Mothaítear cumhacht na Gaeilge sa rang anála

Sa spás ciúin sin idir an anáil isteach agus an anáil amach, mhothófá an Ghaeilge beo arís sa seisiún anála

Mothaítear cumhacht na Gaeilge sa rang anála

Tá an seomra ciúin. Tá daoine sínte siar, a súile dúnta agus anáil mhall á tarraingt isteach acu. Cloistear focail Ghaeilge go séimh sa spás: ‘anáil isteach… agus amach’.

Nuair a thagann an Ghaeilge isteach i seisiún anála, tarlaíonn rud suimiúil: bogann an cholainn, scaoiltear leis guaillí, agus scaipeann suaimhneas tríd an seomra. Tá an Ghaeilge le mothú sa cholainn agus gan aon bhrú ann. Fiú mura dtuigeann daoine gach uile fhocal, análaíonn siad an teanga isteach iontu féin, agus ligeann siad don rithim agus don cheol bogadh tríd an gcolainn, ag socrú na hintinne agus ag tabhairt scíthe don cholainn.

Tá rithim na Ghaeilge an-séimh anseo, agus tá boige inti a chuidíonn le daoine scíth a ligean. Cloistear frásaí simplí mar ‘anáil isteach agus amach’ nó ‘scaoil leis an strus, leis an imní agus le haon rud atá trom i do cholainn’. Ní mar threoracha amháin a bhraitear an teanga, ach mar chuid den taithí féin. Fitear an teanga leis an anáil agus le rithim an análaithe, agus bíonn daoine níos ciúine, níos socra iontu féin.

Is minic a deir lucht an tseisiúin go mothaíonn siad níos fréamhaithe iontu féin agus níos ceangailte leo féin nuair a bhíonn an Ghaeilge á labhairt i rith seisiúin análaithe. Dúirt bean amháin liom gur mhothaigh sí i bhfad níos stuama de réir mar a chuaigh an seisiún Gaeilge ar aghaidh. Dúirt fear eile nár thuig sé gach focal, ach gur airigh sé cumhacht ar leith sa teanga fós; dhúisigh sí mothúcháin ann agus mhothaigh sé níos socra agus níos mó ‘i láthair’ ann féin.

Tarlaíonn rud spéisiúil nuair nach mbíonn brú ar dhaoine an teanga a thuiscint ná a fhoghlaim, nuair a ligeann siad dóibh féin í a mhothú ina gcolainn. Fágann siad pé smaointe, maith nó olc, atá acu fúithi ar leataobh, agus ligeann siad don cholainn iad a stiúradh.

Bíonn tábhachtach ag an gceol freisin sna seisiúin seo. Téann an ceol traidisiúnta, an fhidil, an phíb uilleann, agus amhráin ár sinsear go maith leis an teanga. Bíonn rud nádúrtha i gceist. Uaireanta, mothaítear fuinneamh cumhachtach sa seisiún, amhail is go bhfuil gach duine ag análú le chéile, agus nasc éigin eatarthu nach gá a mhíniú.

I gcás go leor daoine, dúisíonn fuaim na Gaeilge rud éigin níos doimhne iontu. Sa spás sin, is rud beo í an Ghaeilge, seachas rud atá le ceartú nó ar gá snas a chur uirthi nó imní a dhéanamh fúithi.

Sna seisiúin anála, b’fhéidir gurb é an rud is cumhachtaí faoin nGaeilge nuair a ligeann daoine dóibh féin an teanga a shú isteach iontu féin gan smaoineamh. Athraíonn rud beag éigin istigh iontu.

Leanann suaimhneas, mothúcháin agus ceangal níos doimhne leo féin agus lena n-oidhreacht. Agus sa spás ciúin sin idir anáil isteach agus anáil amach, bíonn an Ghaeilge beo arís, ní hamháin sna focail, ach sa cholainn féin.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Mothaítear cumhacht na Gaeilge sa rang anála'