Má tá Gaeltacht uainn, bímis inár nGaeltachtaithe…

Ná bac ‘lucht na Gaeilge’ - ní dhéanfaidh na Gaeil aon dul chun cinn go dtí go mbeidh sciar maith dínn inár nGaeltachtaithe

Má tá Gaeltacht uainn, bímis inár nGaeltachtaithe…

San alt a scríobh Ben Ó Ceallaigh anseo (mí na Nollag 2020), rinne sé cur síos ar dhuáilcí na ‘nuabhainistíochta poiblí’ agus an ‘stáit iomaíochais’, nithe a deir sé a d’eascair as an nualiobrálachas, agus i ndeireadh an ailt d’áitigh sé: “I bhfianaise an chur chuige seo, ní hiontas ar bith é go ndéantar neamhaird ar chearta na nGael agus ar mholtaí na saineolaithe faoi chúrsaí teanga, timpeallachta, tithíochta agus go leor eile. Leis na fadhbanna seo a leigheas i gceart, mar a dúirt an Cadhnach, is é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh.”

Is sóisialaí é Ben Ó Ceallaigh. Tá sé leis an eagraíocht Misneach. Mura ndéarfadh sé ach gurb é dualgas gach duine bheith ina shóisialaí, ní chaithfí suas leis é – cad é eile a déarfadh sóisialaí! Ach ní fheictear dom gur mhínigh Ben an fáth, dar leis, a bhfuil sé de dhualgas ar “lucht na Gaeilge” bheith ina sóisialaithe. Le sin a mhíniú, ní leor tuairisc a thabhairt ar dhuáilcí an nualiobrálachais. (Tuigim, ar ndóigh, gur athfhriotal é an “dualgas” úd ar rud a dúirt Máirtín Ó Cadhain, in 1969.)

Sílim gur fiú an cheist a chíoradh, féachaint an é dualgas “lucht an Gaeilge” bheith ina sóisialaithe. B’fhiú ceist eile a phlé – an é a leas bheith ina sóisialaithe? An bhfuil fianaise ann go dtabharfaidh na sóisialaithe aird ar “chearta na nGael”?

D’fhéadfaí a rá gurb é atá sa nualiobrálachas córas a ceapadh le go dtiocfadh le daoine santacha saibhreas agus maoin gan teorainn a shracadh as an chine dhaonna agus as acmhainní na cruinne; córas a dhéanann suáilce den tsaint agus den leithleas, den sciobadh agus den charnadh; córas a scoitheann daoine óna bpobal agus a dhéanann ‘aonaid tomhaltais’ díobh, córas a chuireann an t-ábharachas os cionn na daonnachta, agus ‘leas’ an mhionlaigh shaibhir os cionn leas an duine agus an phobail.

D’fhéadfaí a rá faoin tsóisialachas gur córas nó fealsúnacht pholaitiúil é a bhfuil sé de chuspóir leis maoin an tsaoil a roinnt ar dhóigh chóir chothrom, ar mhaithe le leas an duine agus an phobail.

Cá bhfuil tábhacht na gcultúr dúchais (teangacha dúchais, béascna, oidhreacht) sna córais sin? Áit chorrach leochaileach atá acu i gcóras an nualiobrálachais, mar a deirim; nó ba chruinne a rá go ligfear dóibh áit a bheith acu má éiríonn leo a ngreim a choinneáil. Cén áit atá ag an chultúr dúchais i dteagasc an tsóisialachais, nó sa chineál sóisialachais atá san fhaisean in Éirinn? Dar liom nach bhfuil aige ann ach áit chorrach leochaileach.

Tá stríoc láidir den leagan amach ábharaíoch/fóntaíoch/pragmataíoch (i.e. an dearcadh nach bhfeiceann fiúntas ach i nithe saolta/‘úsáideacha’/‘buntáisteacha’) sa leagan liobrálach den tsóisialachas atá san fhaisean in Éirinn an lae inniu. Fear atá ina chomhalta de Sinn Féin a dúirt liom, “Irish – sure it’s just a language!” (‘An Ghaeilge – arú, cad é atá inti ach teanga!’); tugann an fear céanna sóisialaí agus náisiúnaí agus poblachtach air féin. Agus ní ag saighdeadh fúm a bhí sé, ach ‘ag cur na fírice ar mo shúile dom’.

Ar ndóigh ní hionann fealsúnacht do gach páirtí ná do gach eagraíocht shóisialach. Ach féachaimis Sinn Féin, ós rud é go maíonn an páirtí sin gur páirtí sóisialach poblachtach é, agus ó tharla go bhfuil sé i gcumhacht (nó ag comhroinnt cumhachta) cheana féin i Stormont, agus ós dócha gurb é is túisce, thar aon dream ‘sóisialach’ eile, a bhainfidh áit amach i rialtas Dheisceart Éireann (déanfaidh sé cúis mar ainm – ‘Deisceart Éireann + Tuaisceart Éireann = Éire’). Tá cainteoirí Gaeilge in Sinn Féin. Cén choimirce a thabharfadh Sinn Féin do phobal na Gaeilge?

Diúltaíonn teachtaí Sinn Féin suí i bparlaimint Westminster ar an bhonn gur parlaimint Bhriotanach í, ach glacann siad lánpháirt i bparlaimintí Éireannacha Stormont agus Bhaile Átha Cliath, áit a ndéanann siad gnó na polaitíochta i mBéarla (ach sa bheag) i.e. i dteanga Shasana, sa ‘teanga Bhriotanach’, i dteanga Impireacht Shasana. I mBéarla atá suíomh gréasáin Sinn Féin. I mBéarla atá na scórtha de dhoiciméid pholasaí atá aige; tá ceann amháin i nGaeilge – ‘Plécháipéis Ghaeilge Sinn Féin’ (tá íoróin sa teideal sin!) – agus an mana “Tír gan Teanga, Tir [sic] gan anam” ar an chlúdach.

Ní bhacann Sinn Féin lena chinntiú gur i nGaeilge nó go dátheangach a dhéanfaidh sé a chuid bolscaireachta agus a chuid toghchánaíochta, fiú sna ceantair Ghaeltachta. Ghlac Sinn Féin ‘seasamh’ ar son Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann ach chonacthas i ndeireadh na mbeart nach raibh ina sheasamh ach seasamh bréige; ar fhógairt do Sinn Féin go bhfillfeadh sé ar Stormont gan Acht Teanga, ba é a raibh de chomhairle ag ceannaire Sinn Féin ar an Dream Dearg go gcaithfeadh siad [i.e. an Dream Dearg] leanúint orthu lena bhfeachtas, agus chuir sí i gcuimhne dóibh gurbh éigean do na Breatnaigh na déaga de “iterations” (‘atriallta’) a chur díobh sula bhfuair siad an t-acht teanga atá anois acu.

Agus tá an feitheamh fada is déanaí orainn ó bhí Eanáir 2020 ann. Agus tá Sinn Féin ag cur gothaí Gaelachais air féin faoi láthair sa phlé faoin ‘bhille teanga’ i dTeach Laighean. Féach gur iomaí rud a thiocfadh le Sinn Féin a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean, i Stormont, i státseirbhís an Deiscirt agus an Tuaiscirt, agus ina pháirtí féin. Ach is fusa dó bheith ag freasúracht ná gníomh a dhéanamh é féin.

Inseoidh an aimsir an sóisialaithe iad lucht Sinn Féin. An poblachtaigh iad? Más ea, cén sórt? Cibé faoi chineálacha eile poblachtachais, shílfeá go mbeadh an Poblachtachas Éireannach lánleagtha ar gach smál agus gach máchail a d’fhág Impireacht Shasana ar Éirinn a ghlanadh nó a leigheas. Ar na smáil is follasaí tá na sloinnte Briotanacha, na logainmneacha truaillithe (arb é atá iontu leaganacha Briotanacha de na logainmneacha dúchais), agus an teanga Bhéarla.

Féachaimis ar smál amháin acu sin – ar na sloinnte Briotanacha – smál a thig le duine a ghlanadh de féin, dó féin, go furasta, gan a chur i gcead aon duine. Cloíonn formhór mór theachtaí Sinn Féin leis na sloinnte Briotanacha – McDonald, O’Neill, Doherty, Farrell, Murphy, Kelly etc. An leimhe nó leisce nó cloíteacht a fhágann mar sin iad –  iad ina ‘bPoblachtaigh Éireannacha’ agus iad san am chéanna ag caitheamh chomhartha sin na géillsine, na híochtaránachta nó na hansclábhaíochta? An easpa eolais ar an stair nó díchuimhne de chineál éigin atá orthu? Nó an é go bhfuil ómós aisteach éigin don Bhriotanachas acu? Ní fios. (Ar eagla na míthuisceana: níl dada agam in éadan sloinnte Béarla ná Sasanacha ná ‘eachtracha’, agus tá Gaeil dhílse ann a bhfuil sloinne den chineál sin orthu. Ná níl mé anuas ar ‘ghnáth-dhaoine neamhpholaitiúla’ a choinníonn a sloinne Briotanach; bímis ag dúil go bhfeicfidh siad solas na saoirse lá breá éigin.)

An fhimínteacht a chleacht Fianna Fáil, tá sí i Sinn Féin.

An bhfuil fís Éireannach ag na páirtithe sóisialacha? Má tá, cén stair as ar cumadh an fhís sin? An stair a théann siar breis mhaith is dhá mhíle bliain in Éirinn (agus breis is míle go leith bliain in Albain) agus as a bhfaigheann muid ár n-oidhreacht agus ár gceannasacht mar dhream ar leith daoine? Nó an stair a rinneadh faoi scáth agus faoi fhoréigean an Bhéarla agus a bhaineann le “brón, deoraíocht, caill agus géarleanúint”?

