Tá maoiniú €500,000 faighte ag Colm Bairéad, stiúrthóir An Cailín Ciúin, dá chéad scannán eile Mary Rose.
Tá scannán nua Bhairéid ar cheann de 23 togra scannánaíochta a fuair maoiniú an mhí seo ó chiste maoinithe Eurimages. Cuireadh €7,183,000 san iomlán ar fáil do lucht déanta scannán ar fud na hEorpa.
Fadscannán a bheidh in Mary Rose a dhéanfar in Éirinn agus sa Bheilg. Is i gcontaetha an Chláir, Baile Átha Cliath, agus Cill Mhantáin a dhéanfar an scannánaíocht in Éirinn. Is í an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, an léiritheoir céanna a bhí ar An Cailín Ciúin, a léireoidh Mary Rose. Cuirfear tús le déanamh an scannáin i mí an Mheithimh agus táthar ag súil go mbeifear réidh leis i mí Dheireadh Fómhair.
Thuill an chéad scannán ó Bhairéad agus Ní Chrualaoi gradam agus moladh ar fud an domhain nuair a eisíodh é in 2022. Ba é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh do ghradam Oscar. Chaith sé 52 seachtain sna pictiúrlanna in Éirinn agus shaothraigh sé thart ar €1,500,000 ag oifig na dticéad sa tír seo. Meastar gur thuill sé breis agus €4,500,000 san iomlán.
Cé nár éirigh leis An Cailín Ciúin sa rannóg don Fhadscannán Idirnáisiúnta Is Fearr ag Gradaim an Acadaimh, chuir an t-ainmniúchán go mór le cáil an scannáin i measc an phobail, mar a rinne an carnán gradam eile a bhuaigh sé.
Fág freagra ar 'Maoiniú faighte ag stiúrthóir An Cailín Ciúin dá chéad scannán eile'