McCarthy agus Izuchukwu i measc na n-imreoirí a gheobhaidh a ndeis i gcoinne Fhidsí

Níl an fhoireann is láidre á cur chun páirce ag Andy Farrell agus é ag iarraidh súil a chaitheamh ar imreoirí atá ar an imeall roimh an gcluiche i gcoinne na hAstráile an tseachtain seo chugainn

McCarthy agus Izuchukwu i measc na n-imreoirí a gheobhaidh a ndeis i gcoinne Fhidsí

Moladh agus cáineadh a bhí tuillte ag foireann na hÉireann ach ar chríochnaigh cluiche na seachtaine seo caite i gcoinne na hAirgintíne.

Moladh mar gur éirigh leo an fhíorlag-iarracht i gcoinne na nAll Blacks an tseachtain roimhe sin a chur ó dhoras. Thug an fhoireann taispeántas dearfach, croíúil agus trodach sa gcéad leath den chluiche i gcoinne na bPumas. Chláraigh siad trí úd snasta i dtríocha a dó nóiméad.

Cáineadh mar gur luigh siad ar na maidí an chuid eile den chluiche. Níor éirigh leo oiread agus pointe amháin eile a chur leis an dá phointe is fiche a d’aimsigh siad sa gcéad leath. D’éirigh leis na Pumas deich bpointe a chlárú sa dara leath. Bhí an t-ádh dearg ar fhoireann Andy Farrell nach ar comhscór a chríochnaigh na foirne. Trí phointe (22-19) a scar iad ag a dheireadh.

Mar sin féin, bhí cúpla rud dearfach le tuairisciú le linn an dara leath sin, caipíní nua do bheirt ógánach ina measc. Is cinnte go raibh Thomas Clarkson láidir agus cróga agus é mar fhrapa fáiscthe ag an leibhéal sinsearach idirnáisiúnta den chéad uair ariamh ach níos tábhachtaí ná sin bhí Sam Prendergast an-mhuiníneach agus compordach nuair a tháinig sé isteach mar leathchúl amuigh.

Beidh le feiceáil an mbeidh siad féin agus imreoirí óga eile ar nós Gus McCarthy agus Cormac Izuchukwu, atá ag fáil a gcéad seans inniu i gcoinne Fhidsí, in ann an t-aistriú ón gcluiche faoi aois go dtí an cluiche sinsearach a dhéanamh. Tá Farrell ag baint leas as cluiche an lae inniu i gcoinne Fhidsí, foireann atá sé áit níos ísle ná Éire ar thábla rugbaí an domhain, le deis a thabhairt do chúpla imreoir atá óg agus imeallach.

Cé gur bhuaigh Fidsí faoi dhó i gcoinne na Breataine Bige agus na Spáinne agus gur chaill siad i gcoinne na hAlban sa tsraith cluichí fómhair seo, níor cheart go mbeadh aon stró ar fhoireann an hÉireann ina gcoinne. Ní hamháin sin ach d’imir Éire i gcoinne Fhidsí naoi mbabhta roimhe seo agus bhí an lámh in uachtar ag Éirinn chuile bhabhta.

Tá mise ag tuar an deichiú bua do na hÉireannaigh agus leathshúil acu ar chluiche na seachtaine seo chugainn i gcoinne na hAstráile agus an tsúil eile ar an gcomórtas Sé Náisiún a bheas linn ag deireadh mhí Eanáir seo chugainn.

Fág freagra ar 'McCarthy agus Izuchukwu i measc na n-imreoirí a gheobhaidh a ndeis i gcoinne Fhidsí'