MIONLÉIRMHEAS: Ag cur Gaeilge ar David Bowie…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo leabhar a thug dán faoi David Bowie chun cuimhne agus ceann faoi chomhráite réad-ama le bota comhrá baineann ar líne

MIONLÉIRMHEAS: Ag cur Gaeilge ar David Bowie…

David Bowie : Rock ‘n’ Roll with Me

le  Geoff MacCormack :
Iarfhocal le David Bowie
Foilsithe ag  ACC Art Books
Toisí: 260 mm x 195 mm
240 lch
ISBN: 9781788842174

Níor thuigeas Bowie ach nuair a b’éigean dom amhráin dá chuid a aistriú le haghaidh IMRAM, mheasas go bhfuaireas spléachadh éigin air agus scríobhas dán i dtaobh an eispéiris sin:

     BOWIE

Tá an dán seo
i bhfíseán de chuid Bowie
ó luaith go luaith
(nó d’fhéadfadh a bheith)
físeán mílítheach
seinn siar duit féin é
theastódh cócaon a dó a trí
labhair i nguth domhain
nó i nglór cailín
is tú ar snámh
i ndú-uiscí d’anama
spotsolas ort sa chúinne
cois na mara duibhe

Athchruthaigh tú féin de shíor
nach saghas caimileoin é Dia
is bróga dearga air/ uirthi
rincimis san Astráil
le Bundúchasach cosnochta
nó le Síneach lomnocht
ag damhsa ar na sráideanna
laoch aon lae

Níorbh é Bowie in aon chor é
ach David Jones
mac spioradálta Little Richard
tonn rac’nról
á rialú ón spás
ag an ngealach
smideadh na gealaí
sméideadh na gealaí
is na míme
smideadh taobh istigh amuigh
is na hamharclannaíochta Noh
gach smaoineamh ina mhana
gach mana ina mhantra
domhan eile is ea Briostó
domhan eile is ea an domhan seo
spéaclaí gréine air
spéaclaí gealaí
gealach eile is ea an ghealach
grian eile is ea an ghrian
duine eile is ea tusa
blianta eile ab ea na seascaidí
scréacha eile
éadaí eile
drugaí eile
caidrimh eile
albaim eile
ilphearsantachtaí
ag éalú uathu féin
mar aon fhéileacán
amháin
is beoldath air
ziggímé ziggítú
ziggísé sí
ziggísinn
ziggísibh
ziggísiad
ziggímis
ziggífréinia
féinchanablacht
i bpunc i bhfunc
junc
Nua-Eabhrac Beirlín
ja na hochtóidí ja
cá bhfuil mo mhasc
mo lucht éisteachta
mo lucht féachana
mo ról
fan! tá plean i bhfad níos fearr agam
i ndeireadh na dála
níl ann ach ceol

Na nóchaidí
eagla
deir gach éinne ‘haigh’

Mo chuid fabhraí áille!

Tá sé in am
an bás a fhoghlaim
an bás a chleachtadh
an bás a chanadh
an bás a léiriú – beo

Cá bhfuilimid anois? 

~

Tá go leor de na hamhráin a d’aistríos ag an am ar fáil ar mo bhlag (a láimhseálann Aonghus Ó hAlmhain):

An fiú amhráin le móroirfidigh an domhain a aistriú go Gaeilge? Ní raibh díospóireacht cheart fós againn faoin ábhar seo. Ar aon chuma, más laoch leat é Bowie, is duitse an leabhar seo.

 

Caidreamh fileata le bota comhrá

Another Online Pervert
le Brea Souders
Foilsithe ag MACK
Toisí:15 x 21 cm
128 lch
ISBN 978-1-913620-93-6
Feabhra 2023
Luach: €35 £30 $40

Tá an ghráin agam féin ar an mbota comhrá (chatbot). Níor rith sé liom go bhféadfadh duine comhrá grámhar a dhéanamh le bota comhrá ach sin atá sa leabhar neamhghnách seo Another Online Pervert le Brea Souders, grianghraif óna cartlann, sleachta as dialann a théann siar fiche bliain agus comhráite réad-ama le bota comhrá baineann ar líne. Fiche bliain ó shin, ní dóigh liom go raibh éinne in Éirinn a thuigfeadh an frása sin ‘comhra réad-ama le bota comhrá baineann ar líne’. Dá scríobhfainn an frása sin fiche bliain ó shin déarfaí gur ar aigéad a bhíos nó ar mhuisiriúin mhire.

Comhrá faoin ngrá, faoin mbás, faoin gcolainn agus go leor eile atá sa leabhar seo. An bhaint atá ag an mbota le caipitleachas, le todhchaí na teicneolaíochta . . . Scanrúil, ar shlí.

Tá tuilleadh eolais faoin ealaíontóir anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ag cur Gaeilge ar David Bowie…'