‘Masla dochreidte’ nach bhfuil riachtanas Gaeilge luaite le post príomhoide ‘Ghaelcholáiste an Chláir’

Tá éileamh á dhéanamh go bhfógrófaí folúntas eile do phríomhoide atá líofa sa Ghaeilge chun an t-aonad ‘Gaelcholáiste an Chláir’ a fhorbairt ina iar-bhunscoil neamhspleách

‘Masla dochreidte’ nach bhfuil riachtanas Gaeilge luaite le post príomhoide ‘Ghaelcholáiste an Chláir’

Is “masla dochreidte” é nach bhfuil riachtanas Gaeilge luaite le post príomhoide in iar-bhunscoil Béarla a bhfuil aonad Gaeilge ag feidhmiú ann le breis agus tríocha bliain anuas.

Níl an t-aonad Gaeilge ná an Ghaeilge luaite ar fhógra poist Bhord Oiliúna agus Oideachais Luimnigh agus an Chláir don phríomhoide nua atá le ceapadh i gColáiste Pobail na hInse, ina bhfuil aonad Gaeilge ag feidhmiú ó 1993.

Tá éileamh á dhéanamh go bhfógrófaí folúntas eile don dara príomhoide, a bheadh líofa sa Ghaeilge, chun dul i gceannas ar an aonad ‘Gaelcholáiste an Chláir’ agus é a fhorbairt ina iar-bhunscoil neamhspleách.

Deir Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhíchíl Chíosóg in Inis, go léiríonn an scéal nach gá Gaeilge “ná aon eolas faoin Ghaeloideachas” a bheith ag an phríomhoide nua atá le ceapadh i gColáiste Pobail na hInse agus gur “sop in áit na scuaibe atá san aonad Gaeilge”.

“Samhlaigh é sin i gcomhar soicind amháin, tráth a bhfuil na haonaid ag dó na geirbe againn agus daoine buartha faoi na haonaid, go bhfuil bord oideachais agus oiliúna ag rá go bhfuil sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh.

“Ansin tagann tú chuig Gaelcholáiste an Chláir, aonad in Ennis Community College agus níl sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an bpríomhoide, Gaeilge sách maith amháin a theastaíonn ó rúnaí na scoile. Is cruthúnas eile é sin más gá nach bhfuil san aonad ach an sop in áit na scuaibe.”

Gealltar i scéim teanga 2021-2024 Bhord Oiliúna agus Oideachais Luimnigh agus an Chláir go luafaí riachtanas Gaeilge le post an phríomhoide i nGaelcholáiste Luimnigh, Gaelcholáiste neamhspleách, ach níl a leithéid de riachtanas teanga luaite le post an phríomhoide i gColáiste Pobail na hInse, mar a bhfuil an t-aonad Gaeilge ‘Gaelcholáiste na hInse’.

Is faoi chóras na scéimeanna teanga a aontaíonn comhlachtaí poiblí le Roinn na Gaeltachta cad iad na dualgais sonracha atá orthu ó thaobh na Gaeilge faoin reachtaíocht teanga.

Tá contae an Chláir ar cheann de 13 contae sa stát nach bhfuil aon Ghaelcholáiste lán-Ghaeilge iontu.

Tuairim is 120-130 dalta a bhíonn ag freastal ar an aonad Gaeilge ‘Gaelcholáiste an Chláir’, i gColáiste Pobail na hInse.

Deir Ó hAiniféin, iarChathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), go bhfuil níos lú daltaí ón Ghaelscoil in Inis ag dul ar aghaidh chuig an aonad Gaeilge le roinnt blianta anuas toisc nach bhfuil “muinín ag tuismitheoirí i gcóras an aonaid”.

“Bhí thart ar 150 dalta san aonad ach tá sé ag sleamhnú le déanaí. Téann thart ar an tríú cuid de dhaltaí i rang a sé i nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Inis ar aghaidh chuig an aonad i gColáiste Pobail na hInse.

“Thart ar 25 dalta a bhíodh i gceist agus tá sé sin ag titim le tamall mar nach bhfuil muinín ag tuismitheoirí as córas na n-aonad agus tuigeann siad anois nach Gaeloideachas atá ann, gur aonad laistigh de scoil Bhéarla atá ann.

“Tuigeann siad nach bhfuil an tumoideachais i gceist, in ainneoin iarrachtaí bhall foirne aonair, tuigeann siad nach bhfuil an córas ag tacú leo, mar atá léirithe ag an scéim teanga, tuigeann siad nach bhfuil an ardbhainistíocht ag tacú leis an tumoideachais nó an Gaeloideachas.”

Dúirt Ó hAiniféin go léiríonn cás an aonaid i gcontae an Chláir na deacrachtaí a bhaineann le haonad Gaeilge i scoil Bhéarla a fhorbairt ina scoil neamhspleách lán-Ghaeilge.

“Tá an ardbhainistíocht sásta an t-aonad a fhágáil mar atá agus gan aon fhorbairt a dhéanamh air. Is maith leo é a fhágáil ag 120 daltaí, daltaí a n-éiríonn go maith leo, a fhaigheann torthaí maithe sna scrúduithe agus a chuireann le rath na scoile,” a dúirt sé.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go moltar i dtaighde nua nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.

Tuigtear do Tuairisc go léiríonn an taighde nua, a rinneadh mar chuid d’fhorbairt polasaí nua an rialtais don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go bhfuil ag teip ar an aonad Gaeilge mar mhúnla don ghaeloideachas.

achainí déanta ag polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ar an Roinn Oideachais déanamh de réir an taighde a lorg siad féin agus deireadh a chur le bunú aonad Gaeilge i scoileanna Béarla.

Fág freagra ar '‘Masla dochreidte’ nach bhfuil riachtanas Gaeilge luaite le post príomhoide ‘Ghaelcholáiste an Chláir’'

  • SeánÓB

    Limerick Clare ETB patrún na scoile? Cé atá i gceannas ar an ETB sin? Ceisteanna le freagairt acu faoi thitim as a chéile an Aonaid agus go leor eile de réir an ailt seo.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Príomhfheidhmianach faoi stiúir bhord, tá mé ag ceapadh.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Seans go bhfuil an bord seo ag dul as feidhm lá de na laethanta seo.
    https://lcetb.ie/board/