Tá breis maoiniú stáit ag teastáil d’earnálacha na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge má táthar leis an teanga a choinneáil beo.
Sin tuairim Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus tuarascáil foilsithe acu ar an ábhar.
Tar éis dóibh sraith cruinnithe a reáchtáil le scríbhneoirí, foilsitheoirí, iriseoirí agus daoine eile, tá breis is 100 moladh déanta ag an coiste maidir le cén chaoi a bhféadfaí léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh amach anseo.
I measc na moltaí atá déanta sa tuarascáil, tá an coiste ag iarraidh go n-ardófaí an buiséad do Chlár na Leabhar Gaeilge, go ndéanfaí an buiséad a chuirtear ar fáil d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge a dhúbailt agus go dtabharfaí leabhair Ghaeilge saor in aisce do dhaltaí scoile.
Maidir le Clár na Leabhar Gaeilge, scéim de chuid Fhoras na Gaeilge a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, foilsitheoirí agus pobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne, tá an coiste ag iarraidh go n-ardófaí an maoiniú go dtí an leibhéal a bhí i gceist in 2008 agus go dtiocfadh méadú air sin bliain i ndiaidh bliana.
Bhíodh breis is €1.8 milliún á chur ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2008 agus tá laghdú 40% tagtha ar an maoiniú ó shin agus níos lú ná €1.1 milliún a cuireadh ar fáil don scéim in 2022.
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, ball de Choiste na Gaeilge, le Tuairisc cheana go dteastódh “ar a laghad €2.5 milliún sa mbliain” le go mbeadh an deontas do Chlár na Leabhar Gaeilge ag ardú de réir an bhoilscithe.
Molann an coiste freisin go gcuirfí plean nua margaíochta i bhfeidhm le haghaidh gach leabhar nua a fhaigheann maoiniú ó Chlár na Leabhar Gaeilge agus go mbeadh comhaontú idir Foras na Gaeilge, an foilsitheoir agus an scríbhneoir chuige sin agus go gcuirfí fógraíocht, seoladh leabhair, agallaimh agus léirmheasanna san áireamh.
Maidir le cúrsaí iriseoireachta, moltar go méadódh Foras na Gaeilge an ciste le haghaidh iriseoireacht scríofa na Gaeilge ó €500,000 go €1 milliún chun na ciorruithe a rinneadh ar mhaoiniú na hiriseoireachta a chur ar ceal, go háirithe i gcás Tuairisc, NÓS agus COMHAR.
Deirtear go mbíonn ar iriseoirí na Gaeilge “obair bhreise a dhéanamh mar gheall ar an meon frithGhaelach atá ag an Stát nuair nach gcuirtear eolas amach ach i mBéarla amháin” agus mhol an coiste “an t-éacht atá déanta [ag Tuairisc] scéalta ar ardchaighdeán a fhoilsiú go laethúil cé nach bhfaigheann an nuachtán féin ach maoiniú le haghaidh leagan seachtainiúil amháin”.
Molann an coiste chomh maith go gcuirfeadh Coimisiún na Meán scéimeanna nua ar bun chun tacú leis an iriseoireacht Ghaeilge sna meáin Bhéarla, go mbeadh sé mar sprioc ar a laghad iriseoir lánaimseartha amháin a bheith ag feidhmiú i nGaeilge i ngach nuachtán náisiúnta faoin mbliain 2025 agus go gcuirfí scéimeanna intéirneachta ar fáil do mhic léinn chun taithí a fháil san iriseoireacht Ghaeilge i nuachtáin agus sna meáin éagsúla fud fad na tíre.
Tá moltaí sa tuarascáil d’ÁIS, a dháileann leabhair Ghaeilge, agus an coiste ag iarraidh go ndéanfaí méadú dúbailte ar mhaoiniú 2023 na háisíneachta sin chun suíomh idirlín a chruthú agus córais eile a chur i bhfeidhm.
Chun daoine óga a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh, molann an coiste don Aire Oideachais ciste buan a bhunú an athuair chun €10 in aghaidh an dalta a chur ar fáil chun stoc na leabharlainne scoile a mhéadú agus go mbeadh coinníoll 50% ann do leabhair Ghaeilge i gcás scoileanna lán-Ghaeilge agus 20% i gcás scoileanna eile.
Táthar freisin ag iarraidh go mbronnfaí leabhair Ghaeilge saor in aisce ar dhaltaí scoile, ar a laghad uair amháin le linn dóibh a bheith ar an mbunscoil agus arís, ar a laghad uair amháin eile agus iad ag an iarbhunscoil.
Moltar chomh maith go gcinnteodh an tseirbhís leabharlainne i ngach údarás áitiúil go dtiocfaidh ardú ar chaiteachas leabhair Ghaeilge a cheannaítear gach bliain agus go mbeadh sé mar sprioc i mbliana go mbeadh ar a laghad 10% de na leabhair a cheannóidh an tseirbhís i nGaeilge agus go mbainfí an sprioc sin amach.
Ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne a seoladh an tuarascáil agus dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh súil aige “go dtabharfaidh an Rialtas agus na hAirí ábhartha an t-aitheantas agus an tacaíocht chuí chun cabhrú leis na hearnálacha seo tabhairt faoina gcuid oibre chun litríocht na Gaeilge a chur chun cinn fud fad na hÉireann agus i gcéin mar ghné ríluachmhar de chuid chultúr na tíre – caithfidh siad beart a dhéanamh de réir a mbriathair”.
Is féidir an tuarascáil ar fad a léamh anseo.
Fág freagra ar 'Maoiniú breise d’fhoilsitheoireacht agus iriseoireacht na Gaeilge molta ag coiste Oireachtais'