Tamall maith de bhlianta ó shin rinne mé roinnt cóitseála le foireann camógaíochta Chumann Barra Naofa i gCorcaigh. Bhíodar ag imirt i ngrád an sóisear ag an am.
An tráth sin bhí borradh faoi chúrsaí camógaíochta sa chlub agus roinnt mhaith cailíní ag tosú ag imirt. Bhí mise ag plé leis na himreoirí ba shine agus chuir sé ionadh orm ag an am cé chomh dáiríre agus macánta a bhí siad, i bhfad níos fearr ná na fir, cheapas. Rinne siad gach ar iarradh orthu agus, gan dabht, i rith na mblianta tháinig feabhas orthu agus ar chaighdeán na camógaíochta sa chlub, sa chontae agus sa tír.
Tá dul chun cinn déanta ag an leibhéal sinsir idirchontae ó thaobh measa de ach tá i bhfad níos mó le déanamh ag na boird chontae agus ag cumainn chamógaíochta na tíre. Gan dabht ba chóir caitheamh go cothrom leis na himreoirí seo a thugann an t-uafás ó thaobh iarrachta de chun a bheith ullamh dos na cluichí.
Ar pháirc na himeartha tá an caighdeán ag ardú bliain i ndiaidh bliana ach is beag contae taobh amuigh de leathdhosaen atá maith go leor do chaighdeán na linne. Le roinnt blianta anuas is iad an Ghaillimh, Cill Chainnigh agus Corcaigh atá ar bharr. Ó thosach na mílaoise bhí a dtréimhsí ceannais ag Loch Garman agus Tiobraid Árann agus, dar ndóigh, bhí blianta fada ann nuair a bhí mná Átha Cliath ina mbanríona sa spórt.
Tá ceann de na boic mhóra, Corcaigh, ar ais sa chluiche ceannais arís amárach agus aghaidh á thabhairt acu ar Phort Láirge, foireann nach raibh a gcontae sa chluiche ceannais ó chaill siad cluiche ceannais na bliana a chríochnaigh an dara cogadh domhanda, 1945.
Sea, beidh mná na nDéise ag teacht amach ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh amárach agus Corcaigh idir iad agus an duais mhór agus gaisce stairiúil. Sin Corcaigh a bhfuil an corn buaite acu ocht n-uaire is fiche agus iad ina dtánaistí dhá uair is fiche. Sin taithí, traidisiún agus stair duit. Ó thosach na mílaoise tá an chraobh buaite acu naoi n-uaire agus í caillte acu ocht n-uaire. Dar ndóigh, chaill siad an dá chraobh dheireanacha.
Tá Port Láirge ag tabhairt faoin gcluiche ceannais seo agus iad lán de spiorad agus dóchas. Bhuaigh siad ar Chorcaigh sa chluiche ceathrú ceannais cúige ag deireadh mhí Aibreáin ach theip orthu sa chéad chluiche eile i gcoinne Thiobraid Árann. Dar ndóigh bhaineadar díoltas amach coicís ó shin.
Ba é an cluiche ceathrú ceannais sin an chéad uair ar bhuaigh siad ar Chorcaigh ó fuaireadar an t-ardú céime go Roinn a hAon ocht mbliana ó shin. D’imríodar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus bhí an chuma ar an scéal ar feadh chuid maith den choimhlint sin gurbh iad na Déise a bheadh ag imirt sa chluiche ceannais ach theip orthu ag an deireadh.
Chonaic mé an dá chluiche leathcheannais a imríodh in aimsir thar a bheith salach gránna, go háirithe an chéad cheann idir na Déise agus na Tiobraid Árannaigh. Bhí tosach thar a bheith mall agus lag ag na Déise ach diaidh ar ndiaidh tharraing siad iad féin ar ais sa chluiche agus léirigh siad an-díocas chun oibre, go háirithe sa dara leath. Tá ceann de na tosaithe is fearr sa tír acu, Beth Carton, mar aon le leithéidí Vikki Faulkner, an captaen Lorraine Bray agus Mairéad Power.
Ach tá foireann Chorcaí breac le réalta agus lán taithí agus má fhaigheann siad 100% ó leithéidí Amy O’Connor, Saoirse McCarthy, Katrina Mackey, Hannah Looney agus Aisling agus Clíona Healy, beirt a bhí an-mhaith nuair a thángadar isteach mar ionadaithe sa dá cluiche deireanach, beidh sé deacair iad a stopadh.
Fág freagra ar 'Mná na nDéise ag iarraidh creathadh a bhaint as an traidisiún'