I mbunreacht Misneach – an Misneach bunaidh, nó ‘Misneach Uí Chadhain’ – bhí seo: “Gurb é ár dtuairim gur réabhlóid a bheas ann an cuspóir seo [i.e. cuspóir Misneach] a thabhairt chun críche. Chun an módh nó na módhanna a chinnfear a bheith freagrach chuige sin a fheidhmiú, ’sé ár dtuairim go gcaithfimid mar chumann agus mar dhaoine aonraic tosaíocht a thabhairt do leas na Gaeilge ar gach nidh saolta eile.” (Liom féin an folíniú.) Ba é cuspóir Misneach a chinntiú “gurb í an Ghaeilge a bheas mar ghnáth-theanga mhuinntir na h-Éireann”.

D’fhiafraigh Niall Ó Dónaill, in 1955: “Na cuspóirí náisiúnta eile a bhí againn, míníodh go beacht iad ar feadh shé scór bliain, go dtí go raibh siad uile intuigthe as an fhocal ‘Poblacht’. Cá huair a bheidh cuspóirí na Gaeilge chomh buailte isteach inár n-intinn go mbeidh siad uile intuigthe againn as an aon fhocal amháin – Gaeltacht? An dtiocfaidh an lá go brách orainn a mbeimid chomh móidithe Gaeltacht a dhéanamh de Éirinn agus a bhí ár n-aithreacha Poblacht a dhéanamh di?”

Maidir leis an “dualgas” a luaigh Ben san alt úd, an dtig dualgas a leagan ar aon duine? Éilítear cearta go leor, ach ní réidh a admhaítear dualgais. Dá ainneoin sin, aithníonn formhór na ndaoine dualgais áirithe e.g. dualgas an tuismitheora aire a thabhairt dá chlann, dualgas an duine aire a thabhairt dá thuismitheoirí ina seanaois. Má tá aon bhundualgas ar an Ghael (de bhreis ar na bundualgais atá ar an Duine), is é seo é – bheith Gaelach. Ní hé amháin gurb é seo bundualgas na nGael, ach is é ár leas é agus slí ár bhfuascailte.

Déarfainn féin nach cóir d’aon Ghael bheith ina Shóisialaí Éireannach – ba chóir dó bheith ina Ghaeltachtaí Shóisialach. An é sin a déarfadh Ben Ó Ceallaigh, agus ‘an Misneach úr’?

Gaeltachtaí, sin duine a shaothraíonn chun Gaeltacht a chur ar bun, a chruthú, a thógáil.

Má tá Gaeltacht uainn, bímis inár nGaeltachtaithe.

Ní chreidim go ndéanfaidh na Gaeil aon dul chun cinn go dtí go mbeidh sciar maith dínn inár nGaeltachtaithe – bímis inár nGaeltachtaithe sóisialacha, caipitlíocha, poblachtacha, aontachtacha, glasaíocha nó eile. Nuair a tharlóidh sin, ní bheidh sé ina ribín réidh a thuilleadh ag an dream ar mhaith leo, ná ag an dream ar chuma leo, Éire a bheith ina Sasana bheag darb ainm Ireland. Caithfear an chéad dream acu sin a chloí, agus caithfear an dara dream a thabhairt chun céille.

Gaeltachtaí agus Gaeltachtaithe, a deir sé! Ní ródheas a luíonn an t-ainm sin ar an chluais, ach éireoidh muid cleachta leis! Rud beag eile de: nuair a bheidh muid inár nGaeltachtaithe, ní bheidh orainn feasta bheith taobh le téarma chomh ceomhar le “lucht na Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Má tá Gaeltacht uainn, bímis inár nGaeltachtaithe…'

  • Cuairteoir

    Is maith liom an coincheap ‘Gaeltachtaí’! Cé nach léir an fáth leis an léim ó Misneach go Sinn Féin, agus an bhéim ar an bpáirtí sin seachas aon dream sóisialach eile…

  • Seanán Ó Coistín

    Aontaím leis. Ní fiú stát Éireannach a bheith ann mura stát gaelach é.

  • S. Mac Muirí

    Is é seo an t-alt ba sásúla dár léigh mé le fada. Tréaslaím le Colmcille as a chur ina chéile go mín snoite 7 a chur de anseo ar Tuairisc.ie. Is é a thábhacht gur léirigh sé go seoigh a lárnaí sa duine is atá teanga, an ní a shnaidhmeann go dlúth ina rogha comhluadair é. Tiocfaimid ar ball ar leagan seachas ‘gaeltachtaí’ a fhóirfeas don obair áirid (nó is fada na Gaeil á dtachtadh ag an dá stát!).
    Tagaimse leis an soiscéal tráthúil seo (521 / 2021) thuas ó Colm Cille II, treise leis.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Colmcille Ó Monacháin, ‘Má tá Gaeltacht uainn, bímis inár nGaeltachtaithe, Dé Máirt, Aibreán 6, 2021.

