Mná RTÉ RnaG fágtha ar lár i dtuarascáil nua a mhaoinigh an BAI

Níor lorgaíodh aon eolas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi líon na mban a bhíonn ar an aer acu mar chuid de thuarascáil atá maoinithe ag an BAI agus atá le seoladh inniu

RnaG

Níor iarradh aon eolas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi líon na mban a bhíonn ar an aer acu mar chuid de thuarascáil atá maoinithe ag an BAI agus atá le seoladh ag an Aire Cumarsáide Alex White inniu.

Sa tuarascáil a fhoilseofar inniu, léirítear gur fir a bhí i 72% de na daoine a labhair ar stáisiúin náisiúnta i gcaitheamh trí seachtaine sa bhliain 2014.

Cé nach bhfuil aon fhigiúirí ar fáil maidir le céatadán na mban a bhíonn le cloisteáil ar chláir RTÉ RnaG, tá an stáisiún Gaeilge go mór chun tosaigh maidir le líon na mban a chuireann cláir i láthair.

Is minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach mbíonn aon láithreoir fir le cloisteáil go dtí mbíonn sé ina ardtráthnóna agus Máirtín Tom Sheáinín i mbun clár cainte ag 2 pm. Tá 19 clár luaite ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair agus is mná a chuireann beagán le cois 50% de na cláir sin i láthair.

Maidir le líon na mban a bhíonn le cloisteáil mar aíonna ar chláir RnaG, dúirt Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir an chláir Cormac ag Cúig, go mbíonn deacracht bhreise ag an gclár Gaeilge cothromaíocht ó thaobh inscne a bhaint amach. “Bíonn orainne iarracht a dhéanamh an cainteoir is fearr a fháil, ach ansin caithfidh Gaeilge mhaith a bheith ag an duine sin chomh maith, dúshlán breise atá ann,” a deir Ó Drisceoil.

Tháinig sé chun solais le déanaí ar shuirbhé a rinne lucht Cormac ag a Cúig i measc a gcuid éisteoirí gur mhaith le daoine go mbeadh níos mó ban páirteach sa mhír ‘Painéal an Luain’ a bhíonn ar an gclár agus táthar ag iarraidh faoi láthair freastal ar an éileamh sin.

Níor éirigh le Tuairisc.ie aon fhreagra a fháil ó Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ná ó údair na tuarascála maidir leis an gcúis nár lorgaíodh eolas ó RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid den taighde.

Is í an Dr Jane Suiter ón Scoil Cumarsáide in DCU a scríobh an tuarascáil Hearing Women’s Voices? in éineacht le Orla O’Connor, Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn, agus an taighdeoir neamhspleách an Dr Kathy Walsh.

Dúirt duine d’údair na tuarascála go raibh roinnt oibre le déanamh fós ag stáisiúin náisiúnta raidió na hÉireann le go mbainfidís amach an sprioc gur le mná 30% de na glórtha a chloisfí ar an aer. Ba chóir gur mná a bheadh in idir 40-60% de na haíonna ar chláir na stáisiún, a deirtear sa tuarascáil.

Fág freagra ar 'Mná RTÉ RnaG fágtha ar lár i dtuarascáil nua a mhaoinigh an BAI'