MIONLÉIRMHEAS: Cén sórt domhain atá cruthaithe againn in aon chor?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar faoin domhan is a bhfuil ann agus ceann faoi chúrsaí tithíochta i dTóiceo

MIONLÉIRMHEAS: Cén sórt domhain atá cruthaithe againn in aon chor?

The World Is Where You Stop
Grianghraif le Tomasz Tomaszewski
BLOW UP PRESS, a d’fhoilsigh, 2023.
320 lch
150 íomhá

Tá an domhan feicthe ag an ngrianghrafadóir Polannach Tomaszewski (breis is trí scór tír!). Ní hé an domhan céanna a fheiceann aon bheirt. Ní hé an domhan céanna a fheiceann Tomaszewski féin mar uaireanta is domhan scanrúil gránna é agus uaireanta eile is saghas parthas é, go deimhin. Nach in é an saol dáiríre.

Ceistímid sinn féin sa leabhar seo: cén sórt domhain atá cruthaithe againn in aon chor?

Cúrsaí tithíochta

Tá easpa tithíochta ina cnámh spairne in Éirinn le tamall anuas. Tithe is ábhar do leabhar nua Moe Suzuki

a bhfuil cónaí uirthi in Kyojima, bruachbhaile i dTóiceo a tháinig slán ó bhuamáil an Dara Cogadh Domhanda. Bíonn sí ag rothaíocht thart ann an t-am ar fad.

Le déanaí, thug sí faoi deara nár aithin sí an áit níos mó. Tá tithe á leagan gach áit. In áit athchóiríú a dhéanamh ar thithe i dTóiceo, leagtar iad. Ní mhaireann teach ar bith ann, ar meán, níos faide ná 30 bliain. Tá an tionscal tógála fite fuaite leis an bpolaitíocht ann. Níl ach locht amháin air sin. Tá na tógálaithe breá sásta ach tá cuimhne na comharsanachta ag meath. Níl cuimhne ag daoine ar cheantair a thuilleadh, tá na hathruithe ag tarlú chomh tapa sin.

As an leabhar féinfhoilsithe Sokohi.

Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cén sórt domhain atá cruthaithe againn in aon chor?'