Maoiniú eatramhach ‘riachtanach’ do RTÉ, ach muinín an phobail ‘scriosta’ – Catherine Martin

Tá an leasú a bhí á cheapadh do chóras an cheadúnais teilifíse curtha ar athló agus is ar an maoiniú eatramhach atáthar ag díriú faoi láthair, a deir an tAire Cumarsáide

Maoiniú eatramhach ‘riachtanach’ do RTÉ, ach muinín an phobail ‘scriosta’ – Catherine Martin

Dúirt Aire na Meán Catherine Martin gur “scriosadh an mhuinín” a bhí ag an bpobal in RTÉ agus gur fágadh “iontas agus fearg” ar dhaoine.

Léirigh sí a himní faoi “na ceisteanna tromchúiseacha a bhain le cultúr, rialú agus rialachas” ag an gcraoltóir náisiúnta.

Bhí an tAire i láthair ag Comhchoiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán an Oireachtais agus dúirt sí go raibh “scrúduithe cuimsitheacha agus leitheadacha” ar bun faoi láthair.

Chuir sí fáilte roimh na bearta dearfacha a bhí déanta ag Bord RTÉ agus ag an Ard-Stiúrthóir le roinnt seachtainí. Dhearbhaigh an tAire Martin go raibh “muinín” aici féin i mBord RTÉ agus ina chathaoirleach Siún Ní Raghallaigh.

Tá an leasú a bhí á cheapadh do chóras an cheadúnais teilifíse curtha ar athló go dtí go mbeidh scrúdú déanta ar an gconspóid atá ann faoi láthair agus is ar an maoiniú eatramhach atáthar ag díriú faoi láthair, a dúirt sí.

“Déarfaidh mé an méid seo, caithfear a chinntiú go mbeidh RTÉ ábalta a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh fiú agus muid i lar na conspóide seo agus chuige sin beidh maoiniú eatramhach riachtanach,” a dúirt an tAire Martin.

“Ní ardú ar an maoiniú poiblí do RTÉ amháin a bheidh i gceist. Tá roinnt beartas fógartha ag an Ard-Stiúrthóir cheana féin d’fhonn na costais a laghdú i mbliana.

“Is maith an rud é sin; ach tá súil agam go mbeidh sé soiléir sa phlean straitéiseach nua atá á fhorbairt acu go bhfuil an craoltóir lándáiríre faoi chostais a laghdú agus dea-mhargadh a fháil ar an airgead.”

Agus an tAire ag freagairt ceist faoin maoiniú eatramhach, thagair sí don €15 milliún a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán do Bhuiséad na bliana seo caite agus €16 milliún i gcomhair na bliana seo.

Tarraingíodh conspóid ar RTÉ níos túisce i mbliana nuair a tháinig sé chun solais gur íocadh €150,000 le Ryan Tubridy, a bhíodh ina láithreoir ar an Late Late Show. as cuntas babhtála de chuid an chraoltóra.

Fág freagra ar 'Maoiniú eatramhach ‘riachtanach’ do RTÉ, ach muinín an phobail ‘scriosta’ – Catherine Martin'