MIONLÉIRMHEAS: ‘Cairpéad dearg’ nótaí €500 mar agóid in aghaidh an Phápa

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghrafadóir Lucsamburgach agus ealaíontóir in aghaidh an Phápa

Cuilithíní

cuilithíní

na haigne

ina stad

I bhfoirm haiku a léirímse m’ómós don phictiúr thuas as an leabhar Inspired by Steichen. Foilsíodh an leabhar seo i gcuimhne ar an ngrianghrafadóir Lucsamburgach Edward Steichen (1879–1973) a cailleadh 50 bliain ó shin.

Inspired by Steichen
Erwin Olaf & Hans Op de Beeck
Grianghraif le Erwin Olaf agus saothar ealaíne le Hans Op de Beeck, móide grianghraif de chuid Steichen
Hannibal Publishing, 2023. 96 lch, 62 léaráid dubh is bán
Toisí: 11½x11½x½”

Ealaíontóir in aghaidh an Phápa

Nuair a chuala an t-ealaíontóir Bordalo II faoin gcostas a bhainfeadh le cuairt an Phápa ar an bPortaingéil, chruthaigh sé “cairpéad dearg” ar ardán saincheaptha ar a raibh nótaí €500 priontáilte.

Ceann de thréithe na healaíne is ea saothar a mbeadh áilleacht ag baint leis ní hamháin inniu ach go brách agus is ionann áilleacht agus brí, dar liomsa. Mar sin, an agóid atá déanta ag Bordalo II nó an bhfuil fíor-ealaín cruthaithe anseo aige?

Tuilleadh eolais faoin ealaíontóir anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: ‘Cairpéad dearg’ nótaí €500 mar agóid in aghaidh an Phápa'

  • jpmorley0@gmail.com

    Fíor-ealaíon agus fírinne (brí) bhinibeach inti. Saothar a ardaíonn ár súile go himpíoch chun na bhflaitheas. Nach mór an scanradh Dé bheith ag diomailt airgid ar phoimp agus ar ghalamaisíocht gan bhrí den sórt sin? Féach Lampedusa, nach géar dóite a theastódh cabhair uathu sin. Ní ag coisíocht go sotalach ar chairpéad airgid atá siad san ach iad
    beo bocht. Ciacu ab fhearr le Críost a dhéanamh? Airgead agus an Eaglais= an diabhal is a bhráthair?