Tá moladh déanta ag Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go bhfostódh eagraíochtaí stáit oifigigh pleanála teanga ar bhonn “lánaimseartha”
Dúirt John Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, nach raibh aon chúis ann nach bhféadfadh Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge oifigigh pleanála teanga “a fhostú go buan” ós rud é go bhfuil an rialtas ag tabhairt airgid cheana féin do na coistí deonacha chun na hoifigigh pleanála teanga a íoc. Údarás na Gaeltachta atá freagrach as córas pleanála teanga na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a bhíonn ag plé leis an gcóras taobh amuigh den Ghaeltacht.
Dúirt John Connolly nach bhfuil na coinníollacha oibre “chomh maith” sin ag na hoifigigh pleanála teanga i gcomparáid le duine éigin a bheadh ag obair sa státseirbhís agus gur fadhb í sin gur gá “breathnú” uirthi.
Thagair sé chomh maith do na deacrachtaí a bhaineann leis an phleanáil teanga ina cheantar féin. Dúirt sé nach féidir oifigeach pleanála amháin a choinneáil sa ról ar chúiseanna áirithe.
“Feicim i mo cheantar féin [Bearna-Cnoc na Cathrach] go mbíonn athrú go rialta ar an duine atá sa ról,” a dúirt sé.
Mhaígh Connolly gur ról deacair é a bheith i do OPT, ach gur “ról tábhachtach é don phobal”.
Dúirt sé ag díospóireacht a bhí ar siúl sa Dáil do Sheachtain na Gaeilge go bhfuil “neart infheistíochta” déanta ag an stát i gcúrsaí pleanála teanga ach go raibh “sách imní” air faoi thodhchaí na Gaeltachta mar go bhfuil laghdú tagtha ar líon an gcainteoirí laethúla.
“Níor mhaith liom smaoineamh go dtiocfadh an lá go mbeadh muid ag caint ar cheantair Ghaeltachta nach Gaeltacht iad. Tá an imní sin orm agus ba cheart dom é a chur os comhair an Aire,” a dúirt sé.
Dúirt Dónal Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, go n-aontaíonn sé le moltaí Connolly ar láimh amháin ach nach n-aontaíonn sé leo ar an lámh eile.
Ag labhairt le Tuairisc, dúirt sé go bhfuil sé den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh oifigeach pleanála teanga “ionadaíocht ar an phobal, seachas don stáit”.
Agus dúirt sé go gcaithfidh gach oifigeach pleanála teanga stocaireacht a dhéanamh ar “pholasaithe stáit, maoiniú agus seirbhísí.”
“Tá saoirse ag an oifigeach pleanála teanga faoi láthair mar níl muid fostaithe ag an Údarás nó ag an Roinn. Thig linn a bheith glórach agus a bheith ag labhairt amach.”
“Dá mbeadh na hoifigigh [OPTanna] fostaithe, abair, ag Údarás na Gaeltachta nó ag Foras na Gaeilge – cha bheadh an oiread sin saoirse agat, is dócha.”
Cuireadh tús le feidhmiú na bpleananna teanga in 2018 agus ceapadh an chéad oifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht i mí an Mheithimh 2018.
Thagair Ó Cnáimshí, don mhéid a bhí le rá ag Éamon Ó Cuív faoi chóras na pleanála teanga nuair a tugadh isteach Acht na Gaeltachta 2012.
“Dúirt Éamom Ó Cuív go raibh muintir na Gaeltachta i bhfad róchiúin” agus go raibh urlabhraí nó gníomhaí ins na ceantracha Gaeltachta de dhíobháil orthu, a bheadh sásta labhairt amach agus stocaireacht a dhéanamh ar son a gceantar féin.”
“Tá géarghá le go mbeadh siad [na hoifigigh pleanála teanga] glórach mar tá daoine istigh in oifigí ag déanamh cinntí ar bhur son, a dúirt Ó Cuív, ag an am.”
Dúirt Ó Cnáimhsí go raibh “an ceart” ag John Connolly faoin méid a bhí le rá aige faoi na coinníollacha oibre atá ag na hoifigigh pleanála teanga atá fostaithe san am i láthair.
“Tá lear againn [OPTanna] anois ag barr an scála agus tá muid ann le seacht mbliana. Tá muid ag fáil imní achan uile bhliain.”
“Caidé atá ag gabháil a tharlú amach romhainn? An bhfuil muidinne ag fanacht ag an leibhéal sin anois. Dá mbeadh muid istigh sa státsheirbhís bheadh muid ag gabháil suas an dréimire.”
Dúirt Ó Cnáimhsí go mbíonn bac ar an phróiseas pleanála teanga dul chun cinn a dhéanamh in ceantracha áirithe mar go mbíonn sé deacair daoine a earcú in amanna agus mar go n-éiríonn daoine as.
“Níl achan uile cheantar go bhfuil comharchumann láidir acu agus go bhfuil struchtúr acu le daoine a earcú, mar sin tá an deacracht sin ann.”
“Tá áiteachaí go leor ansin agus níl an córas acu le daoine a earcú mar is ceart mar gur coistí deonacha atá iontu,” a dúirt sé.
I dtuarascáil faoin phleanáil teanga, a foilsíodh ag tús na bliana seo, dúradh go raibh gá le hathrú láithreach ar an gcóras pleanála teanga le go mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Dúradh san athbhreithniú neamhspleách, a choimisiúnaigh Roinn nGaeltachta, ar na chéad deich bplean teanga go raibh an córas pleanála teanga lochtach agus go raibh gá é a athrú láithreach.
Dúradh go raibh gá aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil teanga sa Ghaeltacht sula mbeadh sé ródhéanach an Ghaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail.
Fág freagra ar 'Moladh déanta ag Teachta Dála de chuid an rialtais go bhfostódh Údarás na Gaeltachta oifigigh pleanála teanga'