    Poblachtach gníomhach agus Gaeilgeoir a dúirt liomsa i gClub an Chonartha ar Shráid Fhearchair i dtosach bhlianta 1970: ‘aon duine nach bhfuil ina Shóisialaí, tá sé ar staid an pheaca mharfaigh go buan.’ Ní raibh mé féin riamh i mo Shóisialaí, ach bhí mé báúil leis an smaointeoireacht Shóisialach agus mé i m’fhear óg. Thug mé faoi Das Kapital a léamh, ach d’éirigh mé as tar éis cúpla leathanach, bhí sé chomh páistiúil sin. Bhí Conradh na Gaeilge tugtha don Sóisialachas Réabhlóideach i dtosach bhlianta 1970. Is amadán a déarfadh go bhfuil an–dul chun cinn déanta leis an gclár oibre sin ó shin acu. Tháinig mé féin faoi anáil na smaointeoireachta Sóisialaí agus mé i m’fhear óg, mar a deirim, agus go dtí gur éirigh liom mé féin a réiteach as crúcaí na n–idé–eolaithe sin, ba dheacair dom blas ceart a fháil ar an gcuid is mó de litríocht na Gaeilge. Bhí beagnach gach uile fhocal dá raibh ar fáil de shaothar Mháirtín Uí Chadhain an uair sin léite agam, ach níl i Máirtín Ó Cadhain ach údar amháin i stair mhór fhada na Gaeilge. Is ait le rá é, ach is iar–Mharxach ó Shasana, Christopher Hill, a mhúscail spéis agamsa i stair na hÉireann arís, lena chuidsean leabhar The World Turned Upside Down, The Century of Revolution, God’s Englishman: Oliver Cromwell and the English Revolution go háirithe. Ó Cho. Chorcaí ba ea máthair Hill. Mura mbeadh Hill, ní thosóinnse go deor ar thaighde a dhéanamh ar chúlra staire Phairlement Chloinne Tomáis.
    Is insint an–idéalach atá ag Colmcille Ó Monacháin ar an Sóisialachas. Déarfainnse gur thráigh go mór ar an mbá a bhí ag a lán de mo chuidse comhaoiseanna leis an smaointeoireacht Shóisialach, nuair a leagadh Balla Bheirlín, agus nuair a tosaíodh ar fhíorstair an tSóisialachais a scríobh. Nílim á rá nach ndearna Maggie Thatcher díobháil go leor ina lá. Áitíonn Noam Chomsky gur theip ar an Sóisialachas Marxach an–luath tar éis Réabhlóid na Rúise, agus nach é a cuireadh i gcion ar an Aontas Sóivéadach, fad a mhair an tAontas. Tá simplíocht ag baint le Chomsky. Dia beag aigesean is ea Ainrialachas na Spáinne aimsir an Chogaidh Chathartha. Ní raibh na hAinrialaithe ar chúl an dorais ach a bhfuair siad siúd an deis ar shléacht a dhéanamh ar a gcuid naimhde.
    Aontaímse leis an Monachánach nuair a chuireann seisean in iúl gur beag idir an Nua– Liobrálachas agus an Sóisialachas Liobrálach atá san fhaisean in Éirinn an lae inniu. Ach cá raibh an Monachánach aimsir na gcluas agus na súl? Ní éireodh go deo le Réabhlóid na Rúise mura mbeadh baincéirí Ultra–Chaipitlíocha na Gearmáine, agus Nua–Eabhrac, a bheith ag tacú ó thús léi. Is í an ghné is mó den Sóisialachas Marxach a mbeidh cuimhne amach anseo uirthi, na céadta milliún ar chuir réimis an tSóisialachais Mharxaigh chun báis iad san fhichiú céad.
    Níl Páirtí ar bith in Oireachtas an lae inniu a vótálfainnse dó. Ar a shon sin is uile, tá polaiteoirí go leor a dhéanann iarracht, minic go leor, ar Ghaeilge a labhairt, sa Dáil: Micheál Martin, Leo Varadkar, Mary Lou McDonald, Pearse Donnelly, Aengus Ó Snodaigh, Mairéad Farrell, Pa Daly, Peadar Tóibín. Is Gaeilgeoir dúchais ba ea seanathair do Mhattie McGrath, agus is minic le Mattie focail Ghaeilge a labhairt sa Dáil, ainneoin nach bhfuil sí go líofa aige. Is minic le Niall Ó Donnghaile, Seanadóir le Sinn Féin, Gaeilge a labhairt sa Seanad. Ní hannamh le Joe O’Reilly, Seanadóir le Fine Gael, Gaeilge a labhairt sa Seanad. Ní hannamh ach a oiread le Rónán Mullen, Seanadóir Neamhspleách, Gaeilge a labhairt sa Seanad. Tá labhairt na Gaeilge ag an Seanadóir Michael McDowell, ach níor chuala mise ag labhairt Gaeilge riamh sa Seanad é. Is léir ar Nuacht 7.00 ar TG4 nach deacair d’iriseoirí TG4 teacht ar pholaiteoirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá Sinn Féin le cáineadh ar a laghad Gaeilge a chuireann siad i gcló i bhfoirm bolscaireachta. Ach an iad na Páirtithe Polaitíochta an t–aon dream amháin a dhéanann neamhshuim den Ghaeilge? Bhí clár ar TG4 le déanaí i dtaobh Thoraigh na dTonn. Taispeánadh mír as cruinniú poiblí san oileán, agus is Béarla a labhair cuid de mhuintir na háite féin ar an gclár sin. An amhlaidh a bhí siad seo ag iarraidh a chur in iúl do lucht féachana na teilifíse go bhfuil cuid de mhuintir Thoraí nach ‘tuataí aineolacha’, is a rá go bhfuil Béarla acu?
    Ní sloinnte Briotanacha iad na sloinnte Béarla a dtagraíonn an Monachánach dóibh. Is sloinnte Éireannacha iad, faoi litriú Béarla. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ag formhór na nGael nuair a cuireadh na sloinnte Béarla sin ar fáil. Tá a stair féin ag baint leo, agus is iomaí ceann díobh a bhfuil eolas i dtaobh chanúintí na Gaeilge le baint as. D’aithneofaí láithreach i Meiriceá, abair, gur sloinnte Éireannacha iad. Más ag tagairt d’Oireachtas Éireann atá an Monachánach, agus glacaimse leis gurb ea, tharla gur ‘teachtaí’ iad, dar leis–sean, níl Murphy ná Kelly ar bith ag Sinn Féin san Oireachtas, dar le http://www.oireachtas.ie. Mura bhfuil labhairt na Gaeilge ag formhór na dTeachtaí Dála, ná na Seanadóirí, ag Sinn Féin, cad chuige sa diabhal nach bhfágfaidís a gcuid sloinnte i mBéarla?
    An iomarca de Ghluaiseacht na Gaeilge, ní raibh aon bheann faoin spéir ar an Daonlathas acu. Is Ollsmachtaigh chultúir ba ea Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna ina n–óige, agus nuair a d’éirigh muintir na hÉireann bréan don Ollsmachtachas i gcúrsaí Gaeilge, d’iompaigh Séamus Ó Grianna i gcoinne Athbheochan na Gaeilge féin, nó gur ghabh leis an Language Freedom Movement i ndeireadh a shaoil. I mblianta 1930, is amhlaidh a bhí Máirtín Ó Cadhain i gcoinne ceist na Gaeilge a chur ar vóta Daonlathach. Mhol Máirtín Ó Cadhain don IRA a n–armlón a thabhairt ar láimh d’Ailtirí na hAiséirghe, Páirtí Faististeach Ghearóid Uí Chuinneagáin. Chuir sé iontas ormsa, agus mé ag léamh Architects of the Resurrection –– Ailtirí na hAiséirghe, le R. M. Douglais, a oiread de lucht leanúna Uí Chuinneagáin, a ghabh leis an Sóisialachas, nó leis an Liobrálachas, ina dhiaidh sin. Tá ábhar úrscéil san athrú ó bhonn a tháinig ar dhaoine go leor, i gcúrsaí polaitíochta, agus creidimh go deimhin, i ndeireadh bhlianta 1950, agus i dtosach bhlianta 1960. Mholfainnse Iar–Léigiúnaí ina Mháisiún mar theideal ar an úrscéal sin.
    Ní fiú an deam fís ar bith mura bunaithe ar chearta an duine atá sí. Tá ceart aiceanta, nó ceart nádúrtha, ag gach uile dhuine againn ar an chéad teanga againn. An chuid againn nach í an Ghaeilge an chéad teanga againn, níl ach ceart tánaisteach, ceart oidhreachta, ar an nGaeilge againn. Is don dara dream seo a tugadh tosaíocht i gcúrsaí Gaeilge ó bunaíodh an Stát. Níl aon smacht againne inniu ar Éirinn mar a bhí sí breis is dhá mhíle bliain ó shin. Múineann an ghéinitic dúinn gur cumasc de 3 chine atá i mbrollastoc na hÉireann: cine Pailéiliteach, cine Méisiliteach, agus cine Neoiliteach. Meastar gurbh iad an cine Neoiliteach a thug na teangacha Ceilteacha go hIarthar Eorpa. Ní faoi chine ar bith acu siúd atá sé a shocrú conas mar a rithfear Éire an lae inniu, mar gur meascán is ea muintir an lae inniu. Tá an Béarla á labhairt in Éirinn ón Meán–Aois i leith, i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i mbailte móra na 4 Chontae timpeall Chathair Bhaile Átha Cliath; i mbailte móra an Taoibh Thoir Theas, agus i gCathair na dTreabh. Is teanga Éireannach é an Béarla le fada riamh.
    Taitníodh sé linn, nó ná taitníodh, is mionlach beag bídeach a ghlac páirt in Éirí Amach 1916, ainneoin na mílte a bheith ag lorg pinsin ar an Stát dá chionn. Ba mhar a chéile ‘Poblacht’ agus ‘Saorstát’ i dtuiscint cuid mhaith daoine. Níl duagas ar bith ar aon Éireannach a bheith Gaelach. An chuid againn atá Gaelach, is de bharr dúchais nó oiliúint é. Is é is dóichí gurb í Gaeltacht Bhóthar Shaw atá i gcúl a chinn ag an Monachánach, agus nach í Gaeltacht Ráth Chairn í.
    Is tír an–Bhriotanach ba ea Éire aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Tharlódh sé gurb é grá na hailpe d’Impireacht na Breataine a bhí ag an líon mór Éireannach a liostáil in Arm Shasana an uair sin, ach níorbh ea ar fad é. Tá aithne agamsa ar Bhaile–Átha–Cliathach a bhfuil ard–dúil sa cheol Gaelach aige, ach gur dóigh leis gurb é Éirí Amach 1916 an neamh–mheabhair ba mhó riamh. ‘Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh, agus sin an fáth a seachantar í,’ mar a dúirt Seosamh Mac Grianna. Áitítear gur éirigh leis na Siónaithe an Nua–Eabhrais a chur i gcion ar Stát Iosrael. D’éirigh, ach más ea, ba leis an lámh láidir é. Bhí breis is leithchéad teanga á labhairt i measc na nGiúdach a d’aistrigh go dtí an Phalaistín san fhichiú céad. Deir na teangeolaithe nach bhfuil aon aibhreadh ar bhua na Nua–Eabhraise –– an teanga a cuireadh i gcion ar Stát Iosrael –– ach mar a dhéanfaí Gaeilge Bhaile Átha Cliath a chur i gcion ar Éirinn ar fad. Agus an Nua–Eabhrais á cur le chéile acu, is amhlaidh a ruaig na ‘pleanálaithe teanga’, as an Eabhrais, na gnéithe sin de theanga Sheimíteach, ba dheacair do na hAisceanásaígh, [‘Giúdaigh na Gearmáine’ –– Giúdaigh Oirthear Eorpa], a thabhairt leo. Is é oighear an scéil gurb iad na Safárataigh atá in uachtar in Iosrael an lae inniu [‘Giúdaigh na Spáinne’ –– Giúdaigh Thíortha na Meánmhara], dream nach raibh aon bhá leis an Siónachas an chéad lá riamh acu.
    Is mithid an tOllsmachtachas a chaitheamh ar an gcarn dramhaíola, pé acu Ollsmachtachas Marxach, nó Ollsmachtachas Faisisteach é.

  • Rossa Ó Snodaigh

    An-alt ar fad,
    Ceist maidir leis h-iolra Gaeltachtaí –
    sílim gur ‘Gaeltachtuithe’ a bheadh mar iolra?

    Dearbhú = affirmation
    Dearbhaithe = affirmed
    Dearbhuithe = affirmation

  • rossa Ó Snodaigh

    Lán ceart aige leis an iolra úd ‘Gaeltachtaithe’.

    aithe = iolra ‘aí’, ginideach ‘ú’, rangabháil chaite ‘aigh’
    uithe = iolra ‘ú’

    íocaí = payee
    íocaithe= payees
    Dearbhaithe =affirmed
    Dearbhuithe = affirmations
    Scrúdaithe = examined
    Scrúduithe = exams

  • Séamas de Barra

    Aguisín ag Séamas de Barra:
    Ar ndóigh, tá Catherine Connolly, Neamhspleách ag Gaillimh Thiar, ar dhuine de na Teachtaí Dála is dílse don Ghaeilge i nDáil Éireann, agus ní ina cáilíocht mar Leas–Cheann Comhairle amháin é.

  • S. Mac Muirí

    Ní miste a lua nár shéan Colmcille san alt thuas a cheart ar aon dream i leith na teangadh. Thug sé tosaíocht don teangaidh thar réimsí polaitíochta, aicme is fealsúnachta 7 mhaígh gur ceadmhach do dhuine as gach cearn 7 as gach aicme seasamh léi ina fhéiniúlacht féin féin go hiomlán feasta.
    Ní dócha go socródh duine nó breis againn anseo ainm lucht na croídhílseachta a Rossa, ach go mbeidh comhthionól de fheidhm chuige sin (ag Oireachtas na Gaeilge is dóigh?) le cinneadh ar an leagan ab fhearr le móramh a tharraingt orthu féin. Ní fios go dtí sin an nglacfar le fréamh seach a chéile, mar gael- nó dúchas- nó cibéard. Caithfear dream fiúntais a ghiniúint as an aer nó as an aos óg dearg, dream a chuirfeas a gcroídhílseacht 7 a meabhair chinn ar fónamh don teangaidh in gach réimse saoil, ach nach ligfidh siad do na réimsí éagsúla saoil iad a shaobhadh ná a chlaonadh de leataobh sna seanbhóithre caocha. Dream ilchineáil a theastaíonn .i. broad front i bhfriotal mhuintir na muirthéachta.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An-alt a Cholmcille!
    Tá dul amú ar an Uasal de Barra athbheochain teanga a cheangal le hainsmacht. Sa Catalóin iompaíodh an Pharlaimint ar an gCatalóinis ag deireadh na seachtóidí/tús na n-ochtóidí den chéad seo caite in ainneoin í a bheith ina teanga mhionlaithe go háitiúil an uair sin. B’fhurasta an Riaracháin Poiblí agus na scoileanna a iompú ar an gCatalóinis ina dhiaidh sin le toil na ndaoine. Is í an Chatalóinis gnáth-theanga an réigiúin sa lá atá inniu ann agus Spáinnis ag gach duine chomh maith. Ní theastaíonn ach cinnireacht ón aicme pholaitiúil.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Freagra ar an fhreagra ó Shéamas de Barra:

    Go raibh maith agat, a Shéamais, as do fhreagra ar m’alt. Tá an méid a scríobh tú léite cupla uair agam. Ní hacmhainn dom anois mo thuairim a thabhairt faoi gach pointe. Déanta na fírinne, ní léir dom cén bhaint atá ag cuid dá ndeir tú leis an méid a scríobh mé i m’alt, ná níl mé cinnte cé acu ag freagairt m’ailt atá tú nó ag cur téiseanna nua de do chuid féin i láthair. Ní róshoiléir dom ach oiread cén tuairim atá agat faoi na buntéiseanna a chuir mé síos i m’alt. Ach feictear dom go bhfuil pointí suimiúla agat. Ba bhreá liom alt a léamh ó do pheann féin ina gcuirfeá do chuid téiseanna inár láthair.

