Míshástacht faoin ‘moill’ atá ar phlé an Bhille Teanga léirithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Gheall Jack Chambers sa Dáil go ndéanfaí leasuithe ar an mbille ag an gcéad chéim eile a chinnteodh go mbeadh ‘bille an-láidir ann’ faoin am a n-achtófaí é

Míshástacht faoin ‘moill’ atá ar phlé an Bhille Teanga léirithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Níl an Bille Teanga á chur chun cinn tapa go leor, dar le hAire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers nach bhfuil an luas ag a bhfuil an bille ag dul trí Thithe an Oireachtais “sásúil in aon chor”.

Gheall an Rialtas go mbeadh an Bille nua achtaithe roimh dheireadh na bliana 2020 ach tá an sprioc sin sáraithe anois agus gach cuma ar an scéal go mbeidh roinnt míonna eile ann sula mbeidh an obair uile curtha i gcrích.

Tá seacht seisiún dhá uair an chloig ar an mBille curtha díobh ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais ach, den 308 leasú ar fad atá molta, níl plé déanta ach ar 105 acu agus níl an plé críochnaithe go hiomlán ach ar 96 leasú.

Léirigh an tAire Stáit Chambers a fhrustrachas leis an moill agus ráiteas faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á thabhairt aige sa Dáil inné.

“De bharr na paindéime, táthar ag dul chun cinn an-mhall ag plé le leasuithe Chéim an Choiste. Ba é cruinniú an lae inné an seachtú ceann a bhí againn ó thosaigh muid agus níl fiú trian de na leasuithe pléite fós,” arsa Chambers.

“Do Bhille chomh tábhachtach sin do phobal na Gaeilge, níl an luas ag a bhfuil an próiseas ag dul sásúil in aon chor.”

D’iarr an tAire Stáit ar Chathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, tuilleadh ama a lorg chun go mbeifear in ann an obair a chur i gcrích níos tapúla.

“Tuigim go mb’fhéidir go mbeidh deis tuilleadh ama a thabhairt do na coistí éagsúla sa Teach ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.  Ba mhór an chabhair don phróiseas dá mbeadh an Cathaoirleach in ann tuilleadh ama a fháil don Choiste chun dlús a chur leis an bpróiseas,” a dúirt Chambers.

Gheall sé arís chomh maith go ndéanfaí leasuithe ar an mbille ag an gcéad chéim eile a chinnteodh go mbeadh “bille an-láidir ann” faoin am a n-achtófaí é.

Tá gealltanais tugtha cheana féin sa Dáil ag an Aire Stáit go gcuirfidh sé moltaí chun cinn ag an gcéad chéim eile a d’fhágfadh, i measc rudaí eile, go mbeadh dualgas ar an stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, go mba ghá do chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus go mbeadh ainm Gaeilge ar gach comhlacht poiblí nua.

“Tá súil agam go mbeidh muid ag teacht ar ais ag Céim na Tuarascála le breis leasuithe a thabharfaidh Bille an-láidir dúinn.”

Mhaígh Ó Snodaigh sa Dáil go raibh “athrú iomlán poirt” ag teastáil ón Aire agus ón Rialtas chun Bille “lag, leochaileach” a neartú. Dúirt sé nár léirigh an Bille a cuireadh os comhair an choiste an “fís agus an fuadar” a bhí beartaithe ag an Rialtas i dtaobh na reachtaíochta agus go bhfuil orthu anois “beart a dhéanamh de réir a mbriathair”.

Ina cuid cainte sa Dáil inné, dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, gur obair thábhachtach a bhí sa mhéid a bhí ar bun ag an Roghchoiste cé go raibh iriseoirí, a deir sí, den tuairim gur obair “leadránach” a bhí ann.

Dúirt an Teachta Connolly go raibh gá le Bille a bhí oiriúnach don 21ú haois agus le bille láidir a chuirfeadh béim ar sheirbhísí trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta, a thabharfadh cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga agus a chuirfeadh córas ceart in áit chóras na scéimeanna teanga “nach raibh ag obair”.

Fág freagra ar 'Míshástacht faoin ‘moill’ atá ar phlé an Bhille Teanga léirithe ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Céim a haon:
    ‘Achtófar, clófar agus foilseofar gach Bille agus gach Acht den Oireachtas go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.’