Má tá dóthain Gaeilge agat alt a léamh ar Tuairisc, tá tú sean go leor d’fhíricí na beatha

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá an Ghaeilge inchurtha le teanga ar bith eile nuair a bhíonn plé ar an gcolainn agus ar an gcollaíocht i gceist

Má tá dóthain Gaeilge agat alt a léamh ar Tuairisc, tá tú sean go leor d’fhíricí na beatha

An lá faoi dheireadh, ní den chéad uair, bhí alt agam ar na leathanaigh seo ina raibh cúrsaí collaíochta lárnach agus ní den chéad uair, rith sé liom go mb’fhéidir gur chóir dom ceist a chur ar an eagarthóir roimh ré an raibh sé sin ceart go leor. 

Níl sé ráite in aon áit gur ‘suíomh nuachta teaghlaigh’ atá in Tuairisc. Go deimhin deirtear sa mhír ‘Eolas fúinn’ gur suíomh dírithe ar ‘phobal uile na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear’ atá ann. Ach ar ndóigh, tá páistí agus déagóirí óga san áireamh i ‘bpobal uile na Gaeilge’. 

Ar cheart dom an chollaíocht a sheachaint scun scan mar ábhar? a d’fhiafraigh mé díom féin. 

Nó ar chóir dom cinsireacht a dhéanamh orm féin agus cúrsaí gnéis á bplé agam – na focail is gáirsiúla a bhaint amach, gan a bheith chomh físiúil sin sa chur síos? 

Arbh fhearr aiste a scríobh do Comhar, b’fhéidir? Alt do Nós? Gearrscéal a bhunú ar a bhfuil le rá agam? Ach an léifeadh an líon céanna léitheoirí é?  

Bhí comhrá fada agam liom féin – an comhrá fada céanna a bhíonn agam liom féin chuile uair a ritheann an cheist seo liom. Agus arís eile, níor chaith mé nóta ríomhphoist sciobtha chuig eagarthóir Tuairisc chun a thuairim siúd a lorg. 

Bhí freagra na ceiste ar eolas agam cheana féin. 

Má tá tú in ann alt a léamh i nGaeilge ag an leibhéal a chleachtaítear ar Tuairisc, tá tú sean do dhóthain d’fhíricí na beatha, don chearc agus don choileach, agus do phlé níos doimhne faoi na cúrsaí sin. 

Faraor géar, ar an mórgóir, ní hionann cumas léitheoireachta páistí agus déagóirí i nGaeilge agus cumas léitheoireachta na bpáistí agus na ndéagóirí céanna sin i mBéarla, fiú más cainteoirí dúchais iad.  

Tamall maith de bhlianta ó shin, d’aistrigh mé dhá leabhar do dhéagóirí ón Ísiltíris go Gaeilge. Dírithe ar léitheoirí 13-14 bliain d’aois a bhí na leabhair sin sa bhunteanga. Baineadh siar asam go mór nuair a fuair mé amach tar éis a bhfoilsithe go raibh ceann acu á léamh ag na daltaí i mbliain dheireanach na meánscoile ar an Spidéal, i gcroílár na Gaeltachta, agus gur cheap an dalta áirithe a d’inis an scéal sin dom go raibh an Ghaeilge sa leabhar sin ‘sách casta’. 

Ar ndóigh, bíonn eisceachtaí ar chuile riail, agus ní chuirfinn as an áireamh é go dtiocfadh corrléitheoir an-óg ar eolas in alt de mo chuidse nó ó pheann duine éigin eile ar Tuairisc a bhainfeadh lasadh as a ngrua. 

An miste? 

Go dtí an lá atá inniu ann, is cuimhin liom go díreach cá raibh mé (i mo luí ar an tolg sa seomra suite sa teach inar fhás mé aníos) nuair a fuair mé amach, ó alt in iris chúrsaí reatha a cheannaíodh mo mhuintir, gur ‘réimsí earóigineacha tánaisteacha’ (an bhfuil sibh liom, a léitheoirí na Gaeilge?) iad na hascaillí. Ní hamháin sin ach gurb éard a theastaíonn ón gcolainn a chur in iúl nuair a chuireann duine a lámha taobh thiar dá cheann, fiú má bhíonn geansaí á chaitheamh ag an duine sin, ná: féach, tá fionnadh ascaille agam, tá mé sách sean le go bhféadfaidh tú gnéas a bheith agat liom. 

Ní raibh ach abairt nó trí sa sliocht sin san iris chúrsaí reatha ach b’oscailt súl mhór mhillteach dom iad. Ní hamháin nárbh iad na baill ghiniúna amháin tús agus deireadh scéal na collaíochta, ba léir, ach ba chosúil go raibh a leithéid de rud ann agus comharthaíocht na colainne, gothaí a thugann le fios, i ngan fhios duit féin nach mór, go bhfuil dúil agat i nduine. 

Baol ar bith go gcloisfinn faoi na cúrsaí sin ó bhéal mo thuismitheoirí, agus b’ar an tábhacht a bhain le gnéas sábháilte agus le breithrialú, seachas ar an bpléisiúr a bhí le baint as an gcollaíocht, a dhírigh an t-oideachas gnéis ar scoil. 

Ar ndóigh ní raibh an t-idirlíon ná na meáin shóisialta ann an t-am sin (deireadh na 1980idí) ach ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil corrdhuine óg fágtha fós a léann nuachtán nó iris chúrsaí reatha ó am go chéile – fiú más ar ghuthán póca féin é. Agus má thagann siad ar bhlúirí eolais ar an gcaoi sin a chuirfidh lena gcur amach ar an saol? Fair play dóibh! Agus más trí mheán na Gaeilge a thiocfaidh siad ar eolas faoi chúrsaí collaíochta is amhlaidh is fearr é, mar cuirfidh sé ar a súile dóibh go bhfuil an Ghaeilge inchurtha le teanga ar bith eile nuair a bhíonn plé ar an gcolainn agus ar an gcollaíocht i gceist. 

Fág freagra ar 'Má tá dóthain Gaeilge agat alt a léamh ar Tuairisc, tá tú sean go leor d’fhíricí na beatha'

  • WTF

    Sea, ach ar baineadh na roic d’Aintín Fatima fós?