Dá bhfiafróinn díot cé leis a mbeifeá ag súil dá dtoghfaí i d’Uachtarán ar Éirinn tú, tá barúil mhaith agam go mbeadh pá mhaith, teach galánta agus neart taistil ard go maith ar an liosta freagraí a gheobhainn. Ach cé mhéid agaibh a bheadh ar an eolas go dtagann capall rása leis an jab freisin? Féach nach amháin go dtagann, ach gur cosúil gur capall maith go leor atá ag an té atá i seilbh an phoist faoi láthair mar gur bhuaigh Aimhirgín Lass (2/1) an chéad rása i gCill Airne tráthnóna Dé Máirt seo caite. Faoi úinéireacht ‘A Shoilse, Uachtarán na hÉireann’ atá sí, Declan McDonagh bhí sa diallait agus í traenáilte ag John Oxx!
Ach ní haon scéal nua é seo mar is beag Uachtarán ó aimsir Dhubhghlas de hÍde féin nár rith capall faoina ainm agus faoina c(h)uid dathanna – Gorm ‘Naomh Pádraig’ agus muinchillí óir, mar aon le caipín gorm a bhfuil bobailín óir air. Sin iad freisin, ar ndóigh, na dathanna atá ar armas an Uachtaráin.
Is é fírinne an scéil gur faoi ainm agus faoi dhathanna cheann an stát a ritheann na capaill, ach gur le Graí Náisiúnta na hÉireann i ndáiríre iad – nó más ceadmhach dom é a rá, liomsa agus leatsa. Le pórú capall is mó a bhaineann gnóthaí na Graí, ach ó am go chéile bíonn capall rása nó dhó acu agus iad ag iomaíocht faoi ainm an Uachtaráin.
Bhí agus tá capaill riamh freisin, ar ndóigh, ag ríthe agus ag banríonacha Shasana.
Tá Devon Loch ar an gceann is cáiliúla acu sin. Bhí an claí dheireanach caite le fada aige agus é go maith chun cinn i Grand National 1956 in Aintree nuair a léim Devon Loch san aer agus nuair a landáil sé ar a bholg – gan idir é agus an chríoch ach 40 slat agus gan fál ná claí i bhfoisceacht ‘mBeannaí Dia’ dó. Níl a fhios céard ba chúis leis an tubaiste. Tá daoine ann a cheap go mba crampaí a bhuail é, tuilleadh a deir gur scáile a scanraigh é. Cheap a mharcach, Dick Francis, go mba é liú an tslua a chuir as corr é.
Tráthúil go leor, timpeall an ama chéanna, tharraing ceann de na capaill ba cháiliúla a rith faoi dhathanna Uachtarán na hÉireann caint go leor freisin, cé nár mhair a cháil chomh fada le Devon Loch. Panaslipper an t-ainm a bhí air sin agus bhuaigh sé Derby na hÉireann i 1955 agus bhí sé sa dara háit san Epsom Derby an bhliain chéanna.
Ba le fear darbh ainm Joe McGrath an capall ag an am sin – bhí McGrath gníomhach san Éirí Amach agus ina dhiaidh sin ina Theachta Dála. Bhí sé freisin ar dhuine de bhunaitheoirí Ghloine Phort Láirge agus é sáite i gcroílár na conspóide a bhain leis an Irish Hospitals Sweepstakes.
Go gairid tar éis dá chapall Derby na hÉireann a bhuachan, thug an Graí Náisiúnta £45,000 do McGrath ar Panaslipper agus measadh gur le pórú a chaillfeadh an capall a chuid allais as sin amach. Ach shocraigh an Ghraí é a choinneáil i mbun iomaíochta go ceann tamaill, iad den tuairim go dtuillfeadh sé deaphoiblíocht don mhianach capall a bhí in Éirinn, is dóigh.
Rith Panaslipper i Sasana faoi dhó faoi ainm an Uachtaráin agus ansin fuair cuireadh rith sa Washington International sna Stáit Aontaithe – rás ina dtugtaí cuireadh do chapaill as chuile cheard den domhan. Sa gceathrú háit a chríochnaigh sé ansiúd, ach bhí a chumas tugtha faoi deara ag Meiriceánach saibhir a thairg $200,000 don Ghraí ar Panaslipper agus go luath sa mbliain 1956 d’fhógair siad siúd go raibh an stail díolta acu.
Nuair a tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nár tugadh láir amháin féin chuig Panaslipper faid agus a bhí sé sa nGraí, bhí go leor díobh siúd a bhí sáite i dtionscal na rásaíochta thar a beith míshásta. Go fiú gur tarraingíodh anuas an scéal i nDáil Éireann agus an tAire Talmhaíochta, James Dillon, ag cur a chuid míshástachta in iúl. D’éirigh duine de stiúrthóirí na Graí as a phost mar gheall ar an méid a tharla.
Agus Máire Mhic Giolla Íosa san Áras, bhuaigh capall de chuid an Uachtaráin, Suailce, Cesarewitch na hÉireann i 2008 agus bhuaigh rás freisin ag Rásaí na Gaillimhe an bhliain sin. Dermot Weld a thraenáil an láir a raibh €113,000 buaite aici faoin am ar éirigh sí as.
Ní ar an talamh réidh amháin a rith capaill an Uachtaráin. Le linn do Phádraig Ó hIrile a bheith in oifig bhí dhá chapall a rinne go maith ag seilg-rásaíocht faoina theideal. Bhuaigh ceann acu, Giolla an Rí, an dá chliath-rása ba thúisce a rith sé agus bhí caint mhór go mbeadh ceann de chapaill an Uachtaráin le feiceáil i Cheltenham den chéad uair riamh nó gur gortaíodh Giolla an Rí i ndeireadh na bliana 1980.
Cúig bliana dár gcionn agus Ó hIrile fós san Áras, bhuaigh capall eile dá chuid, Seskin Bridge, ceann de na seilgrásaí is cáiliúla sa tír, an Thyestes Chase.
cormac
‘ muinchillí óir, mar aon le caipín gorm a bhfuil bobailín óir air’ nach deas mar a rachadh an libhre sin don Soilse ceanna, meas tu?