MIONLÉIRMHEAS: Bhíos corraithe ag frása úd an Díreanáigh…

‘I measc na bplód gan ainm.’ Bhíos corraithe ag frása úd an Díreanáigh nuair a leagas súil air den chéad uair, mar ní ag cur síos ar a staid féin amháin a bhí sé ach ar staid na milliún ar fud an domhain. Is é atá sa bhailiúchán seo ná grianghraif aitheantais d’imircigh chun na […]

MIONLÉIRMHEAS: Bhíos corraithe ag frása úd an Díreanáigh…

NE M’OUBLIE PAS
Belsunce, Marseille 1965-1980
le Jean-Marie Donat
Téacs: Souâd Belhaddad
Toisí: 17 x 24 cm
Lch: 352
EAN: 979-10-95821-60-1
Luach : €49,90

‘I measc na bplód gan ainm.’ Bhíos corraithe ag frása úd an Díreanáigh nuair a leagas súil air den chéad uair, mar ní ag cur síos ar a staid féin amháin a bhí sé ach ar staid na milliún ar fud an domhain.

Is é atá sa bhailiúchán seo ná grianghraif aitheantais d’imircigh chun na Fraince ón Afraic Thuaidh agus ón Afraic Thiar, grianghraif a dtángthas orthu i stiúideo in Marseilles.

Níl ainm, náisiúntacht ná dáta fiú amháin breactha ar chúl na ngrianghraf. I gcásanna áirithe ní raibh am ag na himircigh an grianghraf a phiocadh suas ón stiúideo má chualadar faoi jab éigin in áit eile sa Fhrainc.

Cé hiad?


Timothy Eastman : All The Past We Leave Behind. America’s New Nomads
Téacs le Timothy Eastman agus le cuid de na daoine ar glacadh grianghraf díobh.Foilsithe ag Kehrer Verlag
Clúdach crua, 96 lch, 48 grianghraf daite
Toisí: 20 x 24 cm

An bhfuil an scannán Nomadland feicthe agat?

Bunaithe ar leabhar den teideal céanna a scríobh Jessica Bruder a bhí an scannán sin, leabhar a spreag an grianghrafadóir Timothy Eastman chun dul sa tóir ar spailpíní Mheiriceá, oibrithe gan dídean.

Bíonn cúiseanna difriúla ag daoine saol an fhánaí a chleachtadh. Cuid acu, teastaíonn uathu fanacht glan ar an gcóras; go leor díobh, áfach, is minic nach mbíonn aon rogha acu, de dheasca cúrsaí airgeadais nó sláinte. Níl an córas tréigthe acu, tá siadsan tréigthe ag an gcóras caipitlíoch, córas gan chroí.  Bíonn orthu an bóthar a bhualadh agus obair shéasúrach a lorg.

Is cuimhin liom mo mháthair féin á rá liom go mbíodh spailpíní ag teacht go dtí an fheirm acu lasmuigh de Bhaile Átha an Rí agus iad ag codladh sa scioból, gan acu ach Gaeilge.

Sa leabhar seo feictear na spailpíní ina gcuid feithiclí, ina ndomhan beag féin, agus faightear spléachadh ó am go ham, ar an tírdhreach fairsing mórthimpeall orthu. Go leor acu, is ag obair do Amazon a bhíonn siad. Buaileann uaigneas iad, imní faoi chúrsaí sláinte agus – i gcás na mban aonair – buairt faoi chúrsaí sábháilteachta.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Bhíos corraithe ag frása úd an Díreanáigh…'

  • Gabriel Rosenstock

    Fágadh an frása úd ar lár: ‘I measc na bplód gan ainm . . .’