Más spéis leat an ceol tíre, fiú ‘Wagon Wheel’, ócáid í an fhéile Country 2 Country a ardóidh do chroí

Beidh an banna Old Crow Medicine Show, as Harrisonburg Virginia i measc na gceoltóirí ag Country 2 Country i mbliana

Más spéis leat an ceol tíre, fiú ‘Wagon Wheel’, ócáid í an fhéile Country 2 Country a ardóidh do chroí

Tá lucht an ‘Wagon Wheel’ ag triall orainn – ní hé Nathan Carter is a bhanna ná na scórtha amhránaithe is bannaí eile a chloistear ag rá an amhráin sin i dtithe ósta fud faid na tíre – ach an chéad dream a chas é don domhan mór roinnt blianta ó shin. Sin iad an banna Old Crow Medicine Show, as Harrisonburg Virginia, a bheas ar stáitse an 3 Arena i mBleá Cliath mí Mhárta seo chugainn mar chuid den fhéile Country 2 Country (nó C2C) 2020. Beidh an Old Crow Medicine Show ag casadh ar an Aoine an 13 Márta ach is é Darius Rucker, fear ar éirigh go maith lena leagan féin de ‘Wagon Wheel’, an príomhcheoltóir an oíche sin.

Ach an oiread le hamhrán Steve Earle ‘Galway Girl’, faoin tráth seo is amhrán é ‘Wagon Wheel’ a chuireann idir ghliondar agus dhéistin ar lucht éisteachta na tíre. Seans go bhfuil a fhios ag an saol anois gurb é Bob Dylan a scríobh an curfá. Rinne sé taifeadadh garbh de don scannán Pat Garrett & Billy the Kid sa mbliain 1973. Níor úsáideadh an t-amhrán sa scannán sin, ach bhí leagan bradach nó bootleg de ar fáil ar feadh na mblianta. Chuir Ketch Secor ón Old Crow Medicine Show liricí breise leis agus eisíodh é ar a gcéad albam sa mbliain 2004. Fás 40 bliain! Nach mbeadh aon chumadóir nó scríbhneoir sásta dá dtiocfadh saothar dá chuid faoi bhláth tar éis achar chomh fada sin?

Fógraíodh an clár d’fhéile C2C 2020 le gairid agus tá na ticéid ar díol ón 1 Samhain. Seo an t-ochtú bliain ag an bhféile seo agus, mar a bhíonn chuile bhliain, beidh ceithre cinn de bhannaí nó d’amhránaithe ag casadh gach aon oíche ón Aoine, an 13 Márta go dtí an Domhnach. Deis iontach a bhíonn sa bhféile seo scoth na mbannaí is na n-amhránaithe ceol tíre as Stáit Aontaithe Mheiriceá, den chuid is mó, a fheiceáil beo. B’fhéidir go rachfá ann chun duine faoi leith a chloisteáil, ach roimh dheireadh na hoíche beidh cur amach agat ar amhránaí nó banna nua nach raibh fiú a n-ainm cloiste agat roimhe sin.

Ócáid í a d’ardódh do chroí, más spéis leat an ceol tíre. Bíonn na ticéid níos saoire ná mar a bhíonn ag go leor ceolchoirmeacha rac. Agus bíonn luach do chuid airgid ar fáil mar cuirtear tús leis an gceol roimh a 6 a chlog tráthnóna agus leantar leis go dtí thart ar a 11 san oíche. Bíonn atmaisféar den scoth i measc an lucht féachana idir óg is aosta, iad tagtha as chuile cheard den tír agus as áiteacha ar fud an domhain. Nuair a tháinig Chris Stapleton is a bhanna ar stáitse oíche Shathairn i mbliana ba bheag nár phléasc an slua le teann áthais.

In 2018, bhí Emmylou Harris, arb as Birmingham Alabama di, i mbarr a maitheasa agus 70 bliain slánaithe aici. ‘Remember country music?’ a d’fhiafraigh sí den lucht féachana chomh luath is a tháinig sí ar stáitse leis na Red Dirt Boys. B’fhéidir go raibh sí ag tagairt do Little Big Town a bhí ag casadh ina diaidh. Cé go bhfuil guth iontach ag an gceathrar atá sa bhanna sin, ba dheacair lorg an cheoil tíre a aimsiú ar na hamhráin is déanaí acu, ach bhí an lucht féachana thar a bheith tógtha leo. Bíonn cur is cúiteamh ann i gcónaí i dtaobh an ionracais agus an ceol tíre. Go deimhin, ba bheag meas a bhíodh ag roinnt de mhuintir Nashville ar na hamhráin a bhíodh Emmylou féin a chasadh le Gram Parsons ag tús na 1970idí.

In 2019, ba é fear Texas, Lyle Lovett, a sheas an fód do na seanfhondúirí. Ach an oiread le Emmylou, chas an cumadóir is an t-amhránaí seo le móruaisle an cheoil tíre i gcaitheamh na mblianta.

Beidh Tanya Tucker, a rugadh i Seminole Texas i 1958, is a raibh a hamhrán ‘Delta Dawn’ sna cairteacha i 1972 ag casadh san oíche Dé Sathairn, an 14 Márta, ag an bhféile. Moladh go hard a halbam nua, While I’m Livin, a céad cheann le 17 bliain.

Easpa ceoltóirí ban ceann de na lochtanna is mó atá daoine a fháil ar chlár fhéile 2020. Minic go maith is iad na mná is mó a thaitníonn leis an slua. Anuraidh, ba í Margo Price lena hata bán agus a culaith threabhsair bhán agus ‘twang’ an fhíor-amhránaí ceol tíre ina guth a mheall an slua. Ag féile na bliana seo sa Mhárta, chuir Ashley McBryde as Arkansas, an lucht féachana faoi gheasa lena giotár agus amhráin bhreátha ar nós ‘A Little Dive Bar in Dahlonega’.

Beidh roinnt ceoltóirí a tháinig in inmhe le blianta beaga anuas ar ag casadh ag C2C an chéad bhliain eile – Luke Combs, Brett Young, Jordan Davis agus Old Dominion ina measc. Is fearr aithne ar Eric Church, a bheas ar stáitse ar an Domhnach, an 15 Márta. B’fhiú éisteacht le  cuid den dream – Abby Anderson, Eric Paslay agus Tenille Townes, a bheas chugainn ar an Domhnach sa mhír ar a dtugtar ‘Introducing Nashville’.

Más ceol tíre ar an tseanstíl atá uait, is iad cúigear Old Crow Medicine Show agus fidil, maindilín agus dord acu, do bhanna. Meas tú an gcasfaidh siad ‘Wagon Wheel’? Ní dóigh go mbeidh an dara rogha acu.

Fág freagra ar 'Más spéis leat an ceol tíre, fiú ‘Wagon Wheel’, ócáid í an fhéile Country 2 Country a ardóidh do chroí'