbhísigh is sinsearaí a bhí ag pleanáil don Bhreatimeacht ar dhá thaobh Mhuir Éireann ag imeacht óna bpostanna

‘Mr Big’ na pleanála don Bhreatimeacht gan mhargadh éirithe as a phost

Tá an té ar tugadh ‘Mr Big’ na pleanála don Bhreatimeacht gan mhargadh tar éis éirí as a phost.

Ba é Tom Shinner, an státseirbhíseach Sasanach a bhí i gceannas ar an tír sin a ullmhú don Bhreatimeacht gan mhargadh agus comhordú a dhéanamh idir na ranna rialtais éagsúla.

De réir tuairisce sa Guardian,  d’éirigh Shinner chun dul ag obair san earnáil phríobháideach.

Tá Shinner, a ndúirt an t-iar-aire Breatimeachta David Davies faoi go raibh sé chomh tábhachtach sin nach dtarlódh an Breatimeacht dá uireasa, éirithe as tráth a bhfuil ag méadú ar an imní go bhfágfaidh an Bhreatain faoi Shamhain agus gan aon mhargadh déanta.

Is é Shinner an dara státseirbhíseach sinsearach a bhíodh ag plé leis an mBreatimeacht a d’éirigh as le tamall.

Ba í Karen Wheeler an chéad státseirbhíseach sinsearach a bhí ag plé le ceist an Bhreatimeachta a d’éirigh as a post. Ba í a bhí i gceannas ar phleanáil éigeandála don tuaisceart agus don teorainn i gcás an Bhreatimeachta gan mhargadh.

Tá sé éirithe as chomh maith tráth a bhfuil beirt de na státseirbhísigh is sinsearaí atá ag plé leis an mBreatimeacht in Éirinn ag éirí as.

Tá Rory Montgomery, leasrúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ceannasaí rannóg an Bhreatimeachta ag dul ar scor agus tá Ronan Gargan, stiúrthóir an aonaid atá ag plé le caidreamh an AE leis an Ríocht Aontaithe ceaptha ina ambasadóir chun na hUngáire.

Dúirt Rory Montgomery le déanaí go raibh “an-bhaol” anois ann go bhfágfadh an Bhreatain an tAE gan aon mhargadh a bheith déanta.

“Ó mhí an Mhárta, táthar bailithe den Bhreatimeacht. Ní mór do Rialtas na Breataine síneadh ama a iarraidh agus beidh sé an-deacair ar cheannaire ar na Tóraithe é sin a dhéanamh,” arsa ceannasaí rannóg an Bhreatimeachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Inné, dúirt an té is dóichí a bheidh ina chéad Phríomh-Aire eile ar an mBreatain, Boris Johnson nach Breatimeacht gan mhargadh a theastaigh uaidh féin ach go gcaithfí ullmhú chuige sin ar mhaithe le seift idirbheartaíochta.

Tá ráite chomh maith ag Johnson go gcinnteodh sé go bhfágfaidh an Bhreatain an AE faoi Shamhain, is cuma cad eile a tharlóidh.

Fág freagra ar '‘Mr Big’ na pleanála don Bhreatimeacht gan mhargadh éirithe as a phost'