Más le Cúige Mumhan geit a bhaint as saol an rugbaí seo an áit lena dhéanamh

Tá trí cinn de na Cúigí ag dul sa ghleo I mBabhta 1 i gCorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo agus beidh na Connachtaigh ag imirt i gCorn an Dúshláin anocht

Más le Cúige Mumhan geit a bhaint as saol an rugbaí seo an áit lena dhéanamh

Ethan Coughlan.Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Is ag treisiú atá comórtas Chorn na gCuradh, an comórtas rugbaí is fearr idir clubanna an domhain, agus tá foirne ón Afraic Theas san áireamh i mbliana den chéad uair ariamh. Seans dá bhrí sin go mbeidh an dúshlán a bhaineann le greim a fháil ar an gcorn ag méadú freisin. Níor éirigh ach le trí chúige ón tír seo dóthain pointí a aimsiú i gcomórtas URC na bliana seo caite chun ionadaíocht i gCorn na gCuradh an tséasúir seo a chinntiú. Ní raibh an dara rogha ag na Connachtaigh ach a bheith sásta imirt i gCorn an Dúshláin, sin an comórtas sóisearach.

Is ar an mBóthar Beag tráthnóna inniu a bheas an chéad chluiche sa gcomórtas sin á imirt ag foireann na Gaillimhe agus iad ag freagairt dúshlán Newcastle Shasana, foireann atá sa naoú háit ar thábla an Premiership faoi láthair, sin dhá áit óna íochtar.

Níl ach trí chluiche as naoi n-iarracht slánaithe ag na Sasanaigh, torthaí a fhágann faoi bhrú damanta iad amárach. Dála an scéil, bhuaigh na Connachtaigh sa mbaile an deireadh seachtaine seo caite.  Níl cúis ar bith nach féidir leo an rud céanna a dhéanamh arís inniu agus pobal na Gaillimhe á spreagadh.

Is iad Cúige Laighean, iarchuraidh Chorn na gCuradh is túisce i measc fhoirne na hÉireann a bheas ag cur chun páirce agus iad ag i gcoinne Racing 92 i Le Harve na Fraince. Níl fiú cluiche amháin féin caillte ag Cúige Laighean ó thús an tséasúir seo agus iad ag feabhsú le chuile chluiche mar a chonaic muid agus iad ag náiriú na nUltach san RDS an Satharn seo caite. Ní hionann an cás ag Racing a chaill ceithre chluiche as aon iarracht déag sa Top 14 go dtí seo ach is sa bhFrainc atá an cluiche seo á imirt. Ní gá domsa mórán a rá faoin mbuntáiste a bhaineann le himirt sa mbaile. Mar sin féin, beidh cúpla euro agam ar fhoireann Leo Cullen.

As baile a bheas Cúige Uladh amárach agus iad ag imirt i Sasana i gcoinne Sale, foireann atá sa dara háit ar thábla an Premiership faoi láthair. Más faoi na hUltaigh aon seans a bheith acu sa gcluiche seo caithfidh siad lag-iarracht Bhabhta 9 den URC i gcoinne Chúige Laighean a chur i leataobh. Sin rud nach mbeidh éasca. Thit foireann Bhéal Feirste as a chéile sa dara leath den chluiche sin agus iad ag léiriú laigí a bheas mar spré ag Sale. Tá drogall ormsa toradh a thuar sa gcoimhlint seo seachas a rá go bhfuil an traidisiún agus na himreoirí ag Cúige Uladh chun jab a dhéanamh ach tá siad gonta faoi láthair.

Is ar Pháirc Thuamhan a bheas na Muimhnigh, foireann a bhí thar barr i gcoinne Dhún Éideann i mBabhta 9 den URC seachtain ó shin agus iad i gcoinne mhóruaisle an chomórtais seo, Toulouse. Seans gur roimh na Muimhnigh atá an dúshlán is mó de na trí fhoireann Éireannacha an deireadh seachtaine seo. Tá Toulouse ar bharr an Top 14 faoi láthair agus gan ach trí chluiche caillte fós an séasúr seo, i gcomparáid leis na cúig chluiche atá caillte ag Cúige Mumhan. Ach is sa mbaile atá Mumha ag imirt agus más leo geit a bhaint as saol an rugbaí seo an áit lena dhéanamh. Seans go mbeidh na Francaigh, fiú agus iad as ag imirt as baile, róláidir dóibh.

Fág freagra ar 'Más le Cúige Mumhan geit a bhaint as saol an rugbaí seo an áit lena dhéanamh'