Mórshaothar nua ceoil le Aoife Ní Bhriain ar stáitse an tseachtain seo

Is saothar nua ceoil é ‘Bóthar na Smaointe’ a scríobh Aoife Ní Bhriain mar thoradh ar thogra coimisiúnaithe le Stiúideo Cuan

Mórshaothar nua ceoil le Aoife Ní Bhriain ar stáitse an tseachtain seo

Beidh Bóthar na Smaointe, mórshaothar nua ceoil leis an gceoltóir agus cumadóir Aoife Ní Bhriain, á léiriú ag Stiúideo Cuan sa Spidéal an tseachtain seo.

Is saothar nua ceoil é Bóthar na Smaointe a scríobh Aoife Ní Bhriain mar thoradh ar thogra coimisiúnaithe le Stiúideo Cuan.

Léireofar an saothar nua ón oíche anocht go dtí Dé Domhnaigh, 30 Samhain 2025.

Bhí tionchar mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon, ar Aoife agus í óg agus í ag freastal ar chleachtaí lena hathair Mick O’Brien do mhórshaothair Charlie, Bainis Oileáin & The Famine Suite, i measc go leor eile.

Tá sé tráthúil gur ar Aoife a bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo i mbliana, coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon, nach maireann.

Tharraing sí ar an turas ceoil atá déanta aici féin ina saol go dtí seo agus an saothar seo á chumadh aici, a deir sí.

“Nuair a thosaigh mé ag smaoineamh ar an gceol seo a scríobh ní raibh cliú agam conas tús a chur leis. Bhí an iomarca smaointe agam, an iomarca tionchair ag ceolta difriúla agus an iomarca seánraí ceoil i m’intinn agam.”

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tógadh Aoife i dteaghlach a bhí lán le ceoltóirí agus bhí nasc dlúth aici le saol an cheoil agus í ag fás aníos. Idir a hoidhreacht sa cheol traidisiúnta agus an traenáil chlasaiceach atá déanta aici, bhí tobar domhain inspioráide aici le tarraingt as agus an saothar seo á chumadh aici.

“Bheartaigh mé súil a caitheamh siar ar an mbóthar fada ceoil atá siúlta agam go dtí seo agus tharraing sé siar mé go dtí an ceol traidisiúnta, an ceol ina rabhas sáite ag fás aníos. Thug ceol Charlie Lennon spreagadh mór dom don phíosa seo. Is cuimhin liom a bheith sa cheoláras náisiúnta ag éisteacht lena chuid ceoil agus mé 6 nó 7 mbliana d’aois!”

D’oibrigh Ní Bhriain le réimse leathan ceoltóirí go dtí seo, ina measc an pianódóir Eliso Virsaladze, an fidléir Martin Hayes, an veidhleadóir Mariana Sirbu agus go leor eile. Tá obair déanta aici mar aoi-chomhcheannaire ar Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta Éireann, agus mar aoi-cheannaire ar Crash Ensemble, Stargaze Ensemble agus ceolfhoirne eile.

I measc na ngradam atá bronnta uirthi as a saothar ceoil, tá seacht gcraobh uile-Éireann buaite aici sa gceol, chomh maith le gradam RTÉ Best Folk Instrumentalist of the Year, duais Camerata do cheoltóir óg na bliana agus bronnadh Bonn Óir Sheáin Uí Riada uirthi sa mbliain 2010. Bhí sí ar Ghearrliosta Ghradam Ceol Tíre RTÉ sa mbliain 2024 as a halbam Double You le Catrin Finch.

Tugann Bóthar na Smaointe na snáithe éagsúla de shaothar ceoil Ní Bhriain le chéile, a deir sí, cé go bhfuil an ceol traidisiúnta mar bhunchloch ag an saothar.

“Tá sé deacair éalú ó na tionchair uilig. Tá teanga an cheoil mar theanga uilíoch, idirnáisiúnta agus is mór an phribhléid domsa go bhfuil cuid den cheol sin á labhairt nó á sheinm agam. Cé gurb é an ceol traidisiúnta príomhtheanga an phíosa seo tá tionchar air ag an gceol clasaiceach, an snagcheol agus ceol traidisiúnta thíortha eile chomh maith,” a deir sí.

Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Cormac McCarthy (Pianó), Mick O’Brien (Píb Uilleann), Dan Bodwell (Olldord) agus Stephanie Keane (Damhsóir).

Ag trácht ar an gcoimisiún nua seo, dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan, Darach Mac Con Iomaire go bhfuil an stiúideo ag iarraidh a bheith ag obair le healaíontóirí go rialta agus go leanúnach.

“Gné thábhachtach de pholasaí ealaíne Stiúideo Cuan ná go mbeadh ar a laghad ealaíontóir amháin seasta faoi choimisiún againn. I measc na gcumadóirí a bhfuil coimisiún bronnta againn orthu le blianta beaga anuas, tá: Johnny Óg Connolly, Máire Breatnach, Peadar Ó Riada, Colm Ó Foghlú agus i mbliana Aoife Ní Bhriain.”

Fág freagra ar 'Mórshaothar nua ceoil le Aoife Ní Bhriain ar stáitse an tseachtain seo'