‘Meig, meig,’ a deir an gabhar – ní hí an Ghaeilge an t-aon chuid dár ndúchas atá i gcontúirt

Tá an seanghabhar Gaelach i mbaol a dhíothaithe anois agus mura ndéantar beart láithreach rachaidh sé in éag ar fad i ngan fhios dúinn

‘Meig, meig,’ a deir an gabhar – ní hí an Ghaeilge an t-aon chuid dár ndúchas atá i gcontúirt

Má tá an Ghaeilge i mbaol ní hí an t-aon chuid dár ndúchas í atá i gcontúirt. Tá an seanghabhar Gaelach amhlaidh. Is cosúil nach bhfuil mórán dá mhianach fágtha agus mura gcosnaítear an méid atá ar marthain go mbeidh deireadh go brách leo.

Is bocht an scéal é agus Aonach an Phoic ar siúl i gCill Orglan an deireadh seachtaine seo.

Níl a fhios agam féin an dtuigeann an seanghabhar Gaelach seo Gaeilge. ‘Meig, meig,’ a deir an gabhar. ‘What, what,’ a deir an chaora. ‘By dad,’ a deir an gabhar ‘tá Béarla ag an gcaora’.

Rud amháin atá cinnte gur chuala na seanghabhair neart Gaeilge ó tugadh go hÉirinn i dtosach iad os cionn 5,000 bliain ó shin. Seo iad na gabhair a bhí ag an dream a thosaigh ag feilméaracht in Achaidh Chéide, sa mBoireann, agus thart ar Bhrú na Bóinne.

Ar feadh na mílte bliain ba í an gabhar ‘bó bhainne an duine bhoicht’. Ba mhaith ann í nuair a chliseadh na fataí agus go mbíodh gorta ag bagairt.

Ach tá an seanghabhar Gaelach i mbaol a díothaithe anois. Mura ndéantar beart láithreach is é oidhe an chaora sin a dtugtaí an Cladóir uirthi atá i ndán di. I gConamara a bhí an chaora sin ach chuaigh sí in éag ar fad i ngan fhios dúinn.

Bhí an seanghabhar Gaelach thar a bheith fairsing in Éirinn go dtí tús an 20ú haois. Bhíodh na mílte acu á n-onnmhairiú go Sasana.

Ach tháinig athrú mór an uair sin: tosaíodh ag tabhairt cineálacha eile gabhair isteach sa tír agus níorbh fhada go raibh an gabhar dúchasach in áit na leathphingine.

Ní shin le rá nach bhfuil cuid acu ar na sléibhte i gcónaí. Tá siad ar an Mhala Raithní i gCo Mhaigh Eo go cinnte.

Deir an dream atá ar son a gcaomhnaithe gur cheart staidéar DNA a dhéanamh féachaint cé mhéad acu atá sa tír le fírinne.

D’fhailligh siad nár thapaigh siad a ndeis agus tús a chur leis an scrúdú sin i gCill Orglan an deireadh seachtaine seo chugainn. Meas tú cé chomh Gaelach is a bhí an pocaide a ndearnadh rí de i lár an bhaile?

Deir muintir Chiarraí gurb é Aonach an Phoic an t-aonach is sine in Éirinn. Ní raibh baol ar bith go gcuirfidís siúd rud ar bith a bheadh acu sa dara háit.

Chuile bhliain sáinníonn siad gabhar fiáin sna sléibhte, tugann anuas é agus cuireann cailín óg an choróin air.

Ní fios go baileach cén bunús a bhí leis an nós.

De réir an bhéaloidis baineann sé leis an am a raibh arm Chromail ag briseadh agus ag réabadh ar fud na hÉireann.

Gabhar a thug fógra, a deirtear, go raibh saighdiúirí Chromail ag déanamh ar cheantar Chill Ghobnait ag bun na gCruach Dubh.

 Deir an dream acadúil gur in aimsir na bpágánach a thosaigh sé: gur cuid d’Fhéile Lúnasa a bhí ann nuair a dhéanadh na págánaigh comóradh ar thús an fhómhair agus é de chreideamh acu gur shiombail torthúlachta a bhí sa ngabhar.

Deir lucht cosanta an tseanghabhair Ghaelaigh nár mhór 1,000 gabhar den mhianach sin a aimsiú i dtosach.

Dá bhfaighfí iad is cinnte nach mbeadh a líon i bhfad ag méadú; is gearr ó ceapadh go gcaithfí gabhair a choilleadh in Inis i gContae an Chláir de bharr chomh tréan is a bhí siad ag pórú.

Bhí an poc ar buile ag imeacht ar fud an bhaile. Scéal a bhí ann a chuaigh ar fud an domhain.

Tugadh cuid de ghabhair an Chláir go dtí Sléibhte Chuailgne i gContae Lú as an mbealach. Bhí fáilte mhór ag feirmeoir ansin rompu mar gurbh éigean dó féin a chuid gabhar a mharú nuair a bhí galar na bó mire ina ghéarchéim in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Meig, meig,’ a deir an gabhar – ní hí an Ghaeilge an t-aon chuid dár ndúchas atá i gcontúirt'

  • Lillis Ó Laoire

    Nár cuireadh tréad acu go leithinis Chuailgne le gairid de bharr go raibh iomarca acu i gContae an Chláir?

  • Carraig

    Ní mé an bhfuil mianach an ghabhair sin ionat féin a dhuine chóir, i bhfianaise an ‘péac’ a thug tú faoi lucht na Ríochta thuas!!

  • Seosamh Ó Cuaig

    Nach moladh ar mhuintir Chiarraí a bhí ansin.