Maidir le ceist an AE táimid mar a bheadh coiníní caochta ag soilse cairr…

Fad is a bhaineann sé le Bunaíocht an stáit rinneadh cinneadh fadó faoin Aontas Eorpach agus sin sin.  Tá muid AR A SHON!

Maidir le ceist an AE táimid mar a bheadh coiníní caochta ag soilse cairr…

Chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí an Aontais Eorpaigh, bíonn aird na tíre seo, ní nach ionadh, ar an mBreatimeacht agus na socruithe faoin teorainn agus agus na socruithe leis an mBreatain a bheas ann sa todhchaí.

Ach san Eoraip féin, tá díospóireacht eile ar siúl faoi thodhchaí an Aontais – an mairfidh sé, nó cén cineál crutha a bheas air má mhaireann sé?

Is é Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, laoch na ndaoine ar mhaith leo brú ar aghaidh agus cur leis an lárú san Aontas, stát feidearálach ceart a dhéanamh de agus na réigiúin (mar a thabharfaí ar na ballstáit feasta) a chur faoi údarás an láir.

Díreach i ndiaidh thoghchán na Gearmáine, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh comhghuaillíocht láidir idir Macron agus lucht na Gearmáine maidir lena fhiontar agus Martin Schulz, ceannaire na nDaonlathach Sóisialta ag an am, ag cur brú ar Angela Merkel tacú le hUachtarán na Fraince mar chuid de shocrú comhrialtais.

Ach chaill Schulz ceannaireacht a pháirtí féin agus níl mórán spéise ag an gceannaireacht nua sa gheallúint. Is léir anois nach mbeidh an Ghearmáin ag comhoibriú leis an bhFrainc chun an plean sin a chur chun cinn.

Tá lucht gnó na Gearmáine buartha go mbeadh orthu íoc as laigí na mballstát eile dá neartófaí ról limistéar an euro i bpolaitíocht an Aontais. Ach ag an am céanna maíonn tráchtairí ar nós Wolfgang Münchau go bhfuil amhras ann anois faoi thodhchaí an gheilleagair sa Ghearmáin mura leasófar an euro!

Aontaíonn tráchtairí idirnáisiúnta eile le Münchau go bhfuil an t-airgeadra i dtrioblóid.  Tá fadhb mhór le réiteach fós ag bainc na hIodáile maidir le drochfhiacha agus níl aon rialtas sa tír sin go fóill, ar ndóigh. Anuas air sin, ní ceadmhach is cosúil faoiseamh ar fhiacha na Gréige a lua beag nó mór.

Ag an am céanna níl cuma rómhaith ar na figiúirí is deireanaí maidir leis an eacnamaíocht i limistéar an euro, is tá ceisteanna móra ann faoin treo ba chóir an geilleagar a stiúradh nó an féidir cúlú eacnamaíochta eile a sheachaint.

Ar stáitse na polaitíochta, tá ag géarú ar an searbhas idir ballstáit, leithéidí na hUngáire agus na Polainne agus an Coimisiún, toisc nach nglacann na stáit thoir le ‘prionsabail’ liobrálacha an Aontais, mar a fheictear don Choimisiún iad.

Is é freagra an Choimisiúin air seo ná go gcaithfear cumhacht an láir a mhéadú, ar son na bprionsabal sin, ar ndóigh.  Ach ansin tagann an dá shnáth le chéile mar teastaíonn ón gCoimisiún agus ó Macron cumhacht an láir maidir le cúrsaí cánach a threisiú chomh maith, scéal a chuireann imní mór ar pholaiteoirí na tíre seo toisc go bhfuil fás an gheilleagair anseo ag brath ar infheistíocht ón iasacht is go gcreidtear go bhfuil an infheistíocht sin ag brath ar shocruithe fabhracha cánach.

Má bhíonn aon amhras faoi na socruithe sin, cá bhfágfar polasaí eacnamaíochta an stáit ina dhiaidh?

Ní phléitear na deacrachtaí seo i meáin na tíre seo den chuid is mó. Chomh fada is a bhaineann sé le Bunaíocht an stáit rinneadh cinneadh fadó faoin Aontas Eorpach.  Tá muid AR A SHON!  Agus is is í an tuairim choitianta go gcaithfidh muid fanacht dílis don Eoraip cuma cén t-athrú a thagann uirthi.

Ní fheiceann siad an saol ach i dtéarmaí ‘an Eoraip nó an Bhreatain’, agus gan aon rogha eile ar intinn acu.

