Méadú i mbliana ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh Gaeltachta

Bhí líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge mórán mar a chéile is a bhí roimh an bpaindéim

Méadú i mbliana ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh Gaeltachta

Tháinig méadú 5.6% ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh na Gaeltachta i mbliana i gcomparáid le anuraidh.

De réir figiúirí nua ó Roinn na Gaeltachta 26,835 déagóir a d’fhreastail ar chúrsaí na gcoláistí i mbliana i gcomparáid le 25,416 anuraidh.

De réir na bhfigiúirí nua 16 teaghlach níos mó a chuir lóistín ar fáil do scoláirí i mbliana i gcomparáid le 2022.

511 bean agus fear tí a chuir lóistín ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht i mbliana i gcomparáid le 495 anuraidh, ardú 3% ar líon na dteaghlach.

An bhliain roimh an bpaindéim, 2019, 648 bean tí a bhí sa chóras, rud a fhágann go bhfuil laghdú 21% tagtha ar líon na mban tí sa chóras ón mbliain sin.

Ach bhí líon na scoláirí sna coláistí mórán mar a chéile is a bhí in 2019 nuair a d’fhreastail 27,032 scoláire ar na cúrsaí Gaeltachta.

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge 2019 2022 2023
Líon scoláirí 27,032 25,416 26,835
Líon Teaghlaigh a choinnigh scoláirí 648 495 511
Caiteachas na Roinne €4,487,770 €3,892,955 €4,623,549*

*caiteachas go dáta (2023) le teaghlaigh cláraithe agus a choinnigh scoláire ar íostas faoin scéim

Chaith Roinn na Gaeltachta ar a laghad 19% níos mó i mbliana ar liúntais na mban tí ná mar a chaith siad anuraidh.

Agus ganntanas ban tí ann le roinnt blianta, tá roinnt beartas nua tugtha isteach ag an Roinn chun cur le líon na dteaghlach sa chóras.

Ó thús na bliana 2022, tháinig méadú 20%, ó €10 go €12, ar an liúntas a íoctar le mná tí in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche.

Tháinig ardú freisin ar an deontas tosaithe aon uaire do theaghlaigh nua ó €2,000 go €6,000.

Méadaíodh chomh maith i mbliana, ó 12 go 16, an t-uasmhéid scoláirí a bhfuil cead ag teaghlach iad a choinneáil.

Deir lucht na gcoláistí samhraidh go bhfuil géarchéim lóistín ag cur as dóibh le roinnt blianta agus é ag éirí níos deacra teaghlaigh Ghaeltachta a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

Fág freagra ar 'Méadú i mbliana ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh Gaeltachta'

  • Eoin Ó Murchú

    An dtaispeánann an pictiúr a théann leis an alt seo an líon daoine ata ag iarraidh freastal ar ghaelchúrsa?