In ainneoin go bhfuil roinnt obair feabhsúcháin le déanamh ar fhoirgnimh a mbíonn coláistí Gaeilge á reáchtáil iontu, tá an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh “dóchasach” go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann gach foirgneamh a bhí in úsáid ar chúrsaí Gaeilge anuraidh a cheadú arís i mbliana.
Thug an tAire Stáit McHugh le fios go bhfuil cuairt tugtha ag innealltóir na Roinne ar a bhformhór de na coláistí samhraidh ó thús na bliana seo, ach go bhfuil roinnt ionaid ann a bhfuil ceisteanna fúthu fós.
Bhí an tAire Stáit ag freagairt ceist Dála a chuir Éamon Ó Cuív TD (FF) air an tseachtain seo caite faoi scrúdú atá déanta ag an Roinn ar na hionaid atá in úsáid d’imeachtaí Coláiste Gaeilge agus cén srian a chuirfeadh aon chinneadh a ydhéanfadh an Roinn ar líon na scoláirí a bheidh in ann freastal ar na coláistí i mbliana.
Dúirt an tAire Stáit go raibh 52 ionad a raibh aitheantas na Roinne acu, in úsáid ag Coláistí Gaeilge in 2014. Ag deireadh na bliana seo caite, iarradh ar na coláistí sa Ghaeltacht eolas a chur ar fáil faoi na hionaid a bheadh in úsáid acu do chúrsaí 2015. Ó thús na bliana seo, tá cuairteanna tugtha ag innealtóir na Roinne ar 46 de na hionaid sin “agus tá sé beartaithe go dtabharfar cuairt ar na hionaid eile chomh luath agus is féidir”.
Dúirt an tAIre McHugh go bhfuil roinnt ionaid ann a bhfuil ceisteanna fúthu ach go meastar gur féidir a bhformhór a réiteach.
“Sa chás go bhfuil oibreacha riachtanacha le déanamh ar ionaid atá in úsáid ag na coláistí le cinntiú go bhfuil siad sábháilte, is féidir iarratas a dhéanamh chuig mo Roinn.
“Sa chás go meastar go bhfuil ionad neamhoiriúnach ar fad in úsáid ag coláiste Gaeilge, déanfaidh mo Roinn gach iarracht teacht ar shocrú eile leis an gcoláiste, más féidir.
Dúirt an tAire go raibh sé “dóchasach” go mbeadh a Roinn ábalta na hionaid a bhí in úsáid ag na coláistí anuraidh a cheadú arís i mbliana.
“Tá mé ag súil go mbeidh aon oibreacha riachtanacha déanta roimh thús na gcúrsaí i 2015 le comhoibriú na gcoláistí Gaeilge agus na gcoistí áitiúla a chuireann ionaid ar fáil do na coláistí.
“Mar thoradh ar an gcur chuige seo, tá súil agam nach mbeidh aon srian curtha ar líon na scoláirí a bheidh in ann freastal ar na coláistí i mbliana,” a dúirt McHugh.