‘Míreanna ócáideacha i mBéarla’ le ceadú ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de straitéis nua

Tá ‘gníomh radacach’ beartaithe i bplean straitéiseach nua RTÉ Raidió na Gaeltachta, plean a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc 

‘Míreanna ócáideacha i mBéarla’ le ceadú ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de straitéis nua

Tá “míreanna agus agallaimh ócáideacha i mBéarla” le ceadú ar Raidió na Gaeltachta den chéad uair mar chuid de phlean straitéiseach nua ag an stáisiún atá ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer an deireadh seachtaine seo.

Deir ceannaire Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha sa phlean inmheánach, a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc, go bhfuil “an t-am chun gnímh agus athraithe ag breith ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go sciobtha”.

Deir Mac Donncha i réamhrá I ndiaidh an Leathchéid: Plean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2022-2027 gur gá gníomh radacach a dhéanamh anois chun go mbeadh an stáisiún ábhartha amach anseo.

“Agus an stáisiúin ag ceiliúradh 50 bliain faoi bhláth is mithid breathnú romhainn agus an tseirbhís a chur in oiriúint don tréimhse atá romhainn. 

“Caithfear é sin a dhéanamh ar bhealach a léiríonn ómós agus dílseacht do thraidisiún agus teanga shainiúil na Gaeltachta ach, ag an am céanna, a aithníonn na hathruithe móra sochtheangeolaíochta, déimeagrafacha agus cultúir atá tagtha ar shaol na Gaeltachta. Sa chomhthéacs sin tá beartais éagsúla leagtha síos againn sa phlean seo a chreidimid a chinnteoidh go mbeidh lucht Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh an chéid in 2072.”

Ar na beartais a luaitear sa phlean:

  • craoladh míreanna agus agallaimh ócáideacha i mBéarla ach cead na bainistíochta a fháil roimh ré
  • Stiúideonna nua a oscailt i suímh straitéiseacha taobh amuigh den Ghaeltacht
  • Athbhreithniú ar pholasaí ceoil an stáisiúin ‘a laghdóidh an bhéim ar an gceol traidisiúnta agus sean-nós’ chun go mbeadh an sceideal ‘ionadaíoch ar chultúr comhaimseartha na Gaeltachta’
  • Iniúchadh a dhéanamh ar an stáisiún a athbhrandáil mar RG1
  • ceol aitheantais nua d’Adhmhaidin

Tá sraith ceisteanna curtha ag Tuairisc chuig Raidió na Gaeltachta faoi na hathruithe atá beartaithe ina bplean straitéiseach, ach freagra ní bhfuaireamar ar na ceisteanna sin go fóill.

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer amárach Dé Sathairn, an 2 Aibreán.

Fág freagra ar '‘Míreanna ócáideacha i mBéarla’ le ceadú ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de straitéis nua'

  • Jim Huggard

    Féachaigí ar an dáta atá againn inniu 😛

  • An Gobán Saor

    Súil agam gur magadh lá na n-amadán é seo, nó tá thiar orainn.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    ;)

  • Colm Ó Cearúil

    An chéad lá dAibreáin, magadh mhaith.

  • CC

    Uafásach. Uafásach, uafásach, uafásach.

    Ná bí ag magadh fé rudaí mar sin! Is beag nár thit an t-anam asam