    Seo thíos roinnt rudaí is tábhachtach liom a rá, mar fhreagra ar do fhreagra, agus ionas nach mbainfí aon chiall mhícheart as m’alt.

    Deir tú go bhfuil “polaiteoirí go leor a dhéanann iarracht, minic go leor, ar Ghaeilge a labhairt sa Dáil”, agus tá liosta ainmneacha agat. Ní soiléir dom cén tátal is cóir dom a bhaint as an méid sin, i gcomhthéacs m’ailt. Tá Pearse Donnelly ar an liosta sin agat – glacaim leis gurb é Pearse Doherty atá i gceist agat (- tá Stephen Donnelly ann fosta ar ndóigh). Ní fheictear dom go bhfuil aon rud ag cur cosc ar Mr Doherty an Ghaeilge a labhairt níos minice, nó fiú an t-am ar fad. Tá sé de cheart aige í a labhairt an t-am ar fad, nó gan í a labhairt ar chor ar bith, nó í a labhairt cuid den am, agus tá sé ag feidhmiú an chirt sin de réir a dhearcaidh féin agus, b’fhéidir – nó seans maith – de réir pholasaí a pháirtí.

    Dhá bhuntéis a tháinig chun cinn i do fhreagra, is é sin gurb olc an rud an t-ollsmachtachas agus gur cóir gach fís a bhunú ar an urraim do chearta an duine. Tá mé ag teacht leat faoi sin. Ach ní fheictear dom gur léirigh tú go soiléir cad é a bhí i m’alt a spreag thú le díriú ar na téamaí sin.

    Luaigh tú beirt de theaghlach cháiliúil Mhic Grianna as Rann na Feirste. Ceann de na teaghlaigh is mó agus is éifeachtaí dár saolaíodh in Éirinn le céad go leith bliain. Ní rómhaith, dar liom, a shuíonn tú an plé sin i gcomhthéacs m’ailt. Scríobhadh cuid mhór faoi chlann Mhic Grianna, ach níor scríobhadh leath go leor; scríobhfar tuilleadh tá súil agam. Nuair a scríobhfar, is fearr a bheidh muid ábalta breithiúnas a thabhairt ar a bhfuil le rá agat féin faoi Shéamas agus faoi Sheosamh. Tá mo bharúil féin agamsa agus níl sí ag teacht le do bharúilse, agus ní abróidh mé níos mó ná sin. Is saothar mín scolártha a theastaíonn le teacht ar an fhírinne.

    Is beag nach gcuireann tú faisisteachas i leith Mháirtín Uí Chadhain! Níor mhiste fianaise a thabhairt leis an méid a mhaíonn tú, agus an méid sin a chur i gcomhthéacs na rudaí eile a scríobh, a dúirt agus a rinne Máirtín le linn a shaoil. (Is beag uilig am a chaith mé féin faoi Bhaile Átha Cliath. Agus ní mórán aithne atá agam ar na Gaeil a chaith tamall i seirbhísí éagsúla an Stáit nó na bhforas Stáit. Casadh cuid acu orm. Den méid acu a casadh orm, chuir sé mo sháith iontais orm an méid acu a léirigh faltanas do Mháirtín Ó Cadhain. Níor chosúil leo féin é ar dhóigh na ndóigheanna, b’fhéidir. B’fhéidir fosta gur mheas na daoine sin gurbh é an ‘cluiche oifigiúil’ an t-aon chluiche ab fhiú a imirt. Creideann cuid acu sin go fóill, d’ainneoin na fianaise.)

    Tráchtann tú ar rudaí is dóichí “atá i gcúl mo chinn”. B’fhearrde, dar liom, díriú ar an méid a scríobh mé seachas dul i muinín na samhlaíochta!
    Deir tú nach bhfuil “dualgas ar bith ar aon Éireannach a bheith Gaelach”. Maith go leor. Ní bhfaighidh tú aon rud i m’alt a bhréagnódh thú, arae níor dhúirt mé go bhfuil!

    “Is insint an-idéalach atá ag Colmcille Ó Monacháin ar an Sóisialachas,” a deir tú. Déanta na fírinne is beag insint a rinne mé ar an tsóisialachas i m’alt. Cóngarach do thús an ailt, ceart go leor, d’fhéach mé le heisint idéal an tsóisialachais a chur in abairt ghairid amháin, mar a leanas: “D’fhéadfaí a rá faoin tsóisialachas gur córas nó fealsúnacht pholaitiúil é a bhfuil sé de chuspóir leis maoin an tsaoil a roinnt ar dhóigh chóir chothrom, ar mhaithe le leas an duine agus an phobail.” Ní dóigh liom gur dona ar chor ar bith an iarracht í, in abairt ghairid!

    Tráchtann tú ar an tSóisialachas Mharxach agus ar ollmharú a rinneadh ina ainm, agus ar “Ainrialachas na Spáinne” agus ar “shléacht” ar a naimhde. D’fhéadfá tuilleadh a rá, tá mé cinnte. Ní phléifidh mé na pointí sin uilig anseo. Ach measaim gur fiú cuimhneamh ar an difear atá idir an teoiric agus an phraitic nó idir an t-idéal agus modh réalaithe an idéil. Tarraingíonn tú ar shamplaí de phraitic an tsóisialachais lena chur i gcion orm gur insint “an-idéalach” atá agam ar an tsóisialachas. Is é a déarfainn leat nach hionann praitic agus idéal. Dá scríobhfá thusa, a Shéamais, eisint idéal na Críostaíochta in abairt ghairid amháin, d’fhéadfainnse neart samplaí a chur faoi do bhráid de phraitic (i.e. iarrachtaí ar réalú praiticiúil a dhéanamh ar an idéal sin) a chuaigh i bhfad ar strae ó idéal na Críostaíochta, ach a rinneadh in ainm na Críostaíochta. Féach go ndearna Caitlicigh, Protastúnaigh, Piúratánaigh, misinéirí, coilínigh – go ndearna siad ainghníomhartha táire in ainm na Críostaíochta. Ach ní thabharfadh sin orm a rá leatsa go raibh an t-idéal a chuir tú romham “an-idéalach”. Sampla eile: Na gníomhartha gránna táire a rinneadh, agus atáthar a dhéanamh go fóill, in ainm an Daonlathais (- tá cur síos ar chuid acu i saothar polaitiúil Chomsky, Pilger, Shawcross agus ag a lán eile), ní bhaineann siad den fhiúntas atá in idéal an Daonlathais.

    An pointe deireanach anois – nó beidh seo beagnach chomh fada leis an alt féin!
    Deir tú: “Ní sloinnte Briotanacha iad na sloinnte Béarla a dtagraíonn an Monachánach dóibh. Is sloinnte Éireannacha iad, faoi litriú Béarla. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ag formhór na nGael nuair a cuireadh na sloinnte Béarla sin ar fáil.”

    “…nuair a cuireadh ar fáil” iad, a deir tú! Inseoidh mé scéilín duit faoin dóigh a gcuirtí ar fáil iad, agus b’fhéidir, a gcuirtear go fóill. Deirfiúr dom féin a tháinig ar an tsaol sa bhaile i nGaoth Dobhair. D’iarr an bhanaltra a tháinig chun tí, d’iarr sí ainm an linbh. Thug mo mháthair sin di. Agus thug sí faoi deara gur sloinne eile a scríobh an bhanaltra isteach – féach nach raibh an bhanaltra ag gabháil á chur ina cead ná ag gabháil a chur faoina súil lena sheiceáil. D’iarr mo mháthair uirthi an sloinne ceart a chur síos, mar a bhí sí i ndiaidh a thabhairt di. “Ach caithfidh seo a ghabháil go Baile Átha Cliath!”, a dúirt an bhanaltra. Ach cuireadh síos an t-ainm ceart, agus cláraíodh í faoina hainm ceart Gaelach. Murab é aireachas agus diongbháilteacht mo mháthara, is sloinne Briotanach a bheadh ar an deirfiúr sin. Ba sin i dtús na seachtóidí. Feidhmeannach i seirbhís an stáit a bhí ag gníomhú, agus níor le holc ná le formad é, ach de réir na hoiliúna a fuair sí ó chraobh de chóras riaracháin an Stáit Éireannaigh. Bhí agus tá an córas sin ina oidhre dhílis ar an chóras riaracháin a bhí ann roimh 1922 faoi stiúir agus faoi cheannas Shasana. Cá mhéad leanbh Gaeil a cláraíodh faoi ainm Briotanach? Cá mhéad acu sin a tháinig ar an tsaol faoi scáth na hImpireachta? Cá mhéad acu a ‘próiseáladh’ faoi scáth “Shaorstát” Éireann agus faoi scáth na gcumraíochtaí eile a lean é ina dhiaidh sin (an Stát nár thug a saoirse go fóill do Ghaeil)?

