Moladh faoi leith ag dul don Bhaile Átha Cliathach Barry Keoghan in ‘American Animals’

Ní haon Ocean’s 11 atá in ‘American Animals’, saothar é nach bhfuil ‘bunaithe’ ar scéal fíor, ach atá ina scéal fíor amach is amach

Moladh faoi leith ag dul don Bhaile Átha Cliathach Barry Keoghan in ‘American Animals’

American Animals
Stiúrthóir: Bart Layton
Cliar: Evan Peters, Barry Keoghan, Blake Jenner, Jared Abrahamson.

Maítear, go neamhbhalbh coráistiúil ag tús an tsaothair seo nach saothar é atá ‘bunaithe’ ar scéal fíor, ach gur scéal fíor amach is amach a bheidh idir chamáin. Lena cheart a thabhairt don saothar seo ní thagann an scannán féin salach ar an ngáir mhaíte sin.

I mí na Nollag 2004 dhein ceathrar liúdramán a bhí ag freastal ar Ollscoil Transylvania in Kentucky ruathar robála ar leabharlann na hollscoile mar a raibh leabhair luachmhara, cóip de Birds of America le John James Audubon (gur fiú na milliúin é) ina measc, á gcoimeád. Scannán robála atá anseo cinnte ach níor eascair aon ní mar seo as an seánra sin riamh cheana.

Tugtar faoin ábhar go sollúnta agus go magúil. Cloigne cainte measctha leis an drámaíocht, caint na bhfíordhaoine cniotáilte leis an aisteoireacht agus i radharc amháin bhí duine de na liúdramáin úd suite taobh leis gcarachtar atá bunaithe air.

Ag tús an scannáin cítear an bhuíon ag tiargáil chun robála ach ní fada go dtugtar siar ocht mí dhéag sinn le go gcímid an plean á cheapadh. Duine ar leithligh é Spencer (Keoghan), é machnamhach ach páistiúil agus faoi dhraíocht ag a chara Warren (Peters), fear atá ait ann féin mar aon le bheith tiarnúil agus diongbháilte faoin chuid tuairimí féin. Tá siad beirt bailithe den saol, Spencer ach go háirithe, agus é ag fanacht ar an gcor cinniúnach ina shaol a chuirfidh ar bhóthar a leasa é mar ealaíontóir.

Is go fánach a luann sé na leabhair luachmhara ar dtús ach diaidh ar ndiaidh éiríonn siad gafa leis an smaoineamh. Cuirtear ina luí orainn go bhfuilid beirt, Spencer ach go háirithe, ag feitheamh go dtiocfaidh dris chosáin éigin sa tslí orthu nach féidir leo a shárú agus go mbeidh orthu a gcaipíní a chaitheamh leis an gcúram.

Ní fada nó go ndéanann siad beirt eile a earcú, Eric (Abrahamson) agus Chas (Jenner) agus leanann siad orthu ar bhóthar a n-aimhleasa. Labhraíonn an ceathrar fear iad féin agus is breá mar a dhéantar a n-ionchur macánta a shníomh leis an drámaíocht. Is minic go dtagann cuimhní cinn na bpearsan éagsúil salach ar a chéile agus is go seiftiúil seoigh a léirítear sin.

Tugann an cliar ar fad taispeántais bhreátha uathu ach tá moladh faoi leith ag dul don Bhaile Átha Cliathach, Barry Keoghan. Éiríonn leis dul go feirc sa charachtar saonta machnamhach amaideach atá idir lámha aige.

Tá bá againn leis na hamadáin seo cé go gcuireann a ngníomhartha buile déistin agus alltacht orainn.

Bímid ar tinneall fad is at bhíonn siad ag tabhairt faoin robáil go liobarnach; ní haon Ocean’s 11 iad seo. In ainneoin an mhagaidh ar fad, léirítear dúinn, ag an gcríoch ach go háirithe, go ndein na gníomhartha buile cac sleaidí de shaol na bhfear óg seo. 

Fág freagra ar 'Moladh faoi leith ag dul don Bhaile Átha Cliathach Barry Keoghan in ‘American Animals’'