Meastar nár tháinig aon duine slán ón timpiste aeir in Washington

Bhuail eitleán le American Airlines agus héileacaptar Black Hawk faoina chéile san aer os cionn abhainn Potomac in Washington DC aréir

Meastar nár tháinig aon duine slán ón timpiste aeir in Washington

Meastar nár tháinig aon duine slán ón timpiste aeir in Washington DC aréir nuair a bhuail eitleán de chuid American Airlines agus héileacaptar Black Hawk faoina chéile os cionn abhainn Potomac.

Bhí an t-eitleán American Eagle Eitilt 5342, ar a bealach as Wichita, i Kansas, agus 60 paisinéir agus criú ceathrair ar bord agus triúr saighdiúirí a bhí san héileacaptar.

Tá 28 corpán tógtha ó láthair na timpiste ag an tráth seo.

In aice le hAerfort Náisiúnta Ronald Reagan a tharla an timpiste thart ar a naoi a chlog, am na háite, aréir.

D’eisigh an dream a bhíonn ag plé leis an scátáil fhíorach sna Stáit Aontaithe ráiteas inar dheimhnigh siad go raibh roinnt ball dá bhfoireann ar an eitilt as Wichita idir lúthchleasaithe agus chóitseálaithe.

“Bhí an oíche glan, bhí “taithí” ag na píolótaí agus ní raibh aon rud as an ngnáth ann sular tharla an timpiste ach is léir gur tharla rud éigin,” a dúirt an Rúnaí Iompair, Seán Duffy.

Mar bharr ar gach dúshlán eile a bhí roimh an lucht tarrthála aréir, bhí an dorchadas, an sioc agus séideán gaoithe.

Dúirt an tUachtarán Donald Trump “gur chóir go seachnófaí an timpiste” agus mar aguisín ar phostáil ar mheáin shóisialta, scríobh sé “NOT GOOD!!!”.

“Cén fáth nach ndeachaigh an héileacaptar suas nó anuas, nó casadh? Cén fáth nár inis an túr rialaithe don héileacaptar céard ba cheart dóibh a dhéanamh seachas fiafraí díobh an bhfaca siad an t-eitleán?” an cheist a bhí ag an Uachtarán Trump.

Fág freagra ar 'Meastar nár tháinig aon duine slán ón timpiste aeir in Washington'