MIONLÉIRMHEAS: Bímis buíoch as an méid sin Gaeilge a bheith in úsáid, an é sin é?

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo ‘Seoda’ ó Litríocht Éireann/Literature Ireland agus leabhar saghas randamach

MIONLÉIRMHEAS: Bímis buíoch as an méid sin Gaeilge a bheith in úsáid, an é sin é?

Seoda a thugtar ar thionscadal nua ó Litríocht Éireann/Literature Ireland. Gearrscéalta ó Éirinn

a aistreofar do thíortha áirithe a bhfuil cathair litríochta UNESCO iontu: an Chóiré, an Phortaingéil, Ceanada agus an Íoslainn. Níl aon ghearrscéalaí Gaeilge ina measc.

Fímínteacht agus bréagchráifeacht is ea úsáid na Gaeilge sa chás seo, i mo thuairimse. Seoda! Saghas gadaíochta is ea é – goid ón nGaeilge ar mhaithe leis an Sacs-Bhéarla. Seoda! Bímis buíoch as an méid sin Gaeilge a bheith in úsáid, an é sin é? – ach ná bí ag súil le gearrscéal ó scríbhneoir Gaeilge i measc na seod. Seoda, bí sásta leis sin. Ná bí ag súil le níos mó.

Ní bheidh gach duine ar aon fhocal liom faoi seo, is dócha. Ar aon nós. Ní hé nach bhfuil Béarla curtha ar ghearrscéalta Gaeilge. Tá. D’aistríos féin cuid acu go Béarla, cnuasach le Pádraic Breathnach agus cnuasach le Dara Ó Conaola, mar shampla, ainneoin nach bhfuil cúnamh ar fáil ó Litríocht Éireann chun scéalta Gaeilge a aistriú go Béarla.

Nuair atá cnuasach de ghearrscéalta na hÉireann á réiteach ag leithéidí Anne Enright, Joseph O’Connor etc. cén fáth a bhfágann siad seoda na Gaeilge ar lár? Scríobhas gearrscéal (!) dar teideal Gearrscéal (!) faoin scannal seo. Foilsíodh ar Feasta é agus tá sé ar fáil faoi Íoslódálacha ar mo bhlag.

Bun agus Barr

Déarfadh daoine áirithe nach bhfuil bun ná barr leis an leabhar A Pound of Pictures de chuid Alec Soth. Is féidir fliceáil tríd i bhfíseán ar shuíomh an fhoilsitheora, Mack Books.

Ní hamháin go mbraithfidh an léitheoir gur grianghraif randamacha atá sa leabhar seo, gan aon cheangal eatarthu, tá cúig ghrianghraf randamacha sáite isteach i ngach cóip den leabhar sa tslí nach bhfuil aon dá leabhar díobh mar a chéile.

Thugas faoi leabhar saghas randamach a scríobh dar teideal An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí. Is féidir teacht ar dhréacht de i measc na n-íoslódálacha ar mo bhlag.

N’fheadar an bhfuil aon mhaith ann. B’fhéidir nach bhfuil ann ach dréacht buile, nó go bhfuil gá aige le heagarthóireacht. Chuireas chuig foilsitheoir nó dhó é. An freagra a fuaireas uathu ná, ‘Níl bun ná barr leis seo!’ Ní ainmneoidh mé anseo iad. Caithfidh bun agus caithfidh barr (agus lár is dócha) a bheith ag gach rud, a deir foilsitheoirí na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil sé sna rialacha: ‘Ní thabharfar deontas do leabhar ar bith nach bhfuil bun ná barr leis. Ní scaipfidh ÁIS leabhar ar bith nach bhfuil barr leis, agus in ainm Dé, ná dearmad an bun!’

156 leathanach atá i leabhar Soth. Tá níos mó leathanach sa leabhar neamhfhoilsithe agamsa An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí – ach is cuma, níl bun ná barr leis.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Bímis buíoch as an méid sin Gaeilge a bheith in úsáid, an é sin é?'

  • Séamus Ó C

    Tá dhá mhórdhíol uafáis ann ar na saolta seo d’aistritheoirí agus do scíbhneoirí Gaeilge – 1. is cosúil nach gciallaíonn ‘Irish literature’ litríocht na nGael/na Gaeilge/na hÉireann/na nÉireannach a thuilleadh (má bhí an chiall sin leis riamh) ach litríocht i mBéarla a scríobhann daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn nó ar de bhunadh na hÉireann iad; 2. Ní aistriúchán dlisteanach/fónta (dár le lucht dáilte na ndeontas foilseacháin/foilsitheoirí) é más Béarla agus Gaeilge atá i gceist. Ní mór do scríbhneoirí/aistritheoirí na Gaeilge a theacht le chéile agus an dá éagóir seo a chur ina gceart

  • Gabriel Rosenstock

    Tá scriofa agam go minic faoin bhfadhb seo. Mar shampla:
    https://www.academia.edu/49489154/Irish_Murdoch
    Tugaimse ‘Irish Murdoch’ ar Iris Murdoch sa pháipéar thuas mar go n-aithnítear ina
    scríbhneoir Éireannach í: babaí beag i mbaclainn a bhí inti nuair a d’fhág sí Bleá Cliath chun cur fúithi i Londain. D’iompaigh sí ina hAontachtaí binbeach. Aithníonn Literature Ireland/ Litríocht Éireann mar mhórscríbhneoir Éireannach í agus caitear airgead cáiníocóirí na tíre seo chun a cáil a leathadh thar sáile. Deir Séamus Ó C go gcaithfidh scríbhneoirí agus aistritheoiri na Gaeilge a theacht le chéile. Conas? Deir Aontas na Scríbhneoirí: “Bunaíodh an tAontas ag tús 2015 ar mhaithe le glór, ardán agus tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge, caidreamh a chothú i measc na scríbhneoirí féin, agus idirbheartaíocht a dhéanamh le heagraíochtaí eile a mbíonn tionchar acu ar shaol na scríbhneoirí . . .” 2015? Go bhfios dom, áfach, níl an tAontas tar éis dul i ngleic leis an bhfadhb seo go fóill agus seo 2022. Ar eagla go dtitfeadh an súiche sa bhrachán, ab ea?

  • Feardorcha

    Mórán gleo ar bheagán olla ag aistritheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge. Iad beo ar dheontaisí agus sparántachtaí. N’fheadar an raibh mórán d’airgead an cháiníocóra ag an gCadhnach, nó an Ríordánach?
    In éad atá na gearrscéalaithe le lucht na ndán/poems agus an seiftín breá atá acusan, dhá dhán ar phraghas an aon saothair, timpeall is timpeall leis an mbabhlín.