Molta san ard-chúirt go rachfaí i gcomhairle le coimisinéir nua faoi chomharthaíocht Ghaeilge

Tá conspóid le tamall faoi chinneadh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh i Stáisiún Láir Bhéal Feirste

Molta san ard-chúirt go rachfaí i gcomhairle le coimisinéir nua faoi chomharthaíocht Ghaeilge

Tá sé molta ag breitheamh ard-chúirte i mBéal Feirste go n-iarrfaí treoir ón gCoimisinéir Gaeilge, atá le ceapadh go luath sa Tuaisceart, maidir leis an gcinneadh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.

Bhí iarratas idirghabhála faoi bhráid na hArd-Chúirte inniu ag Conradh na Gaeilge ina raibh an eagraíocht teanga ag tacú le cinneadh an Aire Bonneagair, Liz Kimmins an chomharthaíocht a cheadú sa stáisiún nua i lár na cathrach.

Ní dhearna an Breitheamh Gerry McAlinden aon chinneadh inniu faoin iarratas idirghabhála ach mol sé do na hairí in Stormont a bhfuil baint acu leis an gceist a machnamh a dhéanamh ar an gcás agus mhol sé go lorgófaí treoir agus saineolas ón gCoimisinéir Gaeilge. Cé nár ceapadh an Coimisinéir nua go fóill, tuigtear gurb é Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a bheidh sa ról.

Dúirt Uachtarán an Chonartha Ciarán Mac Giolla Bhéin go raibh sé ag súil go dtacódh an coimisinéir nua leis an gcinneadh a rinne an tAire Kimmins an chéad lá an chomharthaíocht dhátheangach a chrochadh sa stáisiún.

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh threoir na hArd-Chúirte inniu chun cead a thabhairt [dóibh] na páipéir uilig a bhaineann leis an chás seo a fheiceáil, rudaí a diúltaíodh dúinn roimhe seo. Níos tábhachtaí arís, molann muid treoir an bhreithimh a d’iarr comhairle agus treoir ón Choimisinéir Gaeilge ar an cheist seo.

“Bheadh muid ag súil go mbeadh comhairle an Choimisinéara, a mbeidh dualgas air caighdeáin teanga dea-chleachtais a ullmhú, ag moladh na comharthaíochta dátheangaí mar ghníomh dea-chleachtais atá ag teacht le tíortha eile atá ag tabhairt faoi na ceisteanna céanna seo. Ar an bhunús sin, ba cheart go dtacódh aon treoir ón Choimisinéir le bunchinneadh an Aire,” a dúirt sé.

Bhí an fear atá á lua le ról an Choimisinéara Gaeilge, Pól Deeds, sa toscaireacht ó Fhoras na Gaeilge a chas leis an Aire Kimmins an mhí seo caite. Tugadh moladh do Kimmins ag an gcruinniú sin as “an cheannasaíocht atá léirithe ag an Roinn Bonneagair i réimse na cosanta teanga” agus tréaslaíodh leis an aire as “a hiarrachtaí chun comharthaíocht dhátheangach a chinntiú don mhol úr iompair i mBéal Feirste.

Tá Conradh na Gaeilge den tuairim go raibh cinneadh an Aire “iomlán ceart” agus go raibh an chumhacht aici an cinneadh a dhéanamh aisti féin. Tá an gníomhaí frith-Ghaeilge Jamie Bryson agus an tAire Pobal, Gordon Lyons, atá tar éis an dúshlán cúirte in aghaidh an chinnidh a thabhairt, den tuairim gur cheart go mbeadh an cás curtha os comhair an Tionóil ag Kimmins sular ceadaíodh an chomharthaíocht.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh cinneadh an Aire “ag teacht le dualgais a Roinne faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh” agus leis na geallúintí a tugadh faoin nGaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta.

“Thacaigh rún a ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar son na comharthaíochta áirithe seo go mór le cinneadh an Aire fosta, agus chuir Foras na Gaeilge, a bhfuil dualgas reachtúil orthu comhairle a chur ar Ranna Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge, comhairle ar an Aire gur fiú agus gur fearr an chomharthaíocht seo a dhéanamh ar bhonn dátheangach.

“Is léiriú í an chomharthaíocht dhátheangach ar an chomhionannas, áit a gcuirtear an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh, ar aon dul, ar aon mhéid. Níl aon rud conspóideach faoin chomhionannas. Insíonn an dea-chleachtas idirnáisiúnta sa ghort seo dúinn go gcuireann infheictheacht na Gaeilge in áiteanna poiblí go mór le normalú na teanga,” a dúirt sé.

Ghabh an Conradh buíochas leis an gCoiste um Riar an Chirt as an tacaíocht a tugadh dóibh agus iad á réiteach féin don chás.

Tá éisteacht san Ard-Chúirt le bheith ar siúl ar an 25 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Molta san ard-chúirt go rachfaí i gcomhairle le coimisinéir nua faoi chomharthaíocht Ghaeilge'