‘Místuama’ ceist na Gaeilge agus ceist an ghinmhillte a cheangal le chéile – an tOrd Oráisteach

Dúirt ministéir aitheanta ón Eaglais Phreispitéireach an tseachtain seo gur chóir acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh ar mhaithe le reachtaíocht a cheadódh ginmhilleadh a sheachaint

‘Místuama’ ceist na Gaeilge agus ceist an ghinmhillte a cheangal le chéile – an tOrd Oráisteach

Taoiseach Leo Varadkar le an tUrramach Mervyn Gibson. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite ag príomhrúnaí an Oird Oráistigh nár cheart aon cheangal a dhéanamh idir ceist an achta Ghaeilge agus ceist an ghinmhillte ó thuaidh.

Dúirt an tUrramach Mervyn Gibson go raibh sé “místuama” ag an ministéir aitheanta ón Eaglais Phreispitéireach Trevor Gribben an ceangal sin a dhéanamh.

Dúirt Gribben an tseachtain seo gur chóir “línte dearga” faoin nGaeilge a chur ar leataobh ar mhaithe le reachtaíocht a cheadódh ginmhilleadh sna sé chontae a sheachaint.

Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach do chuid de “chomhshaoránaigh’ na sé chontae, “Caitlicigh  agus daoine ón gcúlra náisiúnach” ina measc.

“Mar sin níor chóir go mbeadh aon eagla orainn reachtaíocht stuama a thabhairt isteach agus na daoine sin atá ag iarraidh í a bhlocáil, is amhlaidh atá siad ag déanamh ár n-aimhleas. Tá an ginmhilleadh i bhfad níos tábhachtaí – ba chóir dúinn an Tionól a chur ag obair arís,” a dúirt an tUrramach Gribben.

Ach d’easaontaigh Mervyn Gibson, príomhrúnaí an Oird Oráistigh, leis an méid sin.

“Thacaigh mé le hiarratas na gceannairí eaglaise go gcuirfí stop leis an reachtaíocht seo i dTuaisceart Éireann. Thacaigh mé lena n-iarratas go mbeadh comhghéilleadh agus go deimhin ghuigh mo phobal féin go gcuirfí stop leis an mbille ginmhillte teacht go Tuaisceart Éireann agus guíodh chomh maith go mbeadh comhghéilleadh ann sna cainteanna.

“An áit a n-easaontaím leis, agus ní ar mo shonsa a labhraíonn sé sa chás seo, ná mar gheall ar an cheist a cheangal leis an díospóireacht faoin nGaeilge. Creidim go bhfuil sé sin mícheart. Sílim go mbíonn cúiseanna maithe ag daoine cur ina choinne [an t-acht Gaeilge] ach is díospóireacht éagsúil ón díospóireacht faoin nginmhilleadh atá inti.

“Is díospóireachtaí éagsúla ar fad iad agus is amhlaidh a dhéanann sé an scéal níos casta má dhéantar iad a cheangal le chéile.”

De réir an achta Northern Ireland (Executive Formation) a ritheadh in Westminster i mí Iúil i mbliana, mura mbeidh Tionól Stormont ag feidhmiú  faoin 21 Deireadh Fómhair caithfidh an Rialtas in Westminster reachtaíocht a ullmhú ionas go mbeadh ginmhilleadh ar fáil i dTuaisceart Éireann.

Faoin reachtaíocht sin chaithfeadh na rialacháin chuí a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh an Mhárta 2020.

Tá ceist an achta Ghaeilge ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh athbhunú Stormont.

Fág freagra ar '‘Místuama’ ceist na Gaeilge agus ceist an ghinmhillte a cheangal le chéile – an tOrd Oráisteach'