    Maidir leis na samplaí a luaigh mé: Is sloinnte Gaelacha Mac Domhnaill/Nic Dhomhnaill, Ó Néill/Ní Néill, Ó Dochartaigh, Ó Fearghail/Ní Fhearghail, Mac Murchaidh agus Ó Murchú, Ó Ceallaigh. Is sloinnte Briotanacha McDonald, O’Neill, Doherty, Farrell, Murphy agus Kelly (an bheirt dheireanacha sin, sin iad Mr Conor Murphy agus Mr Gerry Kelly, teachtaí (‘t’ beag a chuirim air sin!) i dTionól Stormont). Is sloinnte Éireannacha an t-iomlán acu, cinnte!

    Deir tú, a Shéamais, gur sloinnte Éireannacha iad, faoi litriú Béarla. Is sloinnte Gaelacha iad, a ndearnadh ciorrú orthu agus ar cuireadh culaith de litriú an Bhéarla orthu. Cuid iad de thoradh an phróisis lena dtug Impireacht Shasana (agus na hairígh a d’fhág sí ina diaidh) iarraidh an Gael a stoitheadh as a fhréamhacha. (Is suimiúil an leanúnachas atá idir meon agus modhanna na hImpireachta agus meon agus modhanna an Nualiobrálachais!)

    Is mór an fhorbairt a tháinig ar ortagrafaíocht na Gaeilge le tuairim ar chéad go leith bliain anuas. Tharla sé a bhuí le hobair na scoláirí. Tráth a mhair Aodh Rua (an tAodh Rua a mhair ó 1572 go 1602), is é ‘ODOMHNAILL’ a scríobhadh sé. Ba bheag a bhacadh siad an uair sin le sínte fada ná le spásanna. Is beag a bhacadh siad ach oiread le séimhiú ná le hurú. Ba rímhiste leo faoi sin, óir bhí an chruinne Ghaelach eolach agus féinmhuiníneach go leor le gur leor nod don eolach. Agus cheadaigh siad do ríthe eachtracha agus do Phápaí, agus iad ina n-aíonna acu, litriú a n-ainm a chur de réir a gcuid córas féin – ‘ONELLI’ a tugadh ar an Niallach sa Róimh. Ach is gaiste a d’iarrfadh Aodh Rua an chloigeann a stealladh de féin ná a ligfeadh sé do Shasanach an ‘o’ sin a chiorrú dá shloinne agus, lena linn sin, é féin a stealladh óna chraobh ghinealaigh. D’imigh sin agus tháinig seo.

    Tá an scála ann agus an cineál. Cineál: Ó Neachtain (Gaelach) v. Naughton (Briotanach). Scála: O’Naughton go Naughton go Norton (‘Briotanach, ach is féidir dúchas Gaelach an tsloinne a aithint’…agus ‘Briotanach, nach féidir ach ar éigean, agus sin le héiginnteacht, a dhúchas Gaelach a aithint). Níor gabhadh Mac Uí Neachtain i bhfithis na hImpireachta. Gabhadh O’Naughton bocht, nó an duine céanna faoi phraiseach éigin eile de litriú, agus diaidh ar ndiaidh, faoi mhaistarraingt na hImpireachta, tarraingeofar isteach é go dtí go ndéanfar Norton de.

    Cuid é sin den streachailt, den chogadh, den choimheascar idir Gael agus Gall.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ceartúchán ar mo fhreagra ar Shéamas de Barra thuas:
    Cuir:

    “Deir tú nach bhfuil “dualgas ar bith ar aon Éireannach a bheith Gaelach”. Ní aontaím leat. Is é dúirt mé i m’alt “Má tá aon bhundualgas ar an Ghael (de bhreis ar na bundualgais atá ar an Duine) is é seo é – bheith Gaelach”. Ní ar Éireannaigh a bhí mé ag trácht, ach tá Gaeil ann atá ina nÉireannaigh.”

    in ionad:

    “Deir tú nach bhfuil “dualgas ar bith ar aon Éireannach a bheith Gaelach”. Maith go leor. Ní bhfaighidh tú aon rud i m’alt a bhréagnódh thú, arae níor dhúirt mé go bhfuil!”

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfidh mé a rá gur bhain mé an sásamh as freagra fada léannta tuiscionnach Sheámais de Barra a léamh. Ní aontóinn le gach ar dúirt sé ach tá go leor céille ann, ar ábhar macnaimh dom é.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar Dháithí Mac Cárthaigh agus ar Cholmcille Ó Monacháin

    Níl an ceart ag an gCárthach gurb í an Chatalóinis gnáth–theanga na Catalóine. Níl ach 31.5% de líon daoine na Catalóine arb í an Chatalóinis a ngnáth–theanga. Tá labhairt na Catalóinise ag an–chuid Catalónach, más fíor. Maíonn breis is milliún de mhuintir Phoblacht na hÉireann go bhfuil labhairt na Gaeilge acu. An gcreideann an Cárthach gur fíor sin chomh maith? Is é an ceantar is mó a labhraítear an Chatalóinis ann, Franja Oriental [i.e. ‘Teorainn Thoir] na hAragóine, mar ab í an Chatalóinis an ghnáth–theanga ag 70.2% den líon daoine, ach tugaigí faoi deara nach sa Chatalóin atá sé sin! Is í an Spáinnis atá in uachtar i gCathair Bharcelona féin. Is gluaiseacht thar a bheith nua sa Chatalóin í gluaiseacht an Scarúnachais. Is líon an– bheag de na Catalónaigh a bhí ag tacú leis an Scarúnachas i ndeireadh an 19ú céad, abair – cuatro gatos mar a deirtear sa Spáinnis, i.e. ‘ceithre chat’.

    Maidir leis an Monachánach, tá an ceart aigesean, dar ndóigh, gurb é ‘Pearse Doherty’ a shíl mise a scríobh. D’imeodh rith focail ar shagart na paróiste. Dála an scéil, ní hé ‘Séamas’ a thugadh ‘Máire’ air féin ach ‘Séamus’ –– is é sin, nuair nach é James Greene a thugadh sé air féin. Tá an fhiosracht do mo mharúsa: cad é barúil an Mhonachánaigh ar thuairimí na beirte Griannach? Mar a déarfadh Mrs Doyle: ‘ah, go on, go on, go on!’

    I bpáirtíocht Mháirtín Uí Chadhain, is i litir go dtí An tÉireannach a dúirt seisean nár cheart ceist na Gaeilge a ‘fhágáil faoi ghuthanna na ndaoine’, ‘Riaghaltas Fhianna Fáil a’s an Ghaedhealtacht’, An tÉireannach, Eanáir 12, 1935. Is i leabhar R. M. Douglas, Architects of the Resurrection – Ailtirí na hAiséirghe’, atá an t–eolas i dtaobh an Chadhnaigh a mholadh go mbronnfaí armlón an IRA ar Ailtirí na hAiséirghe, aimsir an Dara Cogadh Domhanda. Léigh mé féin, blianta fada ó shin an litir sin i dtaobh ‘ghuthanna na ndaoine’ in An tÉireannach, agus tá tagairt ag Aindrias Ó Cathasaigh di i leabhar leis–sean Ag Samhlú Troda –– Máirtín Ó Cadhain 1905–1970, lch 45, lch 57. Is léir ar na sleachta as litreacha an Chadhnaigh ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda, a thugann an Cathasach, gur ar son na Gearmáine a bhí an Cadhnach, agus ba ea leis formhór na bpríosúnach i gCampa Géibhinn an Churraigh. Dála an scéil, is ceannaire in Arm na hÉireann, is é sin, fíor–Óglaigh na hÉireann, ba ea m’athairse, beannacht Dé lena anam, i rith an Dara Cogadh Domhanda, agus thug sé tamall i Rannóg na Faisnéise den Arm sin ag briseadh chóid na Gearmáine, agus á dtabhairt ar láimh do na Comhghuaillithe. Ní fiontraíocht phríobháideach a bhí ar bun ag Rannóg na Faisnéise sa méid sin, ach iad ag déanamh de réir na n–orduithe a thug a gcuid basanna dóibh. ‘Neodrach ar son na gComhghuaillithe’ a bhí Saorstát Éireann le linn an Dara Cogadh Domhanda. An–chuid de mhuintir an tSaorstáit san am, is ar son na Gearmáine a bhí siad, mar atá curtha in iúl ag Máire Cruise O’Brien in The Same Age as the State, agus ag T.Ryle Dwyer in Behind the Green Curtain –– Ireland’s Phoney Neutrality During World War II. Thug Máirtín Ó Cadhain roinnt blianta ag obair ina Aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin, ag an Oireachtas, an áit deiridh a raibh mé féin ag obair, sula ndeachaigh mé ar luathscor.

    Is é an Monachánach féin a rinne tagairt do Ghaeltacht a chur ar bun. Cuireadh Gaeltacht ar bun ar an taobh thuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath i dtosach bhlianta an tSaorstáit, ach níor mhair sí. Cuireadh Gaeltacht ar bun i gCathair Chorcaí, agus ba inti a tógadh Seán Ó Tuama, a bheadh ina dhiaidh ina Ollamh le Nua–Ghaeilge ar Choláiste Ollscoile Chorcaí. Tá an Ghaeltacht seo leáite leis, go bhfios domsa. Níorbh iad muintir na Gaeltachta a chuir Gaeltacht Ráth Chairn, ná Bhaile Ghib ar bun, ach an Stát, agus é sin le talamh a chur ar fáil do theaghlaigh as an nGaeltacht. Dá réir sin, is deacair gan a bhaint as a ndeir an Monachánach gurb í Gaeltacht Bhóthar Shaw i mBéal Feirste a bhí i gceist aige féin.