Deirtear linn gur tháinig muid amach ó scáth na Breataine de thoradh an Aontais agus insítear dúinn faoin bhfeabhas a tháinig ar phraghas an bhia mar gheall ar an gComhargadh, agus sin gan trácht ar an airgead ar fad a tugadh dúinn le feabhas as cuimse a chur ar infreastruchtúr na tíre.

Is cuma le lucht na hargóna sin go gcuireann muid níos mó airgid isteach san Aontas anois ná mar a fhaigheann muid amach as, agus go mbeidh an íocaíocht isteach ag dul in airde tar éis an Bhreatimeachta agus poll sa Bhuiséad le líonadh.

San Irish Times, mar shampla, mhol Stephen Collins gur chóir dúinn tacú le Macron mar go raibh baol ann go gcúlódh an tAontas mura mbeadh an lá leis.

Ach tá an tAontas ag athrú.  Tá stop á chur le plean Macron gan dabht, agus tá amhras faoi lárú an Aontais anois freisin. 

Fiú mura n-aontaíonn tú le mo mholadh féin gur chóir dúinn ballraíocht chomhlach, nach mbeadh aon dlúthú polaitiúil nó míleata ag baint léi, a lorg in ionad lán-bhallraíochta, caithfimid fós a bhfuil ar siúl a phlé agus ról éigin a bheith againn sa díospóireacht.

Faoi láthair tá súil ag an mBunaíocht go gcuirfear brú ar an mBreatain fanacht san Aontas Custaim.  Ní chreidimse go bhfanfaidh, agus mura bhfanann cén chaoi a sheachnóidh muid an cineál scoilte a mbeadh impleachtaí tromchúiseacha aici don teorainn agus don trádáil le Sasana.

Mar a bheadh coiníní a bheadh caochta ag soilse cairr, ní féidir linn faic a dhéanamh faoin tubaiste atá romhainn. Tá muid fágtha balbh, agus gan éifeacht.

Fág freagra ar 'Maidir le ceist an AE táimid mar a bheadh coiníní caochta ag soilse cairr…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Eoin na ‘Breatimeachta’ ag buaileadh an t-aon phort atá aige faoin AE.
    Tá sé admhaithe ag Eoin go bhfuil sé ag súil leis go dtithfidh an Aontas Eorpach as a chéile. B’shin an chúis a bhí aige a bheith ar son na Breatimeachta.
    Ceist ar Eoin mar dhuine den bheagán ar mo aithne a bhí go láidir ar son na Breatimeachta: an bhfuil eisean ag iarraidh go bhfanfaidh an Bhreatain san Aontas Chustaim, i bhfianaise na deacrachtaí a chruthódh sé sa tír seo, ó thaobh trádáil tras teorainn etc?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is iomaí ráta cánach agus ráta cánach corparáideach atá i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní féidir cur as do chúrsaí cánach ar leibhéal an AE gan vóta d’aon ghuth ó gach ballstát. Scéal i mbarr bata é seo ar fad.
    Ar an taobh eile den scéal féach an dul chun cinn mór a tharla agus atá ag tarlú i lár na hEorpa ó thug siad cúl leis an Sóisialachas agus aghaidh ar an gcóras caipitil.
    Is oileán beag den stuaim é an tAE agus is ceart é a chosaint ar an finscéalta.

  • Eoin Ó Murchú

    Tá an cear ag Donncha. Teastaíonn uaim go lagófar an tAE. Cém sa treo sin is ea Breatimeacht, tá súl agam. agus mar sin ba mhor liom go mbeidh fíor-Breatimeacht ann – Sasana taobh amuigh den Aontas Chustaim a chuirfeadh iachall orainne smaoineamh faoinár gcaidrimh trádála agus socraithe a lorg leis an mBreatain agus leis an AE in ionad muid bheith ceangailte le ceachtar acu.

  • Feardorcha

    “Oileán beag den stuaim” a chaitheann os cionn 100 milliún gach bliain ag aistriú idir an Bhruiséal agus Strasbourg chun vótóirí na Fraince a choimeád sásta?
    An b’in an stuaim chéanna atá taobh thiar de phríobháidiú ar sheirbhísí uisce agus foraoiseacha?
    An stuaim chéanna a líonann na farraigí le trálaeirí móra Spáinneacha agus a choinníonn iascairí beaga na hÉireann le cladach?
    Caoirigh agus aoirí, agus déanaim amach a Dháithí gur sinne na caoirigh agus gur aoire thusa