Mary Gallagher, an bhean a chuir fáilte chuig Maigh Eo roimh theifigh na Siria – ‘Sure, I only said what anyone would say’

Thug ár gcolúnaí cuairt Mary Gallagher ar thuill a cuid cainte faoi na cosúlachtaí idir cás na hÉireann agus cás na Siria go leor moladh

Mary Gallagher, an bhean a chuir fáilte chuig Maigh Eo roimh theifigh na Siria – ‘Sure, I only said what anyone would say’

Istigh i gceartlár Bhealach a’ Doirín atá siopa Mhary Gallagher. Tá aithne fhorleathan uirthi le fada an lá mar bhean ghnó, staraí agus scríbhneoir, ach anois, tá aithne agus cáil uirthi mar gheall ar an méid a dúirt sí ar chlár teilifíse nuair a fógraíodh go mbeadh grúpa teifeach ón tSiria ag teacht chun an bhaile.

Agus í ag fáiltiú rompu, dúirt sí go raibh cosúlachtaí go leor idir iad agus muintir na hÉireann fadó.

‘Sure I only said what anyone would say,’ arsa sise, ag tagairt don chaint ar fad a tharraing sí.

Ach bhí tábhacht leis an méid a dúirt sí agus an bealach a ndúirt sí é. Agus í ag seasamh ina siopa, atá lán le héadaí páistí, stocaí, fo-éadaí d’fhir agus do mhná, sheas sí ar son seanluachanna na Críostaíochta agus na carthanachta.

Tá an siopa ansin le hos cionn 200 bliain agus 200 bliain de stair na hÉireann feicthe ag muintir Gallagher. Trasna an bhóthair tá teach mhuintir Uí Dhiolúin, ’Dillon House’ mar ar tógadh muintir James Dillon, atá anois ina leabharlann áitiúil. Nuair a bhíodh siopa Gallagher ag díol feola, earraí agus dí sa 19ú aois, bhíodh polaiteoirí móra Pháirtí Parlaiminte na hÉireann ag teacht is ag imeacht ón teach ársa sin.

Ach anois is ar shiopa beag Mary Gallagher atá aird na gcuairteoirí ar fad dírithe.

Thug mé cuairt uirthi le gairid agus mé ag triall ar mo bhaile dúchais féin. Bhí mé ag cuartú bronntanais do chúpla beag – páistí aon bhliain d’aois. Tháinig Mary isteach ó chúl an tí. Bhí aithne aici ar mo mhuintir. Chuimhnigh sí siar ar ‘Fheis Mhór Bhealach a’ Doirín’ a d’eagraíodh m’athair. Bhí an-bhród uirthi gur tháinig sí sa dara háit i gcomórtas an Chomhrá Gaeilge agus dúirt sí liom gurbh é Paul Surlis, uncail liom, a bhí sa gcéad áit.

Níor chaill sí bua na cainte ó shin.

Cé gur mhaígh sí nár tharraing a cuid cainte mórán airde uirthi, chuir mé féin spéis sa líon daoine a tháinig isteach sa siopa agus mé ann. Mná ag ceannach ‘babygros’, bean ag iarraidh stocaí agus beirt bhan eile as Gaillimh a pháirceáil taobh amuigh den doras agus a shiúil isteach. ‘M. Gallagher,’ a chonaic siad ar an gcomhartha taobh amuigh. ‘That’s the woman from the telly’. Bhíodar ar sceitimíní – ar nós beirt ar casadh réalta mór scannán orthu.

Ach ní chuireann an cháil nua seo atá bainte amach aici isteach ná amach ar Mary. ’Sí an duine céanna i gcónaí í. Tá cuma an bhróin uirthi anois toisc gur cailleadh a fear céile Michael anuraidh agus níl sé i bhfad ar chor ar bith ó bhásaigh a deartháir óg Peter. Coinníonn sí uirthi sa siopa, ach is léir nach bhfuil an dúil chéanna aici ann.

Tráth den saol, bhí gnó mór ag muintir a fir chéile – feirm, siopa búistéara, talamh, teach tábhairne. Ach fágadh máthair Mhichael ina baintreach agus í sna tríochaidí. Ba é Michael an duine ba shine agus gan é féin ach 10 mbliana d’aois.

Tá rian den teach tábhairne fós le feiceáil taobh istigh den siopa – balla amháin clúdaithe le seilfeanna adhmaid agus scátháin. Dhá bhairille adhmaid sáite isteach i gcófra agus buidéal nó dhó fágtha anseo is ansiúd ar na seilfeanna. Tá eischeadúnas fós aici ach is beag alcól a dhíolann sí.

Nuair a d’fhág Mary an scoil, ar nós go leor eile, thug sí an bád bán uirthi féin. Fuair sí post i scoil in Ascot Shasana ag múineadh stair na healaíne. An raibh cáilíocht aici? Bhí – onóracha san Ardteist. Tar éis cúpla bliain ansin, bhog sí ar aghaidh go Londain féin. Casadh cara uirthi lá a thug cuireadh di bogadh isteach léi in árasán in Old Brompton Rd. Ní raibh aon phost aici ach níor chaill bean an mhisnigh riamh é. Céard a rinne sí?

‘Fuaireamar an t-eolaí teileafóin,’ a dúirt sí. ‘Agus chuamar síos tríd ag féachaint ar na hainmneacha. Ar deireadh chonaic mé ‘Nova Scotia’ agus dúirt mé liom féin go raibh cuma tharraingteach ar an ainm sin.’

Banc a bhí ann, Bank of Nova Scotia. Ghlaoigh sí ar an uimhir agus fuair sí agallamh ar an Luan. Thairg siad post di ar an toirt. Cuireadh ag obair ar an deasc airgeadra iasachta í taobh istigh den phríomhdhoras. Casadh lucht gnó, turasóirí, prionsaí agus banphrionsaí an Mheánoirthir uirthi ann. Casadh go leor daoine eile ó thíortha ar fud an domhain uirthi sa bhloc árasán ina raibh cónaí uirthi.  Thuigfeá a hoscailteacht do theifigh agus do dhaoine ó thíortha i bhfad i gcéin.

Choinnigh sí i dteagmháil le Michael i gcaitheamh an ama i Londain agus d’fhill siad ar an mbaile le pósadh. Tar éis breith a gcéad linbh tháinig an bheirt acu abhaile go siopa Gallaghers agus tá sí ann ó shin. Bhí an-‘time’ aici i Londain – deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí. Ach fiú má bhí, níor airigh sí an saol sin uaithi nuair a d’fhill sí ar Bhealach a’ Doirín.

Anois agus saol ciúin arís aici, ní cheapann sí go bhfuil aon mhóréacht déanta aici. Ach nuair a thagair sí don íomhá de pháistí á dtarraingt as an láib in Aleppo, chuir sí go leor daoine ag smaoineamh ar staid na dteifeach sa tSiria. Chuir sí stop ar an toirt le casaoid agus le clamhsán. Tá an dara dream teifeach ag cur fúthu ar an mbaile anois. Níl aon duine ag maíomh go bhfuil sé an-éasca, ná fiú go bhfuil gach fadhb réitithe. Ach cé go ndeir Mary nach ndearna sí ‘tada nach ndéanfadh aon duine eile’, nílimidne chomh siúráilte faoi sin. Teastaíonn leithéidí Mary Gallagher i ngach baile in Éirinn.

Fág freagra ar 'Mary Gallagher, an bhean a chuir fáilte chuig Maigh Eo roimh theifigh na Siria – ‘Sure, I only said what anyone would say’'