    Ní mar a chéile fealsúnacht ar bith pholaitíochta agus an Chríostaíocht. Is idéal a bhíonn i gceist le fealsúnacht pholaitíochta. Ní idéal a bhíonn i gceist leis an gCríostaíocht ach foirfeacht [Matha 5:48]. Mura ndamnaítear go hIfreann sinn tar éis bháis dúinn, ach fós gan sinn a bheith foirfe, caithfimid Purgadóireacht éigin a chur dínn. Formhór an lín a shlánófar, caithfidh siad Purgadóireacht éigin a chur díobh.

    Nílimse ag moladh leis an mbanaltra a raibh leisce uirthi an leagan Gaelach d’ainm agus de shloinne deirféar don Mhonachánach a scríobh síos. Mhair an meon sin fada go leor in Éirinn, agus níl deireadh ar fad fós léi. D’inis an tOllamh Tomás de Bhaldraithe dúinne fadó agus sinn inár mic léinn aige, gur gnáthleagan i seanchanúint Ghaelacht Cho. na Gaillimhe ba ea ‘cuir síos i mBéarla orm é’, agus duine ag súil le creidmheas ó shiopadóir de chuid na háite. Is é sin le rá nár ghlac seanmhuintir na Gaeltachta sin leis gur teanga cheart ba ea an Ghaeilge féin, teanga ab fhéidir a scríobh. Fear an–Ghaelach ba ea Niall Ó Dónaill foclóirí, fear a rinne an–obair ar son na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta. Mar sin féin, agus eisean do mo chursa in aithne don phéintéir a tharraing pictiúr de Niall, arsa Niall leis an bpéintéir: ‘this is Séamas Barry.’ Níl aon locht agamsa ar an sloinne Barry a thabhairt orm féin, mar gurb in é atá ar mo theastas baiste, agus ar mo theastas beireatais–se, ach is é ‘Séamas de Barra’ a thug mise orm féin, agus mé ag dul ag obair sa Ghúm, ach ní fheadar an bhfaca Niall ceachtar den dá theastas sin riamh. Chuir sé straidhn ar m’athair bocht mise a bheith ag tabhairt ‘Séamas de Barra’ orm féin, ainneoin ‘Tomás de Barra’ a bheith ar na seiceanna a chuirtí tríd an bpost chuige féin. Is iomaí duine ar an saol, agus iad go léir ann!

    Ní fealsúnacht pholaitíochta ba ea labhairt na Gaeilge ag formhór mhuintir na Gaeltachta riamh. Ba í an Ghaeilge a dteanga dhúchais-sean, sa saol atá caite, ach go háirithe, ach b’fhearr le cuid acu gurbh é an Béarla an teanga dhúchais acu. Mar a bhéic fear Gaeltachta i gConamara ar Phádraic Mac Piarais, agus an Piarsach ag moladh do chruinniú de mhuintir na Gaeltachta cloí leis an nGaeilge: ‘is beag an mhaith í nuair a ghabhfas tú thar an Teach Dóite.’ Ní raibh leisce ar bith ar sheanfhonnadóirí na Gaeltachta amhrán Béarla a rá, leithéid The Rocks of Bawn, ‘the mother of all Sean–Nós songs’ mar a thug Joe Éiniú air, de réir Liam Lilis Uí Laoire. Bailéad Béarla ba ea é sin go bunúsach, amhrán liostála in Arm Shasana. Bhí leagan de ag máthair m’atharsa, trócaire sa chré orthu go léir, ach más ea, ba é leagan Joe Corcoran a bhí aicise air. Bhí Ned of the Hill chomh maith aici. Amhrán ‘Briotanach’ eile, dar leis an Monachánach, is dócha, ach gur aistriúchán ar ‘Éamann an Chnoic’ atá ann, nó leagan atá bunaithe ar scéal Éamann an Chnoic. Go deimhin, d’inis m’athair domsa go raibh amhráin mhóra na Gaeilge ar fad ag a mháthairsean, ach gur as Béarla a bhí siad aici. Chuala mé féin cuntas ar oíche Shean–Nóis dá raibh blianta ó shin i dteach tábhairne mór le rá i mBaile Átha Cliath. Thosaigh duine de na fonnadóirí ar amhrán Béarla a rá, agus chaill bean óg amháin an blac ar fad mar gheall air. Is deacair domsa a chreidiúint go dtarlódh a leithéid i nGaeltacht ar bith. Cuid de na Gaeilgeoirí, is ‘Gaelaí’ go mór iad ná muintir na Gaeltachta.

    Ceann de na chéad leaganacha a bhí ag na Sasanaigh ar ainm agus ar shloinne Fhlaithrí Uí Mhaoil Chonaire, ba é Flarie O Mulconry é, leagan nach bhfuil ann ach traslitriú Béarla ar an ainm Gaeilge. Ba ghnách le staraithe na hÉireann ‘Florence Conry’ a thabhairt ar an bhfear céanna go dtí gur foilsíodh beathaisnéis ar an Maoil–Chonaireach Faith and Patronage, le Benjamin J. Hazard. Ó Cho. Thiobraid Árann é Ben, agus is Sasanach ba ea athair Bhen. Ní bhuailfeá le tuairim cad é an leagan dá ainm féin a chuireadh an Maoil–Chonaireach le litreacha Spáinnise i gcaitheamh na mblianta a thug sé siúd i dtailte na Spáinne. Florencio Conr[r]ío. Cuma ‘Briotanach’ go maith atá air sin, nach ea? Ní hamhlaidh nár tháinig na leaganacha Gaeilge de na sloinnte slán sa Spáinn féin. Cuir i gcás, an stiúrthóir ceolfhoirme as Valencia, Manuel Galduf, níl in ‘Galduf’ ach litriú Spáinnise ar ‘Galldubh’, cé go mbíodh an leagan de Estapletonio in úsáid chomh maith, agus Stapletonio go deimhin. Ainneoin cuma ‘Bhriotanach’ a bheith ar shloinne Spáinnise Uí Mhaoil Chonaire, is údar Gaeilge ba ea é, agus rinne Éamonn Mhac an Fhailigh amach gur ard–Ghaeilge ar fad a bhí ag an Maoil–Chonaireach, agus é áirithe lena linn féin ar na húdair ba mhó san Eoraip ar shaothar San Agaistín. Agus rinne an Dr Tomás Ó Fiaich amach nach miste a mhaíomh go raibh baint lárnach ag an Maoil–Chonaireach le tabhairt chun cinn an Scarúnachais Phoblachtaigh in Éirinn. Gach uile cheann riamh de na sloinnte ‘Briotanacha’ a luann an Monachánach, beir leat go bhfuil siad i saothar le Patrick Hanks, The Oxford Dictionary of Surnames, ach go ndeir Hanks, Sasanach, gur sloinnte Éireannacha iad. Maidir leis an sloinne Norton de, nach léir ar an bpointe gur bunaithe ar fhoghraíocht Ghaoth Dobhair atá sé sin, tharla go ndéanann Muintir Ghaoth Dobhair –r– de –ch– ina leithéid sin de chomhthéacs? Scoláire béaloidis ba ea Seosamh Ó Dálaigh ó Dhún Chaoin. Nuair a d’fhiafraíodh daoine de Sheosamh cad ab ainm dó féin, is é rud a deireadh sé: ‘Joe Daly as Gaelainn, ach ‘Seosamh Ó Dálaigh’ as Béarla. Bíonn Seosamh Ó Cuaig ag déanamh amach gur sloinne Sasanach is ea ‘Ó Cuaig’ go bunúsach, i.e. Cooke. Chuala mé féin Joe Cooke á thabhairt ag cuid de mhuintir na Gaillimhe ar an gCuagach. B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Seosamh. Tá an–dealramh ar fad ag Seosamh le Jacob Rees–Mogg, ach más ea, ní i gcúrsaí polaitíochta é! Bhí Cairdinéal ar Nua–Eabhrac arb é Terence Cooke a bhí air, gaol sínte do Sheosamh, ní foláir liom, ainneoin Seosamh a bheith ina aindiachaí, agus é ar a dhícheall le fada easpag a dhéanamh díomsa.
    Má tá an Ghaeilge le teacht slán, is é polasaí an Dr Brian Ó Curnáin an ceann is mó a mbeidh rath air, i mo thuairimse, is é sin, seans ceart a thabhairt d’óige na Gaeltachta an Ghaeilge a shealbhú ina slánchruinne. Tá Seosamh Ó Cuaig ag déanamh a dhíchill ar a shaibhreas féin Gaeilge a roinnt le léitheoirí tuairisc.ie. Imeoidh leá chúr na habhann ar na Gaeltachtaí ‘popála aníos’. Soir gach siar faoi dheireadh thiar.
    Ná bac san, tiocfaimid as. Caithfear teacht as!

  • Colmcille Ó Monacháin

    Freagra ar Shéamas de Barra.

    A Shéamais, a chara,

    Go raibh maith agat do fhreagra ar mo fhreagra ar do fhreagra ar m’alt!

    Maidir le gnó sin Pearse Donnelly v Pearse Doherty: is duine thú a chuireann roimhe bheith pointeáilte ina chuid scríbhneoireachta, agus ní raibh mé cinnte nárbh é Stephen Donnelly a bhí i gceist agat. Sin a raibh ann.

    Agus tá an ceart agat, agus is maith atá a fhios agam, gur ‘Séamus’ a bhí ar an fhear sin de chlann Mhic Grianna; bíonn an sciorradh ann! Ar fhaitíos mo cheartaithe is cóir dom a rá fosta gur ‘Ó Grianna’ a thugadh Séamus air féin. “Ah, go on, go on, go on!” a deir tú – ‘Fóill, fóill, fóill, a Shéamais!’ a deirim féin, sa teanga is ansa liom. Tchím comhairle mhaith S. Mhic Mhuirí thuas, agus seachnóidh mé na seanbhóithre caocha.

