Moladh déanta i parlaimint na Breataine go gcraolfaí ábhar Ultaise ar RTÉ

Agus é ag tagairt don obair a bhí á déanamh ag eagraíochtaí Ultaise ó thuaidh, dúirt Julian Smith go raibh oidhreacht láidir ag an Ultais in áiteanna ó dheas

Moladh déanta i parlaimint na Breataine go gcraolfaí ábhar Ultaise ar RTÉ

Agus plé á dhéanamh ar reachtaíocht teanga ó thuaidh in Westminster inné, mhol iar-Státrúnaí Thuaisceart Éireann gur chóir do RTÉ smaoineamh ar chláir Ultaise a chraoladh.

Dúirt Julian Smith MP go bhféadfaí cláir Ultaise a chraoladh ar RTÉ amach anseo mar aitheantas ar an gcultúr “bríomhar” Ultaise atá ann ó dheas in Éirinn.

Agus é ag tagairt don obair a bhí á déanamh ag eagraíochtaí Ultaise ó thuaidh, dúirt Smith go raibh oidhreacht láidir Ultaise in áiteanna eile ó dheas agus luaigh sé an Cabhán, Muineachán agus Dún na nGall.

Mheas sé go bhféadfadh an craoltóir náisiúnta ábhar Ultaise a chraoladh ó dheas.

“Ar ndóigh, níl sé cuí labhairt faoi chraoltóirí i dtíortha eile, ach measaim go bhfuil an ceart agam nach gcraoltar aon ábhar Ultaise ar RTÉ, rud b’fhéidir a bhféadfaí breathnú air nó cuimhneamh air i bhfeachtais sa todhchaí.”

Dúirt Smith gur chuir an Roinn Dhigiteach, Cultúir, Meán agus Spóirt i Sasana maoiniú ar fáil chun ábhar Ultaise a chraoladh ach go raibh deireadh tagtha leis an maoiniú sin anois. Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh Rialtas na Breataine in ann airgead a chur ar fáil arís chun tacú le craoladh na hUltaise.

Bhí Smith ina Státrúnaí do Thuaisceart Éireann idir mí Iúil 2019 agus mí Feabhra 2020, nuair a fuair Boris Johnson réidh leis mar chuid d’atheagar ar a chomh-aireacht. Is é Smith a bhí ina Státrúnaí nuair a aontaíodh an comhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, inar gealladh an reachtaíocht féiniúlachta agus teanga.

Bhí Smith ag labhairt i dTeach na dTeachtaí le linn an dara léamh den reachtaíocht sin agus an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) anois seolta ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, Céim an Choiste.

An Ghaeilge le cloisteáil i bParlaimint Westminster agus reachtaíocht teanga seolta ar aghaidh

 

Tá sé i gceist leis an mbille seo stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair. Faoin reachtaíocht úr cheapfaí beirt Choimisinéirí Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Níor thacaigh an DUP leis an reachtaíocht inné agus tá ráite acu go gcoinneoidh an páirtí ag cur i gcoinne na reachtaíochta mura nglactar le leasuithe ag Céim an Choiste.

Is í an fhadhb is mó atá ag na hAontachtóirí leis an reachtaíocht ná na cumhachtaí a bheidh ag na coimisinéirí nua atá le ceapadh.

Faoin reachtaíocht, beidh Coimisinéir na Gaeilge in ann moltaí a dhéanamh do na húdaráis phoiblí maidir le haon teip cloí leis an reachtaíocht ach ní bheidh Coimisinéir na hUltaise in ann ach “comhairle” a thabhairt.

Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go mbeadh Coimisinéir na Gaeilge in ann “iallach” a chur ar na húdaráis, rud nach mbeadh Coimisinéir na hUltaise in ann a dhéanamh agus gur ceist thábhachtach a bhí ansin don DUP a chaithfí a réiteach.

Cé gurbh é a bhí ina Státrúnaí nuair a aontaíodh an comhaontú, dúirt Julian Smith inné gur thuig sé an imní a bhí ar Aontachtaithe agus gur dóigh gur theastaigh “tuilleadh anailíse” a dhéanamh ar an gceist.

Fág freagra ar 'Moladh déanta i parlaimint na Breataine go gcraolfaí ábhar Ultaise ar RTÉ'

  • Pól Ó Braoin

    Ba mhaith liom bheith in ann éisteacht leis an Ultais. Níor chuala riamh í. Tugtar an seans dúinn éisteacht léi agus roinnt a fhoghlaim!

  • Breathnóir1

    Is smaoineamh maith é seo. Leoga tá cúpla ionad cultúrtha ann don Ultais suite in oirthear Dhún na nGall, agus ba chóir do RTE freastal ar lucht labhartha Ultaise an Stáit agus ar dhaoine a mbeadh suim acu sa chultúr sin.
    Ach ba chóir freisin go mbeadh ábhar Gaeilge á chraoladh ar leithéidí UTV agus Virgin Media Ireland.
    Cá mhéad uair an chloig de chláir Ghaeilge a craoladh san iomlán ar na cainéil sin ó bunaíodh iad? Déarfainn gur fíorbheagán (nó faic na fríde…)