MO ROGHA BIA… le Alan Titley

Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo, an scríbhneoir Alan Titley.

Alan Titley - Scéal na Gaeilge 2
Alan Titley agus an clár iomráiteach Scéal na Gaeilge á chur i láthair aige.

 

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann? B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo roinneann an scríbhneoir ildánach Alan Titley a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Alan Titley: Is robhaol go bhfuilim an-leisciúil agus an-thraidisiúnta ar an gcuma seo. Sa chás is nach n-ordaím uimhir a 56 on mbialann Shíneach is gaire, is maith liom ábhar simplí. Prátaí, glasraí cócarailte go maith deas bog is an súlach ag sileadh astu, agus feoil de shaghas éigin. Ní feoilséantóir me, mar is amhlaidh gur chaith mo shinsir an-dua le bheith ag seilg béisteanna ar na cnoic agus tá ginte ionam ó shin. Ach ar an gcuma chéanna, is maith liom go mbeadh an t-ainmhí, an gabhar féin, an gadhar da mba ghá, róstaithe. Ní chreidim sa nós Francach, an fhuil fós a bheith ag sileadh astu. Nuair a thángamar ar thine, milliún éigin bliain ó shin, bhí i gceist go mbainfimis leas as.

BB: Cén scéal a bhaineann leis?

AT: Scéal mo thógála. Ní chleachtaimis feoil amh, na prátaí nach raibh ar fiuchadh le fada, ná glasraí crua a bhrisfeadh na fiacla id dhrandal. Is éis gátaraí, áfach, maidir le hainmhí ar bith, ná an clúmh a bhaint de, mar gabhann greamaithe sa scornaigh agus níl blas ródheas uaidh.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

AT: Is mo d’fhear leanna mé na fear fíona. Is breá liom an bheoir a dheineann na manaigh, go háirithe sa Bheilg. Bíonn naofa agus bíonn láidir, agus braitheann tú go bhfuil grásta ag sileadh ort ina theannta.

BB: Céard iad na cómhábhair?

AT: Anraith ar dtúis. Níor thóg mo mhuintir féin an t-anraith riamh, agus táim ag iarraidh é sin a chúiteamh leo. Ina dhiaidh sin, rud ar bith seachas cáis. Braitheann gur feall ar ainmhí a cuid bainne a thógaint agus glugar a dhéanamh as, go háirithe an saghas a mbíonn péisteanna ag sníomh tríd agus poill go deireadh ann.

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriail sa mbaile!

AT: B’fhearr liom nach mbainfeadh aon duine eile triail as mo chuidse cócaireachta, mar ní bheinn freagrach as an toradh a bheadh air.

Tá leabhar nua Alan Titley An Bhean Feasa ar fáil anois

Fág freagra ar 'MO ROGHA BIA… le Alan Titley'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    N’fheadar cad deirim leat mar dhuine!