    Tchím na tagairtí agat do ‘Ghaeltachtaí’ Bhóthar an tSeoighigh (maitear dom an Gaelú sin ar ainm Shaw!), Ráth Cairn agus Bhaile Ghib etc. ; cé go raibh amhras orm roimhe, ar léamh do chéad fhreagra dom, is cinnte liom anois nár thug tú leat éirim m’ailt. Thug daoine eile, agus tabharfaidh tuilleadh, agus is leor sin.

    Is breá suimiúil an tsraith scéalta agus cuimhní agus tagairtí a chuireann tú inár láthair. Leithéid an chinn seo: “D’inis an tOllamh Tomás de Bhaldraithe dúinne fadó agus sinn inár mic léinn aige, gur gnáthleagan i seanchanúint Ghaelacht Cho. na Gaillimhe ba ea ‘cuir síos i mBéarla orm é’, agus duine ag súil le creidmheas ó shiopadóir de chuid na háite. Is é sin le rá nár ghlac seanmhuintir na Gaeltachta sin leis gur teanga cheart ba ea an Ghaeilge féin, teanga ab fhéidir a scríobh.” Níl a fhios agam an tú féin nó an tOllamh de Bhaldraithe a bhain an tátal sin as. Dar liom féin go bhféadfaí malairt tátail a bhaint as an scéilín sin.

    Is ag amharc siar atá tú den chuid is mó, feictear dom, agus ag baint do chuid tátal féin as do thaithí agus as do chuid eolais féin. Ní do do lochtú atá mé, nuair a deirim sin. Níl a fhios agam an gcreidfeá seo, ach tá eolas measartha maith agam féin ar an dóigh a raibh agus a bhfuil rudaí sa Ghaeltacht agus in Éirinn, i dtaca le teanga agus i dtaca le meon na ndaoine i leith na teanga agus an dá theanga. Más fíor féin an scéal faoin rud a scairt an fear úd as Conamara leis an Phiarsach (agus gheobhaidh tú scéalta mar é i ngach ceantar ina raibh an Ghaeilge faoi chúinge agus faoi léigear), ní bheadh ach meas amadáin ar an té a déarfadh inniu é. D’fhéadfainn féin pictiúr eile ar fad a chur taobh leis an phictiúr a chuir tú féin inár láthair; d’fhéadfainn bheith ag seanchas faoi dhaoine agus faoi eachtraí a léiríonn go raibh daoine in Éirinn riamh, agus sna ceantair Ghaeltachta, a raibh agus a bhfuil dearcadh folláin dearfach acu faoi thábhacht, faoi luach, faoi chumas, faoi fhiúntas, faoi thodhchaí na Gaeilge, agus faoin Ghaelachas. Ach ní ag seanchas is áil liom bheith – is é dála phobal na Gaeilge mar atá inniu is cás liom, sin agus an bealach atá romhainn. Is cinnte liom nach mairfidh pobal na Gaeilge in áit ar bith, ná na pobail Ghaeilge sna Gaeltachtaí Oifigiúla, mura gcaitear ar an charn dramhaíola (i gcuideachta an ollsmachtachais, mar a mhol tú féin!) an meon a dtugann tú léiriú air i roinnt de do chuid scéalta. Agus creidim go bhfuil meon na nGael ag athrú agus ag dul i bhfolláine.

    Is léir dom gur mór idir mo dhearcadhsa agus do dhearcadh féin, faoi nithe bunúsacha, agus tá sin maith go leor. Tá rudaí ráite agat a thugann orm a thuiscint gurb é an rud ab fhearr dom a dhéanamh anois tú a fhágáil i muinín do bharúla féin. I do chéad fhreagra ar m’alt, chuir tú “páistiúlacht” i leith Karl Marx agus “simplíocht” i leith Noam Chomksy – cad é ab fhiú dom féin nó do mo mhacasamhail bheith ag sáraíocht ort.

    Ní luafaidh mé ach cupla rud:

    “Nílimse ag moladh leis an mbanaltra a raibh leisce uirthi an leagan Gaelach d’ainm agus de shloinne deirféar don Mhonachánach a scríobh síos.” a deir tú. (Cibé faoi mholadh, ní cháinim féin í, agus féach nár cháin.) Tá láncheart agat ar do rogha tuairim a bheith agat faoi ainmneacha agus leaganacha agus faoina mbailíocht, faoin nGaelachas, faoina nÉireannachas etc. Ach b’fhéidir go ligfeá an méid seo le d’ais, a Shéamais: ní “leagan Gaelach d’ainm agus de shloinne [mo dheirféar]” a bhí mo mháthair ag iarraidh a thabhairt ar mo dheirfiúr ach a haonainm ceart dílis féin (agus ní leagan, Gaelach ná eile, d’aon ainm). Ba dheas liom a shílstin, nó tá roinnt aithne agam ort, go mbeadh sé de ghrástúlacht ionat an méid sin a ghéilleadh?

    “Cuid de na Gaeilgeoirí, is ‘Gaelaí’ go mór iad ná muintir na Gaeltachta”, a deir tú – le tarcaisne. Léiríonn sin – idir théarmaíocht agus tharcaisne – léiríonn sé dom gur creat tagartha nach ionann agus an ceann atá agamsa atá agat do do chuid smaointeoireachta. Agus i dtaca leis an scéilín áirithe sin agat, agus cuid eile acu, cuireann siad ráiteas eile i mo cheann – “Bhí muid leamh, agus chaith an t-iasacht muid”.

    Is suimiúil an chomhairle atá agat faoin pholasaí lena gcuirfear an Ghaeilge ar bhealach a slánaithe –“seans ceart a thabhairt d’óige na Gaeltachta an Ghaeilge a shealbhú ina slánchruinne.” D’ainneoin an méid atá scríofa agat ó thosaigh an plé seo, téann díom a dhéanamh amach cé acu a aontaíonn nó nach n-aontaíonn tú leis an tuairim gur chóir “Gaeltacht a chur ar bun/a chruthú/a thógáil”. Más rud é nach n-aontaíonn, an bhfuil plean eile agat chun “seans ceart a thabhairt d’óige na Gaeltachta an Ghaeilge a shealbhú ina slánchruinne”? Má tá, cén plean é? Agus más rud é go n-aontaíonn, an bhfuil aon mholtaí agat faoin dóigh a dtabharfar faoina cur ar bun/faoina cruthú/faoina tógáil, ionas go mbeidh an “tslánchruinne” úd ar fáil?

  • Séamas de Barra

    Freagra eile fós ag Séamas de Barra ar Cholmcille Ó Monacháin:

    Is cuimhin liomsa comhrá a bheith agam le Pádraig Ua Maoileoin i bhFómhar na blianta 2002, cúpla mí sula bhfuair Pádraig bás, beannacht Dé lena anam. Tigh Chatháin ar an mBuailtín a bhí an comhrá againn. Ba é tuairim Phádraig an uair sin go raibh deireadh leis an nGaeilge i bParóiste Dhún Chaoin, agus i bParóiste Dhún Urlann [i bParóiste Bhaile an Fheirtéaraigh], ach nach bhfaigheadh an Ghaeilge féin bás ar fad, mar go mbeadh daoine i gcónaí ann a chuirfeadh spéis inti. Craoladh clár sa tsraith Bailte, le Síle Nic Conaonaigh, ar TG4, cúpla oíche ó shin, clár i dtaobh Cheathrú an Fheirtéaraigh i nDún Chaoin. Bhí Pádraig Ó Sé craoltóir, ar dhuine de na daoine ar chuir Síle agallamh air. D’inis Pádraig do Shíle gur 40 leanbh atá ar Scoil Ghobnait i nDún Chaoin i láthair na huaire. Beannacht Dé le hanam Áine, bean ar uchtaigh Muintir Shé na Ceathrún chomh maith í timpeall an ama ar uchtaigh siad Pádraig. D’inis Áine domsa blianta ó shin go raibh borradh mór faoin nGaeilge i bParóiste Dhún Chaoin, agus go raibh Gaeilge ag teacht ar an scoil dóibh ag cuid mhaith de leanaí Scoil Ghobnait, an uair sin féin. Sa tslí duit, nach rás go deo é, sa Ghaeltacht féin.

    Tá na Gaeltachtaí traidisiúnta ann i gcónaí, agus is féidir tógáil orthu sin, ach a bheith ciallmhar. Tá tréan–iarrachtaí in áiteanna ar Ghaeilge na leanaí a shaibhriú. Bhí seanaithne agamsa ar Thomás Ó Mainín, ó Thíorabháin, a cailleadh níos túisce i mbliana, trócaire sa chré air. Tá taifeadtaí go leor de Thomás agus é ag insint scéalta, scéalta ar inis máthair chríonna le Tomás dó féin iad. Is scéalta beaga neafaiseacha is ea iad, scéala a d’insíodh Tomás dá chlann féin agus iad beag. Dá gcuirfí na taifeadtaí sin ar fáil do scoileanna an cheantair, bheadh saibhreas Gaeilge ag na leanaí. Tá ard–eolas ar Sheosamh Ó Cuaig timpeall na n–éan, na bhfásanna, agus an dúlra trí chéile. D’fhéadfaí taifeadtaí a dhéanamh de chainteanna le Seosamh ar na hábhair sin, agus chuirfidís sin go mór le saibhreas leanaí scoile Ghaeltacht Cho. na Gaillimhe. Táim cinnte go bhfuil cainteoirí i nGaeltacht Thír Chonaill a bhfuil togha na Gaeilge chomh maith acu, agus gurbh fhiú taifeadtaí a dhéanamh de chainteanna leo seo chomh maith.

