Beidh ollchruinniú ag an bPáirtí Aontachtach, an UUP, i gceann coicíse chun a gceannaire agus leascheannaire nua a dhearbhú.
Níor sheas éinne in éadan John Burrows agus Diana Armstrong. Dá bhrí sin is iad a thiocfaidh i gceannas ar an UUP lá ‘le Bríde. Beidh Burrows ar an gcúigiú ceannaire neamhthofa as a chéile ar an bpáirtí aontachtach a rith an Tuaisceart ar feadh caoga bliain ach nach léir anois céard le haghaidh é nó cé dó a sheasann sé.
D’uireasa toghchán agus feachtasaíocht, ní fios cén fhís atá ag an bhfoireann nua don pháirtí nó conas a fhéachfaidh siad leis an tacaíocht atá caillte ag an bpáirtí, nó cuid di, a mhealladh ar ais. Bunaithe ar chur chuige Burrows sna díospóireachtaí in Stormont sna seacht mí ó chuaigh sé le polaitíocht i dtosach measadh go mbogfadh sé an UUP i dtreo an DUP/TUV. Bhí a laghad eolais ag daoine faoi Burrows, áfach, nárbh fhéidir talamh slán a dhéanamh d’aon ní.
Bhí an míshuaimhneas i dtaca leis an treo a bhí á roghnú ag an bpáirtí faoin gceannaire nua intuigthe ó ráiteas an Teachta Tionóil, Robbie Butler an leascheannaire reatha nuair a d’fhógair sé Déardaoin nach mbeadh sé san iomaíocht. Bhí súil ag Teachtaí Tionóil eile go seasfadh Butler an t-am seo ach ó bhí sé ina thost le coicís níorbh iontas é nuair a tháinig a fhógra cúpla uair an chloig sular dúnadh an próiseas ainmniúcháin.
Bhí a ráiteas ábhairín diamhair, níor luaigh sé ainm Burrows ach níor spéis leis ‘stíl cheannaireachta éagsúil a dhíreodh ar threo nua a bhfuil dúil ag go leor sa pháirtí ann anois’. Dúirt sé go soiléir gur chreid sé féin in aontachtachas ‘nua-aoiseach, dearfach, muiníneach le coinsias sóisialta’ bunaithe ar stíl David Trimble agus Mike Nesbitt.
Ba cheart d’aontachtaithe a bheith ag freastal ar dhaoine nár bhain leo go traidisiúnta chomh maith lena lucht tacaíochta, dar leis, ar mhaithe le Tuaisceart Éireann rathúil inniu agus do na glúnta in ár ndiaidh. Dúirt sé go raibh daoine sa pháirtí ag tathant air seasamh ach ba léir gur chinn sé nach mbeadh an lá leis.
Dúirt Butler go scrúdódh sé go coinsiasach cur chuige na gceannairí nua sna seachtainí romhainn. Leide go bhfuil sé ag déanamh a mhachnaimh faoin todhchaí? Bhí Teachtaí Tionóil eile de chuid an pháirtí oscailte faoi go raibh siad míshásta go raibh sé de dhánaíocht ag Burrows a dhul sa tóir ar an gceannaireacht gan aon taithí pholaitiúil aige gurbh fhiú trácht uirthi. Áiríodh go raibh seisear –as an deichniúr ar fad – míshásta. An mbeidh Jon Burrows in ann iad a mhealladh, a dtacaíocht a shaothrú? Measann siad go bhfuil sé sotalach (muiníneach a déarfadh sé féin) ach thar aon ní, níl a fhios acu cé na polasaithe atá aige.
‘An páirtí is daonlathaí i dTuaisceart Éireann’. Sin mar a chuir Jon Burrows síos ar an UUP nuair a d’fhógair sé go raibh sé sa tóir ar an gceannaireacht i gcomharbacht ar Mike Nesbitt. Ag tagairt do cheart vótála a bheith ag gach ball den pháirtí a bhí sé, ach dúirt se freisin nárbh fhiú tada an lipéad mura dtarlódh vótáil. Theastaigh toghchán uaidh chun go bpléifí luachanna agus polasaithe an UUP agus ansin go n-aontóidís leis an mbuaiteoir.
Chuideodh toghchán ceannaireachta leis ar bhealaí eile freisin. Thabharfadh sé taithí dó ar chomórtas den chéad uair. Mar phóilín sinsearach bhí taithí fhairsing aige, ach is ainmhí eile í an pholaitíocht. Nuair a dhearbhóidh an páirtí é mar cheannaire beidh sé ar an gcúigiú fear sa phost gan toghchán ach an chéad duine nár sheas i dtoghchán d’aon chineál ariamh.
Mar Theachta Tionóil comhthofa, le comhiarrthóir don leascheannaireacht, Diana Armstrong, gur Teachta comhthofa ise freisin, theastaigh comórtas go géar ó Jon Burrows.
Rinne Burrows talamh slán de go mbeadh Robbie Butler san iomaíocht ach go mbeadh an lá leis féin nuair a bheadh vótaí Fhear Manach aige, a bhuíochas dá chomhbhádóir Diana Armstrong. Thabharfadh bua san toghchán ceannaireachta cosaint agus dearbhú do in aghaidh na ngearán faoina easpa taithí. Cheil Butler an seans sin air. An mbeidh ciallachais aige sin don UUP agus gan ach bliain agus cúpla mí acu roimh thoghcháin don Tionól agus do na Comhairlí?
Fág freagra ar 'Míshuaimhneas faoi cheannaire neamhthofa eile an UUP'