Deireadh ‘oifigiúil’ leis an nGaeilge fógartha ar phóstaeir ar fud na hardchathrach

Deir lucht feachtais a chroch póstaeir faoin nGaeilge ar fud na hardchathrach go bhfuil sé mar sprioc acu aird a tharraingt ar ‘neamhaird’ an rialtais ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta

Deireadh ‘oifigiúil’ leis an nGaeilge fógartha ar phóstaeir ar fud na hardchathrach

Is ag iarraidh aird an phobail a tharraingt ar phatuaire an rialtais i leith na Gaeilge a bhí an duine a chroch póstaeir timpeall Bhaile Átha Cliath ina bhfógraítear go bhfuil “deireadh” oifigiúil le cur leis an nGaeilge ar an 1 Eanáir 2025.

Tá íomhá den seanchaí cáiliúil Peig Sayers ar an bpóstaer, a deir:

“Ón 1 Eanáir 2025, beidh Rialtas na hÉireann ag cur deireadh leis an nGaeilge. Tá an cur chuige seo i bhfad níos éasca ag gach duine, agus ciallaíonn sé nach mbeidh ar aon duine ligint air gur chuma leis fúithi a thuilleadh. Is dócha go raibh drochmhúinteoir agat ar aon nós.

“Úsáidfear an t-airgead a shábhálfar le n-íoc as rud éigin nach bhfuil ag teastáil uait. Aon duine a mbéarfar air ag labhairt as Gaeilge tar éis an dáta seo, brúfar amach go háit iargúlta é agus déanfar neamhshuim de go bhfaighidh sé bás go mall. Tosaigh inniu – Lig Léi!”

Dúirt duine a chroch cuid de na póstaeir i mBaile Átha Cliath “thar ceann Aire Roinn Bhás Dosheachanta na Gaeilge” le Tuairisc go raibh sé mar sprioc ag an bhfeachtas aird a tharraingt ar an “neamhaird” atá déanta ag an rialtas ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Faoi mar atá sé, tá an rialtas liom leat i dtaobh na Gaeilge. Maíonn siad go dtacaíonn siad léi, ach ta líon na gcainteoirí ag laghdú, tá an Ghaeltacht á lagú, agus fágann daoine óga an Ghaeltacht chuile bhliain.

“An bás atá i ndán don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mura ndéantar rud éigin. Tá lucht na Gaelscolaíochta ag déanamh obair na gcapall ach ní hionann sin agus teanga bheo na Gaeltachta. Ní hionann caitheamh aimsire agus teanga bheo bheathach ach an oiread.”

“Dá mbeadh an rialtas ionraic linn, déarfadh siad os ard ‘tá an Ghaeilge a’ fáil bháis, nílimid toilteanach é sin a sheachaint, agus fógraímid go bhfuil deireadh á chur leis an teanga’,” a dúirt duine d’fheachtas na bpóstaer.

Dúirt sé go rabhthas ag iarraidh an chuma a chur ar na póstaeir – atá á scaipeadh ar fud lár na cathrach agus ar na meáin shóisialta – gur foilseacháin de chuid an rialtais atá iontu. Tá suaitheantas an rialtais, cruit na hÉireann, ar an bpóstaer agus ainm na roinne bréagaí – Roinn Bhás Dosheachanta na Gaeilge.

“Táimid lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ach go hidéalach bheadh [na póstaeir] fud fad na tíre. Tá sé i gceist againn cúpla ceann a chur suas i nGaillimh go luath agus tá daoine á roinnt ar líne. Is léir gur oibrigh an feachtas má tá Tuairisc ag teacht i dteagmháil faoi!

“Tá sé ag cur as do dhaoine ar bhealach ach an teachtaireacht atá againn ná go bhfuil an Ghaeilge i mbaol, tá níos mó tacaíochta ag teastáil agus táimid ag iarraidh daoine a phriocadh ar chaoi éigin. Ní dóigh liom go gcreideann éinne gur fíorfhógra rialtais atá i gceist.”

An sprioc ná daoine a chur ag caint agus daoine a chur ag smaoineamh.

“Tá siad i mBéarla freisin agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach – bíonn muid i gcónaí ag labhairt eadrainn féin maidir leis an teanga ach táimid ag iarraidh daoine nach bhfuil Gaeilge acu a chur ag smaoineamh fúithi,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil míréir ann idir an chaint mholtach a dhéantar faoi dhul chun cinn na Gaeilge ar na meáin shóisialta agus staid reatha na teanga mar theanga phobail, agus gur mhaith le lucht an fheachtais caint a tharraingt ar an bpointe sin.