    I dtaobh na Galltachta, tá gréasáin Ghaeilge i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, agus i gcathracha, agus i mbailte eile. Tá sé le tabhairt faoi deara ar na teaghlaigh a n–éiríonn leo an Ghaeilge a thabhairt dá gclann, agus do chlann a gclainne i mBaile Átha Cliath, gur teaghlaigh cheoil is ea a lán acu, agus go mbíonn siad ag múineadh na sean–amhrán dá gclann, agus do chlann a gclainne, go deimhin, ó bhíonn an chlann sin ina leanaí beaga. Comhairle dár chuir an tOllamh Tomás de Bhaldraithe orainne agus sinn inár mic léinn ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath: ‘dá mbeadh na hamhráin agaibh, bheadh Gaeilge agaibh.’ Ba cheart foghraíocht na Gaeilge a mhúineadh go maith do leanaí na nGaelscoileanna.

    Bíonn Aifreann Gaeilge i bparóistí áirithe anseo i mBaile Átha Cliath, agus chloisfeá cuid mhaith Gaeilge ag daoine tar éis dóibh teacht amach as an séipéal tar éis an Aifrinn.

    Tá clubanna go leor ag Gaeilgeoirí anseo i mBaile Átha Cliath, leithéidí na gCnocadóirí agus na bhFánaithe. Thóg mé féin ceann dó, agus mé ag plé leis na soiteanna blianta ó shin, go raibh labhairt na Gaeilge ag ladhar mhaith daoine ar an rang. Bíonn féile Shean–Nóis gach uile bhliain san Aibreán i mBaile Átha Cliath, Féile Shean–Nóis Cois Life. Ar líne a bheidh sí sin i mbliana, Aibreán 16, 17.

    Tugann na díospóireachtaí ag Gael Linn deis do dhéagóirí tosú ar smacht an duine fhásta a fháil ar an teanga Ghaeilge.

    Rinneadh staidéar ar scéal na Gaeilge, na deicheanna de bhlianta ó shin, staidéar dar teideal CLAR. Cuireadh in iúl sa staidéar sin go gcaithfeadh idir seisear agus ochtar leanaí a bheith ag teaghlach Gaelach chun seans a thabhairt dá gclann céilí Gaelacha a fháil nuair a bheadh an chlann chun pósta. Cá bhfios ná go dtiocfadh athrú aigne ar dhaoine i dtaobh na clannmhaireachta?

    Cuid de na cláir a bhíonn ar TG4, is cláir an–mhaith iad, cuir i gcás na cláir staire, agus na cláir cheoil Ghaelaigh. Is léiriú is ea na cláir sin go dtuigeann lucht ceannasaíochta TG4 go bhfuil gá ag pobal na Gaeilge le cothú cultúrtha.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Go raibh maith ag gach duine a thug a thuairim faoin alt. Déarfar agus déanfar tuilleadh faoi seo.

  • Seán

    Caithfimid nóisín an ghalltacht a dhíbirt. Is gaeltacht í an tír agus má bhraithfaimid ar an ngaeltacht mar atá, mar slánaitheoir agus tobar na teanga ní bheidh todhchaí dearfach agan ngaeilge. Braitheann dóchas ar thoin na ndaoine ach má mhothaíonn gur le daoine ar leith í an ghaeilge ní bheidh gaeilge riamh mar theanga na ndaoine. Cothaigh an teanga ar fud na tíre agus ná bi buartha faoi saibhreas na teanga. Caithfidh an ghaeilge bheith feiceálach agus gan bheith mar chaitheamh aimsire do dhream dilís ag feidhmiú ar son na cúise

  • Colmcille Ó Monacháin

    Go raibh maith, a Sheáin. Tá ábhar machnaimh sa méid a deir tú; aontaím go láidir leis an tríú habairt sin agat.

  • Peadar

    Deir Séamas de Barra, ‘Tá sé le tabhairt faoi deara ar na teaghlaigh a n–éiríonn leo an Ghaeilge a thabhairt dá gclann, agus do chlann a gclainne i mBaile Átha Cliath, gur teaghlaigh cheoil is ea a lán acu, agus go mbíonn siad ag múineadh na sean–amhrán dá gclann, agus do chlann a gclainne, go deimhin, ó bhíonn an chlann sin ina leanaí beaga. Comhairle dár chuir an tOllamh Tomás de Bhaldraithe orainne agus sinn inár mic léinn ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath: ‘dá mbeadh na hamhráin agaibh, bheadh Gaeilge agaibh.’
    Is cinnte go gcuidíonn amhráin le saibhriú teanga ach ní mhairfidh an teanga ar amhráin agus ní ar amhráin a tóigeadh na teaghlaigh sin i mBÁC ná in aon áit eile. Bhí neart amhránaithe breátha sa nGaeltacht agus sa nGalltacht ach níor chiallaigh sin go mbeadh amhrán ag a gclann ná go dtabharfaidís an teanga go paiteanta leo. Cá gcloisfidh an dream óg Gaeilge mhaith, gan trácht ar Ghaeilge chraicneach i saol an lae inniu? Tá corrchlár fós ar RnaG a gcloistear saibhreas teanga orthu ach cé mhéad den dream óg nó bunaosta a bhfuil suim acu ina leithéid?

  • PMP

    Gaeltachtaithe .i. gael atá tachtaithe – tachtaithe ag an bhfocal agus tachtaithe ag an mBéarla!

  • Éabha

    Caithfidh mé a admháil nár léigh mé na haistí a bhí mar fhreagraí agaibh beirt ar a chéile ach tagaim leis an méid a luaigh Séamus de Barra ag an tús. Is é an siónachas a tháinig chun cinn láithreach nuair a léigh mé d’alt a Cholmcille. B’fhéidir go bhfuil an iomarca staire léite agam. Cloífidh mé féin leis an Araibis go fóilleach. Dála an scéil, tá nath cainte álainn in Araibis na Liobáine/na Siria/na Pailistíne nuair a shiúlann tú isteach i siopa (nó láthair oibre ar bith) Beannaíonn tú le : يَعْطِيكْ العَافِيَة (traslitriú: yatíc al afié) : Bail ó Dhia ar an obair!
    Maith sibh, leanaigí ar aghaidh!

  • Éabha

    A chairde,
    Bhfuil mé ró-mhall ag teacht chuig an gcóisir? Is anois a roinn duine alt Cholmcille liom ach bhain mé an-spraoi as an díospóireacht.
    Cúpla rud a ritheann liom: Ar aon dul le Séamus thuas, is é an siónachas a tháinig chun cinn nuair a léigh mé d’alt. Is deas an rud an útóipeachas ach is iomaí sampla atá againn den útóipeachas ag dul ar strae – an Stát siónach, Baile Jones srl.
    Is léir go bhfeiceann Séamus de Barra tréithe an fhaisisteachais/ ollsmachtachais sa mhéid a scríobh Colmcille agus deirimse: ná bac leis! (Socrates: ..’ach… Saol gan féinscrúdú = Saol amú!’ mise: ‘fuist a bhuachaill’)
    Ar aon chuma, go n-éirí go geal le do réabhlóid / d’athbheochan / do ré úr sa dufair, a Cholmcille, a ardcheannasaí gan smál. Faraor, beidh ormsa an ‘cúl éid’ a dhiúltú.
    Ó.. maidir le Pearse Doherty / Stephen Donnelly, bheadh déistin ar Phearse bocht (Is é Pearse an fear éirimiúil/ dathúil/ as Tír Chonaill)
    Ó.. agus… Ní saoirse go saoirse na Pailistíne!

  • Éabha

    Úps. Athrá.. shíl mé nár glacadh leis an gcéad fhreagra uaim. Ach cén dochar? Más fiú rud a rá is fiú é a rá faoi dhó

  • Colmcille Ó Monacháin

    Anois a léigh mé do chuid nótaí, a ‘Éabha’. Luann tú faisisteachas, síónachas agus útóipeachas, ach ní mhíníonn tú cad é a bhí i m’alt ná i mo chuid nótaí a thug na rudaí sin i do cheann. Measaim gur chóir duit an méid sin a mhíniú. “Más fiú rud a rá, is fiú é a rá faoi dhó” a deir tú – más fiú rud a rá is fiú d’ainm a chur leis! Is beag is fiú an naoscaireacht ó chúl claí. Má chreideann tú go hionraic sa rud a deir tú, cuirfidh tú d’ainm leis.

  • Olga nó Dimitri nó Éabha

    A chara,
    Féach gur scaoil tú le ‘Peadar’, ‘cuairteoir’ agus ‘PMP’ gan pas nó pas covid a lorg.
    ‘Cé tú féin? Cé do mhuintir?’
    ‘Ar léigh tú m’aiste GO CÚRAMACH?’
    ‘Abair liom GO DÍREACH cén chuid nach raibh 100% ceart. (Agus bíodh na fonótaí i gceart agat)’
    Cén ghealt a chuirfeadh tréithe an fhaisisteachais i do leith?
    (Ag spraoi atáim. Póigín)

  • Colmcille Ó Monacháin

    Spraoi atá uait, is léir! Níl an t-am agam le bheith ag spraoi leat,
    a ‘Olga/Dimitri/Éabha’, a thaisce – go n-éirí leat!

  • Éabha, mar dhea

    Is léir go bhfuil an t-am agat!
    Grá mór
    Xxx

  • Máire Úna Ní Bgeaglaoich

    Alt-ana-shuimiúil…thugas fè ndeara fadó nár spáin ach duine amháin des na Soisialaigh suim ná spéis sa teanga.. Joe Higgins.Agus is é Trevor Sargent an chéad pholaiteoir a chuala ag caint Ghaelainne sa Dáil agus tá súil agam ná fuil dearmhad déanta air sin.Michael Begley an Daingin,FG..bhain sé feidhm as an nGaelainn .