“Níl leor a rá go bhfuil ‘an-bhorradh’ faoin nGaeilge ar na meáin shóisialta. Mura mbeidh sí ina teanga bheo phobail, ní bheidh sí ina teanga bheo – ar líne ná áit ar bith eile. Tá súil againn go leanfaimid orainn, tá mé ag iarraidh go mbeidh níos mó feachtas ann agus tá mé ag iarraidh go mbeidh daoine míshásta le cur chuige an rialtais i leith na Gaeilge.”

Is léir, a deir sé, gur cuma leis an rialtas, nach luaitear ceist na teanga sa dioscúrsa poiblí agus nach mbíonn daoine ag smaoineamh ar an teanga agus iad ag vótáil.

“Tuigim go bhfuil rudaí eile ag cur as do dhaoine, ach céard atá níos tábhachtaí ná ár bhféiniúlacht mar thír? Chuir sé díomá orm agus muid ag bogadh i dtreo an toghcháin nár luadh an Ghaeilge ar chor ar bith seachas i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge.

“Níl aon pháirtí tar éis teacht amach agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt slán. Tá Sinn Féin ceart go leor agus bhí cúpla rud ag Pobal seachas Brabús ach níor leor a n-iarrachtaí.”

Leag sé an milleán is mó ar an dá pháirtí atá i mbun cainteanna faoi láthair le comhrialtas a chur le chéile – Fianna Fáil agus Fine Gael.

“Is fearr Fianna Fáil ná Fine Gael ach is beag atá eatarthu. Tá siad fós ag feidhmiú le hidé-eolaíocht a bhraitheann ar rudaí i dtaobh luach airgid agus mar gheall nach bhfuil an luach sin, níl luach airgid mar sin ag an teanga, ní luachmhar leo í.

“Tá Fianna Fáil níos fearr ná Fine Gael, ach má tá tú níos fearr ná Fine Gael i leith na Gaeilge, ciallaíonn sé sin go n-aithníonn tú go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Deireadh ‘oifigiúil’ leis an nGaeilge fógartha ar phóstaeir ar fud na hardchathrach'

  • Déaglán Ó Connachtáin

    Chaithim a admháil nuair a chonaic mé an póstéir sin i dtosach gur bheag nár thit mé ar an dtalamh! Ach, tuigim anois agus aontaím go mór leis an fhís chruinn léireach. Is beag Gaeilge a bhí le fáil ar chúl na gcártaí toghachain i rith na haimsire. B’fhéidir cúpla focal, ach is cuimhim go maith nuair a bhíodh ár dteanga le feiscint ar mhalairt an chárta ‘is an Béarla ar an dtaobh eile, do gach saghas páirtí. Beir bua ar na hagóidí seo atá go sámhlaíochta agus bheacht!

  • Máirín

    Lógó thar a bheith doiléir éiginnte mí-amharach atá ag an bhfeachtas seo ó “Roinn Bhás Dosheachanta na Gaeilge”.

    Céard faoin 22% den daonra sna 26 contae nár rugadh inÉirinn agus go leor leor acu nach dtuigeann scéal na Gaeilge agus tuairim dá laghad acu cé ata ar an bpóstar? Céard faoi Éireannaigh faoi 40 nach raibh an leabhar Peig acu ar scoil ? Tá an lógó de Pheig dothuigthe do níos mó ná leath an phobail.

    Is Tomás Ó Muircheartaigh (1907-1967) a thóg an grianghraf seo de Pheig. Ar labhair an grúpa seo lena gaolta? An bhfuair sibh cead uathu an íomhá a úsáid?
    Ar labhair an grúpa seo le gaolta Pheig Sayers?

    An é an t-aon toradh a bheidh ar an bhfeachtas seo ná an galar frith-Pheig a scaipeadh?

  • Tuigim

    Drochsmaoineach. Ar nós Trump a roghnú v Hillary le bua éasca a thabhairt di. Creideann daoine seafóid.

  • Feardorcha Ó Raghallaigh

    An easpa samhlaíochta is cúis le “Peig” a tharraingt isteach san agóid seo? Nach mbeadh sé níos fearr úsáid a bhaint as pictiúir níos nua-aimsearthaí.
    An uair dheireanach a bhí “Peig”ar churaclam na hArdteistiméireachta ná 1995.
    Is daoine meán-aosta os cionn 47 bhliain d’aois a bhíonn ag casaoid agus ag clamhsán faoin leabhar.
    Mar sin fhéin, chuala me faoi cailín a chum comic strips greannmhara de “Pheig” agus í ag freastas ar meánscoil Bhéarla i gCeatharlach ag tús na 1990daí!